Jiang Qing
Jiang Qing | |||
---|---|---|---|
![]() | |||
Deireadh Fómhair 1, 1949 - Aibreán 27, 1959 - Wang Guangmei → | |||
Saol | |||
Ainm iomlán | Lǐ Shúméng | ||
Eolas breithe |
Zhucheng (en) ![]() | ||
Náisiúntacht |
Daon-Phoblacht na Síne Poblacht na Síne (1912–1949) | ||
Bás |
Beijing Hospital (en) ![]() | ||
Áit adhlactha |
Beijing Futian Cemetery (en) ![]() | ||
Cúis bháis | Féinmharú (crochadh) | ||
Muintir | |||
Céile/Céilí |
Tang Na (1936 - 1936) Mao Zedong (Samhain 28, 1939 - Meán Fómhair 9, 1976) | ||
Páistí |
liosta iomláin
| ||
Teaghlach |
liosta iomláin
| ||
Oideachas | |||
Alma mater |
National Qingdao University (en) ![]() | ||
Gairm | |||
Gairm | aisteoir, polaiteoir agus aisteoir scannáin | ||
Ballraíocht |
Gang of Four (en) ![]() | ||
Gluaiseacht |
Maoism (en) ![]() radical politics (en) ![]() | ||
Sloinnte | Lan Ping | ||
Seirbhís mhíleata | |||
Throid sé/sí ag | Réabhlóid Chultúrtha na Síne | ||
Creideamh | |||
Reiligiúin | An tAindiachas | ||
Páirtithe polaitíochta | Páirtí Cumannach na Síne | ||
IMDb | nm0156952 agus nm7175072 |

Ban-aisteoir Síneach, an 4ú bhean ag Mao Zedong, agus duine tábhachtach le linn Réabhlóid Chultúrtha na Síne ab ea Jiang Qing (Sínis: 江青, pinyin: Jiāng Qīng; 19 Márta 1914 – 14 Bealtaine 1991).
Cuimhnítear uirthi mar gheall ar a ról lárnach le linn Réabhlóid Chultúrtha na Síne agus ar an gcomhcheilg pholaitiúil a chothaigh sí, ar a dtugtar Drong an Cheathrair.
Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]
Faoin ainm Lǐ Shūméng a rugadh í in Zhucheng, Cúige Shandong in oirthear na tíre. Níos déanaí, bhain sí úsaíd as 'Lan Ping" (蓝苹) nuair a bhí sí ina haisteoir agus bhí ainmneacha eile uirthi le linn a saoil.
An 4ú bhean ag Mao Zedong, Ceannaire Fíorthábhachtach Dhaon-Phoblacht na Síne agus Cathaoirleach Pháirtí Chumannach na Síne, a bhí inti. Phós sí Mao in Yan'an i mí na Samhna, 1938, agus ise Chéadbhean na daonphoblachta i mblianta tosaigh an rialtais cumannaigh. Cuimhnítear uirthi mar gheall ar a ról lárnach le linn Réabhlóid Chultúrtha na Síne agus ar an gcomhcheilg pholaitiúil a chothaigh sí, ar a dtugtar Drong an Cheathrair.
Roimh bhás Mao, bhí cuid mhór den saol poiblí sa tSín faoi smacht Dhrong an Cheathrair, na meáin agus an bholscaireacht san áireamh.
Meath[cuir in eagar | athraigh foinse]
Bhraith cumhacht Jiang Qing ar Mao, agus ba mhinic a bhí sí i gcodarsnacht leis na ceannairí móra eile sa tír. Bhásaigh Mao sa bhliain 1976 agus ba bhuille mhór di agus dá huaillmhianacha é. Rinne Hua Guofeng agus a chomhghleacaithe í a ghabhadh i mí Dheireadh Fómhair den bhliain chéanna. Cháin údaráisí an pháirtí í ag an am céanna.
Ó shin i leith, tá sé curtha ina leith go hoifigiúil gur bhall í de "Dhrong Fhrithréabhlóideach Lin Biao agus Jiang Qing". Cuireadh an locht ar an drong sin as an damáiste agus scriosadh a rinneadh le linn Réabhlóid Chultúrtha na Síne.
Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]
Daoradh chun báis í ach iomalartaíodh an breithiúnas sin go príosúnacht saoil sa bhliain 1983. Scaoileadh í i gcomhair chóiriú leighis. Ansin chuir sí lámh ina bhás féin i mí na Bealtaine sa bhliain 1991.[1][2]
Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ Stefan R. Landsberger (2008). "Madame Mao: Sharing Power with the Chairman".
- ↑ "New York Times". "Suicide of Jiang Qing, Mao's Widow, reported". Kristof, Nicholas D. (5 Meith. 1991) Dáta rochtana: 13 Noll. 2012; do Vicipéid na Gaeilge, 8 Meith. 2016