Jess Wade

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJess Wade

(2019) Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(en) Jessica Alice Feinmann Wade
Beathaisnéis
Breith1988
35/36 bliana d'aois
Londain, England Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síImperial College London - céim dochtúireachta (–2016)
Ardscoil South Hampstead Cuir in eagar ar Wikidata
Tráchtas acadúilNanometrology for controlling and probing organic semiconductors and devices (2016 Cuir in eagar ar Wikidata)
Comhairleoir dochtúireachtaJi-Seon Kim
Gníomhaíocht
Réimse oibreFisic
Gairmfisiceoir Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirColáiste an Rí, Londain (2016–2017)
Imperial College London Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Faoi thionchar
TeangachaBéarla
Teaghlach
MáthairCharlotte Feinmann
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinimperial.ac.uk… Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: jess.wade.12 Twitter: jesswade Mastodon: jesswade@mastodon.social Instagram: jessjess1988 Cuir in eagar ar Wikidata
Dr. Jess Wade

Is fisiceoir agus taighdeoir ag Imperial College London í Jessica Alice Feinmann Wade. Is fearr aithne uirthi as a cuid oibre ar dhé-óid astaithe solais; agus mar ambasadóir STEM, ina gcruthaíonn imeachtaí rannpháirtíochta athrú leanúnach ar chultúr na fisice, go háirithe i gcur chun cinn na fisice i measc cailíní. In 2017, bhuaigh Wade an gradam IOM3 Robin Perrin Award for Materials Science, agus in 2018 bhuaigh sí an gradam IOP Daphne Jackson Medal and Prize.

Oideachas[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'fhreastail Wade ar South Hampstead High School, agus d'fhág sí in 2007.[1] Ina dhiaidh sin, thug sí faoi bhonnchúrsa san Ealaín agus Dearadh ag Chelsea College of Art and Design, agus in 2012 bhain sí céim mháistir san eolaíocht (MSci) amach san Fhisic ó Imperial College London. Lean sí ar aghaidh ag déanamh taighde ag Imperial, agus chríochnaigh sí a PhD san fhisic in 2016.[2] Ba é "Controlling and Probing Organic Semiconductors and Devices" teideal a tráchtais, agus bhí sé faoi mhaoirseacht Ji-Kim Seon.

Taighde agus gairm[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ó 2018, is comhlach taighde iardhochtúireachta i leictreonaic phlaisteach í Wade sa ghrúpa Solid States Physics ag Imperial College London, ag díriú ar fhorbairt agus tréithriú sceo polaiméirí caoile astaithe solais.

Rannpháirtíocht phoiblí agus for-rochtan[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuir Wade le rannpháirtíocht an phobail chun méadú a chur ar an éagsúlacht in ábhair STEM, go háirithe i leith comhionannas inscne. Rinne Wade ionadaíocht don RA ar chlár Ceannasaíochta Idirnáisiúnta Cuairteoirí de chuid Roinn Stáit SAM "Hidden No More",[3] agus bhí post aici ar Bhord Mná Óga WISE agus ar Chomhairle WES, ag obair le múinteoirí ar fud na tíre tríd an 'Stimulating Physics Network' (eochairchainteanna ag aontaí eolaíochta agus ag comhdhálacha múinteoirí san áireamh). Cháin Wade ar fheachtais dhaora a spreagann cailíní eolaíocht a dhéanamh ach leis an impleacht nach mbheadh ach dream beag a bheadh suim acu ann, nó gur féidir le cailíní staidéar a dhéanamh ar "chomhdhéanamh ceimiceach béaldatha agus vearnais ingne".[4] Chuir Wade go mór le feachtas Wikipedia a spreagann cruthaíocht ailt Wikipedia faoi mhná atá mór le rá san acadúil, chun mná a chur chun cinn i STEM.[5] Luaigh Wade go caitear idir £5m nó £6m san RA le gairm eolaíochta a chur chun cinn do mhná ach gan mórán tomhas ar na torthaí.

Rinne Wade comhordaithe ar fhoireann 55-duine RA le haghaidh an 6ú Comhdháil Idirnáisiúnta na Mban san Fhisic, agus mar thoradh fuair sí cuireadh plé a dhéanamh ar obair an Institute of Physics (IOP) ar chothromaíocht inscne sa Ghearmáin.. Chomh maith leis sin, caitheann Wade cuid mór da ama ag tacaíocht le rannpháirtíocht daltaí scoile, trí gníomhaíochtaí scoilte agus féilte scoilte, agus ag eagraigh sraith imeachtaí do chailíní ag Imperial College London, rud a mhaoinigh sí trí dheontais rannpháirtíochta an phobail ó Royal Academy of Engineering, Royal Society of Chemistry agus the Biochemical Society.[fíoras?]

Is ball í Wade de choiste IOP Londain agus an Oirdheiscirt, de choiste IOP Mná san Fhisic[6] agus de choiste Juno Transparency and Opportunity ag Roinne na Fisice (Imperial College London).[7]

Gradaim[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fuair dámhachtainí ag léiriú n méid a chuireann sí leis an eolaíocht, eolaíocht cumarsáide, an éagsúlacht, agus cuimsiú. Bronnadh bonn Julia Higgins 2017 de chuid an Imperial College uirthi[8] mar aitheantas ar a cuid oibre chun tacú le comhionannas inscne. Fuair Wade the Robert Perrin Award for Materials Science[9] ón Institute of Materials, Minerals and Mining, an IOP Bell-Burnell Award for Women in Physics 2016, an IOP Early Career Physics Communicator Prize 2015,[10] agus gradam 'Contribution to College Life 2015' ó Aontas an Imperial College. I 2015, ba í Wade buaiteoir an Crios Datha in I'm a Scientist, Get Me Out of Here', tionscadal rannpháirtíochta eolaíochta ar líne a bhí á reáchtáil ag Mangorolla CIC.

I 2018, bhuaigh Wade Bonn agus Duais Daphne Jackson Bonn le haghaidh "acting as an internationally-recognised ambassador for STEM".[11]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "SHHS Motivational Monday: Scientist Dr Jess Wade | News | South Hampstead High School". www.shhs.gdst.net. Dáta rochtana: 2018-08-03.
  2. Institute of Physics. "Early career researcher wins the Jocelyn Bell Burnell Medal and Prize" (en-GB). www.iop.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-05-01. Dáta rochtana: 2018-08-03.
  3. Hidden No More Curtha i gcartlann 2019-01-11 ar an Wayback Machine
  4. Hannah Devlin (2018-07-24). "Academic writes 270 Wikipedia pages in a year to get female scientists noticed" (en). the Guardian. Dáta rochtana: 2018-08-03.
  5. "Jess Wade - CSHL WiSE" (en-US). CSHL WiSE (2018-06-27). Dáta rochtana: 2018-08-03.
  6. Institute of Physics. "Committee" (en-GB). www.iop.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-08-19. Dáta rochtana: 2018-08-03.
  7. "Juno Committee" (en-GB). Imperial College London. Dáta rochtana: 2018-08-03.
  8. "Julia Higgins Medal and Awards" (en-GB). Imperial College London. Dáta rochtana: 2018-08-03.
  9. "IOM3 Awards 2017 | IOM3" (en). www.iom3.org. Dáta rochtana: 2018-08-03.
  10. Institute of Physics. "PhD student wins Early Career Physics Communicator Award" (en-GB). www.iop.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-05-02. Dáta rochtana: 2018-08-03.
  11. Institute of Physics. "2018 Daphne Jackson Medal and Prize" (en-GB). www.iop.org. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-08-03. Dáta rochtana: 2018-08-03.