Jump to content

Jilan Wahba Abdalmajid

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Jilan Wahba)
Infotaula de personaJilan Wahba Abdalmajid

(2024) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(ar) جيلان صالح سعيد وهبة Cuir in eagar ar Wikidata
25 Lúnasa 1969
56 bliana d'aois
Cathair Gaza Cuir in eagar ar Wikidata
7 Ambasadóir na Palaistíne go hÉirinn
23 Eanáir 2020 –
← Ahmed Abdelrazek
Tánaiste Ambasadóir na Palaistíne go hÉirinn
2013 – 2020 Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil na Niocóise - margaíocht (–2019) Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisan Araibis
Gníomhaíocht
Gairmtaidhleoir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirMinistry of Foreign Affairs and Expatriates of the State of Palestine (en) Aistrigh (1995–) Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Araibis


Facebook: jilan.wahba X: jilanwahba Instagram: jilanwahba LinkedIn: dr-jilan-abdalmajid-8682088b Cuir in eagar ar Wikidata

Is taidhleoir Palaistíneach í an Dr Jilan Wahba Abdalmajid atá mar ambasadóir na Palaistíne chun na hÉirinn ó mhí na Samhna 2024 i leith, ón uair a bunaíodh caidreamh taidhleoireachta foirmiúil idir Phoblacht na hÉireann agus Stát na Palaistíne ar an 29 Meán Fómhair 2024. Bhí sí ina Ceann Misean ag Údarás na Palaistíne i bPoblacht na hÉireann ón mbliain 2020 amach. Tháinig an t-ardú céime go hambasadóir oifigiúil tar éis go ndearna Poblacht na hÉireann Stát na Palaistíne a aithint i mí Bealtaine 2024.[1][2][3][nóta 1][4]

Bhain Wahba Abdalmajid PhD amach in Ollscoil na Niocóise (UNIC).[5]

Chuir Wahba Abdalmajid tús lena cuid seirbhís taidhleoireachta le hAireacht Gnóthaí Eachtracha na Palaistíne sa bhliain 1995 mar leas-phríomhfheidhmeannach prótacail. Dá éis sin cuireadh ar post í sa Chipir. Tháinig sí chun na hÉirinn sa bhliain 2014 mar Leas-Cheann Misin faoi Ahmad Abdelrazek. Chuir sí a cuid dintiúr mar Cheann Misin Údarás na Palaistíne i bPoblacht na hÉirinn faoi bhráid an Uachtaráin Michael D. Higgins i mí Eanáir 2020.[6][7]

I 2021, bhronn Diplomacy in Ireland – The European Diplomat Bonn Seirbhíse Taidhleoireachta uirthi ar son feabhais in úsáid na meán sóisialta chun tacú le hiarrachtaí taidhleoireachta.[8] Táthar tar éis Wahba Abdalmajid a áireamh ar na guthanna baineanna Palaistíneacha is mó le rá dá bhfuil ann.[9]

Nuair a fógraíodh sa bhliain 2024 go raibh forógra aitheantais á dhréachtú dúirt an Dr Wahba Abdalmajid gur "dea-scéal" agus "léas dóchais" a bhí ann, bíodh is "gur cheart aitheantas a bheith tugtha ag Éirinn don Phalaistín roimhe seo."[10][2]

Is í an Dr Wahba Abdalmajid a osclós an fhéile cheoil Dorn san Aer i mbliana, i ngeall ar an dtacaíocht a thug Rónán Mac Aodha Bhuí do mhuintir na Palaistíne le linn a shaoil.[11][12]

Saol pearsanta

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá sí pósta ar Rami Abdalmajid agus tá triúr clainne aice.[13]

Seasaimh pholaitiúla

[cuir in eagar | athraigh foinse]

I mí na Nollag 2021, thug Jilan Wahba Abdalmajid rabhadh in agallamh leis an nuachtán Beilgeach De Morgen go raibh cúrsaí i Stráice Gaza i riocht a bpléasctha dá leanfaí ar aghaidh leis an imshuí.[9]

  1. "Ambasadóir iomlán ón bPailistín chun na hÉireann ceaptha". Nuacht RTÉ (5 Samhain 2024).
  2. 2.0 2.1 "Brat na Palaistíne le crochadh ag Teach Laighean agus aitheantas stáit le teacht i bhfeidhm". Tuairisc.ie (2024-05-28). Dáta rochtana: 2025-09-08.
  3. Sorcha Pollak. “Palestinian ambassador to Ireland: ‘The Irish know exactly how the Palestinians feel about occupation’” (as Béarla). The Irish Times.
  4. "Aitheantas mar stát tugtha don Phailistín tar éis vóta Dála aréir.". Nuacht RTÉ (11 Nollaig 2014).
  5. Abdalmajid (2019). “Nation Branding: An Integrated Framework for Developing a Nation Brand for Palestine from Stakeholders' Perspectives” (as Béarla). University of Nicosia (UNIC). Dáta rochtana: 12 November 2024.
  6. Mission of the State of Palestine in Ireland” (as Béarla).
  7. Ciarán Galway. “100 days: Ambassador of the State of Palestine to Ireland” (as Béarla). Eolas Magazine.
  8. O'Hurley. “Announcement of Award of Diplomatic Service Medal – Dr. Jilan Abdalmajid & Ms. Sarah Holland” (as Béarla). Diplomacy Ireland.
  9. 9.0 9.1 Montasser Alde'emeh. “Palestijns ambassadeur Jilan Wahba Abdalmajid: ‘Het is gewoon wachten op de volgende oorlog’” (as Pléimeannais). De Morgen.
  10. "'Ba chóir an Phalaistín a bheith aitheanta ag Éirinn roimhe seo'". Nuacht RTÉ (10 Aib 2024).
  11. "Féile cheoil in ómós do Rónán Mac Aodha Bhuí le reáchtáil i nGaeltacht Dhún na nGall arís i mbliana". Tuairisc.ie (2025-08-06). Dáta rochtana: 2025-09-07.
  12. Storm Eaton-Kilgallen (13 Lúnasa 2025). "Beidh an Dorn san Aer ag na Gaeil arís eile le scoth na siamsaíochta". Seachtain: lch 4. 
  13. Martin Quinn. “Palestinian Ambassador's visit to Tipperary Town and Bansha”. TipperaryLive.
  1. .i. nach mór 10 mbliana tar éis gur vótáil Dáil Éireann ar a shon