Jump to content

Jane O'Leary

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJane O'Leary
Beathaisnéis
Breith13 Deireadh Fómhair 1946
78 bliana d'aois
Hartford, Connecticut Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Princeton
Coláiste Vassar Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmcumadóir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de


Musicbrainz: d8cfb239-512b-43ff-b47f-acbdfe7bd86d Lieder.net: 17089 Discogs: 1896463 Cuir in eagar ar Wikidata

Is cumadóir agus ceoltóir in Éirinn í Jane O'Leary (a rugadh in Hartford, Connecticut ar an 13 Deireadh Fómhair 1946). Tá breis agus 70 saothar cumtha aici, saothar a sheinntear agus a chraoltar go mion minic.[1]

Tá sí ina cónaí in Éirinn ó 1972.

Sa bhliain 1976, bhunaigh O'Leary an ensemble comhaimseartha ceoil, Concorde, chun ceol nua a chur chun cinn agus a sheinm go rialta.

Bhunaigh sí Music for Galway i 1981 agus bhí sí ina cathaoirleach air.

Bhí O'Leary ar Bhord an Cheolárais Náisiúnta, na Comhairle Ealaíon, agus ar Choiste um Chaidreamh Cultúir na Roinne Gnóthaí Eachtracha. Bhí sí in Cathaoirleach ar an Contemporary Music Centre agus an t-ionad sin á fhorbairt go mór ag an am. Duine de lucht bunaithe Aosdána í Jane

Bhí O'Leary ina Cumadóir Cónaitheach le hAcadamh Ríoga Cheol na hÉireann. Bhí cumadóireacht á teagasc aici san Ardscoil Cheoil agus Drámaíochta in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath ar feadh tréimhse.

Bhronn Ollscoil na Gaillimhe Céim Dhochtúireachta sa Cheol uirthi in 2007.[1] In 2018, bhronn Music for Galway an teideal Buan Chara ar Jane O’Leary as an méid a chuir sí leis an eagraíocht ó 1981.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 "June 2007 - University of Galway". www.universityofgalway.ie. Dáta rochtana: 2025-02-10.