Jump to content

Joan Bennett Kennedy

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJoan Bennett Kennedy

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Virginia Joan Bennett Cuir in eagar ar Wikidata
2 Meán Fómhair 1936
Nua-Eabhrac, SAM Cuir in eagar ar Wikidata
Bás8 Deireadh Fómhair 2025
89 bliana d'aois
Bostún, Massachusetts Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn Eaglais Chaitliceach Rómhánach
Scoil a d'fhreastail sé/síManhattanville University (en) Aistrigh - Baitsiléir Ealaíon
Ollscoil Lesley - Máistir Ealaíon Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpéiceallán, scríbhneoir, pianódóir, mainicín Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaan Páirtí Daonlathach Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
UirlisPianó
Teaghlach
CéileTed Kennedy (1958–1982), colscaradh Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteKara Kennedy, Edward M. Kennedy Jr., Patrick J. Kennedy Cuir in eagar ar Wikidata
AthairHarry Wiggin Bennett (en) Aistrigh  agus Virginia Joan Stead (en) Aistrigh

Cuir in eagar ar Wikidata

Bhí Virginia Joan Bennett Kennedy, mainicín agus pianódóir as Massachusetts (1936-2025) ina céad bhean chéile (1958–1982) ag an Seanadóir Ted Kennedy.

timpeall 1960-1968
1968
1974
1980

Mainicín a bhí intí nuair a thug Ted Kennedy suntas di ar thuras go Nua-Eabhrac i 1957. Ach chomh maith leis an dathúlacht, ba cheoltóir cumasach clasaiceach a bhí inti ar an bpianó. Scríobh sí leabhar faoin gceol clasaiceach.[1] Bhí sí ar dhuine den teaghlach iomráiteach a bhain le tréimhse ‘Camelot’ i stair Mheiriceá – tráth a raibh John F Kennedy, deartháir a céile, ina Uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Toghadh Ted Kennedy ina Sheanadóir do Massachusetts i 1962. Bhí cáil na fánaíochta air scaití agus cáil na dráibhéireachta, cáil an óil agus cáil na bradaíola ó thaobh na mban de. Tháinig an crú ar tairne uilig i 1969 nuair a chuaigh an carr a bhí sé a thiomáint sa bhfarraige i Chappaquiddick, oileán amach ó chósta Mhassachusetts. Bádh an paisinéara ban a bhí ina chuideachta – dúirt sé go raibh sé ag tabhairt síob abhaile di – agus shnámh sé féin as contúirt.[1]

Sheas a bhean chéile leis agus mhair an dílseacht sin go dtí deireadh na 1970idí nuair a chuaigh Ted Kennedy ag fiach ar ainmniúchán na nDaonlathach do thoghchán 1980. Chasadh Joan an pianó ag tús na n-ócáidí stocaireachta. ‘This Land Is Your Land’, amhrán Woodie Guthrie, an fonn a chastaí. D’fhéadfadh sé – go réadúil - a bheith tarlaithe sa stair, go mbeadh Joan Kennedy ina máistreás ar an Teach Bán – an First Lady – ach is iomaí sin cor agus casadh a bhí ina cosán. Thug Ted Kennedy iarraidh faoin Uachtaránacht i 1980 ach bhí an iomarca smionagar pearsanta le láimhsiú aige.[1]

Scar Ted agus Joan Kennedy óna chéile uilig i 1982. Bhí triúr páiste acu - Kara, Edward Jr., agus Patrick.

Sna 1980idí, chuaigh Joan Kennedy ar an ól go trom agus bhí sí tamall ina sraoill ar an tsráid. Fuarthas ag tráth amháin í agus í sínte ar chosán i mBoston, a gualainn briste agus fuil lena héadan de bharr titim agus í óltach. Fiú agus go raibh sí feiceálach agus cumasach, ba go drogallach a thug sí faoin saol poiblí, rud nach raibh ag teacht léi go nádúrtha. Buaileadh go leor den mhilleán faoi chás Joan Kennedy ar a fear céile.

Moladh Joan Kennedy as an gcaoi ar labhair sí amach go poiblí faoina deacrachtaí leis an ól agus an ísle brí agus tá a cuid misnigh agus a cuid dea-thréithe molta ag a beirt mhac. Bhí duine acu, Patrick Kennedy, ina Fheisire go dtí Teach na nIonadaithe i Washington thar cheann Stát Rhode Island.

Shéalaigh sí i mBoston ar an 11 Deireadh Fómhair 2025 in aois naoi mbliana agus ceithre scór.[1]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 Máirtín Ó Catháin (12 Deireadh Fómhair 2025). "Bás Joan Kennedy – duine eile as teaghlach ‘Camelot’ imithe" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-11-09.