Jim Lovell
Ba spásaire Meiriceánach é James Arthur "Jim" Lovell Jr. (a rugadh ar an 25 Márta 1928 é i Cleveland, Ohio sna Stáit Aontaithe, agus a d'éag ar an 8 Lúnasa 2025 agus é 97 bliain d'aois). Ba spásaire Meiriceánach de chuid NASA é, chomh maith le hoifigeach sa Chabhlach agus píolóta tástála. Ba cheann de na spásairí is cáiliúla ar domhan é de bharr a ról ceannasach ar mhisean Apollo 13.[1]
Chaith Lovell a shaol ag eitilt - bhí sé ina phíolóta sa Chabhlach Meiriceánach ar dtús, ansin ina spásaire le NASA. Rinne sé ceithre thuras isteach sa spás le linn a ghairme.







Gairm
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tógadh Lovell i Milwaukee, Wisconsin. Bhí spéis mhór aige sa spás agus san eitlíocht ó aois óg
D’fhreastail Lovell ar Acadamh Cabhlaigh na Stát Aontaithe in Annapolis, Maryland, agus bhain sé céim amach sa bhliain 1952. Chuaigh sé isteach sa Chabhlach mar phíolóta agus chríochnaigh sé a oiliúint mar phíolóta tástála i bPatuxent River, Maryland, ag deireadh na 1950idí.
Roghnaigh NASA é mar chuid den dara grúpa spásairí i Meán Fómhair 1962. Ghlac sé páirt i gceithre mhisean spáis.
Clár Gemini
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chuaigh Lovell go dtí an spás don chéad uair ar bhord Gemini 7 sa bhliain 1965, áit ar chaith sé dhá sheachtain sa spás - taifead domhanda ag an am sin. Bhí sé ina chomhspásaire le Frank Borman ar an misean seo.
Sa bhliain 1966, bhí sé i gceannas ar Gemini 12, an misean deireanach sa chlár Gemini, le Buzz Aldrin mar chomhspásaire.
Clár Apollo
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rinne Lovell dhá thuras le linn chlár Apollo:
Apollo 8 (1968): Bhí sé ar an gcéad chriú riamh a chuaigh timpeall na gealaí. Ba mhisean stairiúil é seo - an chéad uair riamh a d'fhág daoine fithis an domhain.
Apollo 13 (1970): Seo an misean is cáiliúla a bhí ag Lovell. Ba é Jim Lovell a bhí i gceannas ar mhóraistear an spásárthaigh 'Apollo 13' chun na gealaí i 1970. Níor bhain 'Apollo' amach an sprioc áfach a bhuíochas do phléasc a tharla i dtanc ocsaigine.
Tá an líne cháiliúil “Houston, we’ve had a problem” bainteach le Lovell, cé gur foirm bheagán éagsúil a dúirt sé i ndáiríre.
D’úsáid an criú an modúl gealaí mar “bhád tarrthála” chun cumhacht agus ocsaigin a chaomhnú ar a mbealach abhaile. D’éirigh Lovell agus a chomhspásairí, Jack Swigert agus Fred Haise, aistriú chuig an modúl gealaí — an t-árthach a bhí beartaithe don tuirlingt ar an ngealach — agus é a úsáid mar “árthach tarrthála” ar ais go dtí an Domhan.
Déarfadh go leor murach gníomhartha Lovell go mbeadh an triúr san árthach maraithe. D'éirigh leis féin agus a chomhspásairí aistriú chuig an árthach eile a bhí le tuirlingt ar an ghealach. Ainneoin an chruatain agus anró, d'éirigh leo an t-árthach sin a thabhairt anuas chuig dromchla an domhain agus tháinig an triúr slán as.[1]
Bronnadh Bonn Saoirse an Uachtaráin (Presidential Medal of Freedom) air i ndiaidh Apollo 13.
Saol Pearsanta
[cuir in eagar | athraigh foinse]D’éirigh Lovell as an NASA agus as an gCabhlach i Márta 1973. D’oibrigh sé i gcúrsaí gnó agus thug sé léachtaí agus agallaimh sna meáin.
Rugadh Jim Lovell i Cleveland Ohio i 1925. Phós Lovell Marilyn Lillie Gerlach i 1952. Bhí ceathrar páistí acu. Mhair an pósadh go dtí bás Marilyn in 2023. Bhí siad ina gcónaí le fada i Lake Forest, Illinois.
D'éag Jim Lovell ar an 8 Lúnasa 2025 agus é 97 bliain d'aois.
Oidhreacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]D'fhág Lovell oidhreacht mar cheann de na figiúirí is mó le rá i stair thaiscéalaíocht an spáis. Ba chomhúdar é ar an leabhar Lost Moon (1994). Spreag an t-éacht a rinne Lovell ar Apollo 13 an scannán Apollo 13 (1995) ina bhfacthas an t-aisteoir Tom Hanks i bpáirt Lovell. Bhí páirt bheag ag Lovell féin sa scannán (mar chaptaen long cabhlaigh an USS Iwo Jima a chuir fáilte roimh an gcriú tar éis dóibh tuirlingt).[2]
Tugadh aitheantas domhanda do Lovell as a chuid oibre mar spásaire, agus meastar é a bheith ar dhuine de na spásairí ba mhó cáil i stair NASA. Bhí sé i mbarr a mhaitheasa sna 1960idí.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 Nuacht RTÉ (2025-08-08). "Fear 'Apollo 13' ar shlí na fírinne" (as ga-IE).
- ↑ "Apollo 13 (film)" (as en) (2025-08-03). Wikipedia.