Jump to content

Jean-Étienne Liotard

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJean-Étienne Liotard

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith22 Nollaig 1702
an Ghinéiv Cuir in eagar ar Wikidata
Bás12 Meitheamh 1789
86 bliana d'aois
an Ghinéiv Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpéintéir, maisitheoir Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraPortráid
Mac/iníon léinnLouis-Ami Arlaud-Jurine
TeangachaAn Fhraincis
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
CéileMarie Fargues (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteJean-Étienne Liotard Cuir in eagar ar Wikidata
AthairAntoine Liotard
SiblínJean Michel Liotard


Musicbrainz: ffe184ab-92cf-4e87-85b4-0ea5203ce4de Discogs: 3564150 Cuir in eagar ar Wikidata

Péintéir, pastalaí, déantóir priontaí, teoiriceoir ealaíne agus agus margaire ealaíne, de chuid na Ginéive ab ea Jean–Étienne Liotard (22 Nollaig 1702 – 12 Meitheamh 1789). Rugadh i bPoblacht na Ginéive é mar mhac le Úgónaigh Francacha a bhí ar deoraíocht, agus chaith sé formhór a shlí bheatha ag obair i gcathracha ar nós na Róimhe, Iostanbúl, Páras, Vín, Londain, Amstardam agus cathracha eile. Is fearr aithne air as a phortráidí mionsonraithe, thar a bheith nádúrtha i bpaistéil agusagus radhairc Oirthearachacha den saol sa Tuirc. Mar theoiriceoir ealaíne scríobh sé an Traité des Principes et règles de la Peinture (Tráchtas ar Phrionsabail agus Rialacha na Péintéireachta) inar áitigh sé gur cheart don phéintéireacht a bheith ina scáthán ar an dúlra.

Féinphortráid (1746) i bpastéal, an mheán is ansa leis. Ba rud aisteach san Eoraip san 18ú haois an fhéasóg iomlán a chaith sé tar éis dó cuairt a thabhairt ar an Tuirc.

Rugadh Liotard sa Ghinéiv mar mhac Antoine, ceannaí agus saoránach de chuid na Ginéive, agus Anne Sauvage.[1] Ba Phrotastúnaigh Fhrancacha iad a thuismitheoirí, a theith go dtí an Ghinéiv tar éis 1685.[5] Bhí deartháir cúpla aige darbh ainm Jean-Michel (1702–1796), a rinneadh dealbhóir agus greanadóir de. Chuir Jean-Étienne Liotard tús lena chuid staidéir ealaíne sa Ghinéiv faoin bpéintéir miondealbh Daniel Gardelle, agus ina cheardlann rinne sé staidéar ar phéintéireacht chruain agus miondeannaireacht.[2] Tháirg sé roinnt portráidí a léirigh a chuid tallainne.[3]

Le petit déjeuner de la famille Lavergne, 1752, pastal ar veilleam, National Gallery of Art, Londain

Ní dhearna sé staidéar le Gardelle ach ar feadh thart ar cheithre mhí agus d'fhág sé i 1725 go Pháras áit ar chláraigh sé i gceardlann an péintéir miondealbh Jean-Baptiste Massé. D'fhan sé ann ar feadh trí bliana agus le linn na tréimhse sin rinne sé go leor cóipeanna; ní mar phrintíseach a bhí sé faoi Mhassé, ach mar fhostaí (allouage). Timpeall na bliana 1728, bhunaigh sé a cheardlann féin.

Sa bhliain 1732, chuir sé pictiúr isteach don duaischomórtas péintéireachta a d'eagraigh 'Académie royale de peinture et de sculptur'(" Acadamh Ríoga na Péintéireachta agus na Dealbhóireachta ") ar an ábhar éigeantach don bhliain sin: Síneann an tArdsagart claíomh Ghóiliat do Dháiví. Níor bhuaigh a iontráil aon duais.

Timpeall an ama seo, phéinteáil sé níos mó cruan ná pastal. Tháirg sé roinnt priontaí portráide de Voltaire agus Fontenelle a d'fhógair sé sna meáin áitiúla.

Sa bhliain 1735, thaistil sé le Louis Philogène Brûlart, ambasadóir na Fraince go Napoli agus an Róimh. Sa Róimh phéinteáil sé portráidí an Phápa Cléimeans XII agus roinnt cairdinéal eile. Lena chois sin, 1737, rinne sé pastail chaillte de Shéamas Proinsias Éadbhard Stiúbhart a bhí ar deoraíocht, an tÉilitheoir Seacaibíteach ar ríchathaoireacha Shasana, na hÉireann agus na hAlban, agus dá chlann mhac.

Sa bhliain 1738, chuaigh sé in éineacht lei an Tiarna Dhún Canannn go Cathair Chonstaintín, áit ar oibrigh sé ar feadh na gceithre mbliana ina dhiaidh sin.[4]

Saothair roghnaithe

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Renée Loche, Dictionnaire historique de la Suisse, version of 24.03.2009
  2. Jeffares, Neil (29 April 2025). LIOTARD, Jean-Étienne, Dictionary of pastellists before 1800”. Dáta rochtana: 18 June 2025.
  3. Liotard, Jean-Étienne. Benezit Dictionary of Artists. 16 March 2021. Oxford University Press. Date of access 18 June 2025
  4. Baetjer, Katharine, and Marjorie Shelley. 2011. Pastel Portraits: Images of 18th-century Europe. New Haven, Conn: Yale University Press. p. 12. ISBN 9780300169812.