Jamie Duffy
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 2001 24/25 bliana d'aois |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | ceoltóir, cumadóir |
Is ceoltóir agus cumadóir amhrán Éireannach é Jamie Ó Dufaigh nó Jamie Duffy. Rugadh é sa bhliain 2001. Is as sráidbhaile Ghlasloch in oirthuaisceart Chontae Mhuineacháin é.[1][2][3] Tagann fuaim Duffy ó mheascán de cheol clasaiceach agus de cheol traidisiúnta na hÉireann.

Gairm
[cuir in eagar | athraigh foinse]Nuair a bhí Jamie 17 thosaigh sé amach ag obair í gCaislean Leslie í nGlasloch. Bhí an-suim aige i traidisiún na gceol, mar bhí a sheanmháthair ina DJ i gCaisleán Leslie i gceann de na chéad chlubanna oíche faoin tuath riamh in Éirinn ag deireadh na 1960idí.
Bhain Duffy céim amach sa Chaidreamh Idirnáisiúnta agus sa Pholaitíocht in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste in 2022.
Shroich a chéad singil "Solas" Uimh. 1 sna cairteacha clasaiceacha i roinnt tíortha, le linn 2022-2023, le níos mó ná 60 milliún srutháin ar Spotify (an píosa ceoil Éireannach ba rathúla ó Take Me To Church le Hozier). Deir Jamie gur duine an-pholaitiúil é. "Is mise an chéad ghlúin a d'fhás suas ó Chomhaontú Aoine an Chéasta. ... Scríobhadh Solas i lár chathair Bhéal Feirste, thart ar 30 soicind ó Halla na Cathrach, áit a mbeadh ort, 25 bliain ó shin, dul trí sheiceálacha slándála chun dul isteach i lár na cathrach"[4]
D'eisigh sé roinnt singil ina dhiaidh sin, comhoibriú le Kingfishr, Patrick Dexter, Peter Sandberg agus an réalta pop Moncrieff san áireamh.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Jack Quann. "Irish pianist Jamie Duffy dominating global charts - 'There's a lot of luck involved'" (en). Newstalk. Dáta rochtana: 2025-02-01.
- ↑ "Former Queen's University student Jamie Duffy says topping the charts has changed his life" (en). Belfast News Letter (2024-01-01). Dáta rochtana: 2025-02-01.
- ↑ "Monaghan pianist says chart success has turned life upside down" (en-GB). www.bbc.com (2024-01-01). Dáta rochtana: 2025-02-01.
- ↑ "Jamie Duffy" (en-IE). Jamie Duffy. Dáta rochtana: 2025-02-01.