Joan London (údar Astrálach)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJoan London

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith24 Iúil 1948
75 bliana d'aois
Perth, Western Australia Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil na hAstráile Thiar Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmúrscéalaí Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Saothar
Saothar suntasach
Gradam a fuarthas

Údar Astrálach is ea Joan Elizabeth London. Rugadh í ar an 24 Iúil 1948 i bPerth san Astráil Thiar. Tá gearrscéalta, úrscéalta agus scripteanna scannáin scríofa aici.

Bhain sí céim amach in Ollscoil na hAstráile Thiar, áit ar ndearna sí staidéar ar Fhraincis agus ar Bhéarla. Díoltóir leabhar í agus mhúineadh sí Béarla mar theanga iasachta.[1] Tá sí ina cónaí in Fremantle.[2]

Tá dhá bhailiúchán de ghearrscéalta curtha amach aici, Sister Ships agus Letter to Constantine. Ghnóthaigh an chéad cheann The Age Book of the Year (1986), agus ghnóthaigh an dara ceann an Steele Rudd Award agus an West Australian Premier's Award for Fiction (1994 araon), sular nascadh le chéile faoin teideal The New Dark Age iad.

D'fhoilsigh sí dhá úrscéal, Gilgamesh and The Good Parents. Moltar a prós as a chaolchúis agus a ghreantacht, agus dúradh faoi The Good Parents gurbh úrscéal álainn smaointe agus mothúchán é. Taispeántar sruthanna gan srian sa saol agus na gluaiseachtaí móra intleachtúla a théann i bhfeidhm ar shaol an duine. Tá críonnacht ann, ach aithnítear go bhfuil diamhair na cluana gan fuascailt fós.[3]

Duaiseanna agus ainmniúcháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • 2009: New South Wales Premier's Literary Awards: Christina Stead Prize for Fiction - The Good Parents.
  • 2003: Tasmania Pacific Rim Region Prize: Gilgamesh ar an ngearrliosta.
  • 2002: The Age Book of the Year Fiction Award do Gilgamesh
  • 2002: Miles Franklin Award: Gilgamesh ar an ngearrliosta.
  • 2002: New South Wales Premier's Literary Awards: Gilgamesh ar an ngearrliosta.
  • 1994: Steele Rudd Award: Letter to Constantine.
  • 1994: Western Australian Premier's Book Awards: Letter to Constantine.
  • 1986: The Age Book of the Year Book of the Year and Fiction Award: Sister Ships.
  • 1986: Western Australia Week Literary Award: Sister Ships.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Wilde, Hooton agus Andrews (1994), lch 475-6
  2. http://www.swf.org.au/component/option,com_events/task,view_detail/agid,174/year,2008/month,05/day,23/Itemid,182/ Curtha i gcartlann 2008-07-31 ar an Wayback Machine The Sydney Writers' Festival 2008
  3. http://www.nytimes.com/2009/02/22/books/review/Robinson-t.html?pagewanted=all 'Kept Women,' Roxana Robinson, Sunday Book Review, New York Times, 19 Feabhra 2009

Naisc Sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Wilde, W., Hooton, J. & Andrews, B (1994). The Oxford Companion of Australian Literature 2nd ed. South Melbourne, Oxford University Press