Jump to content

James Shannon (ceoltóir Éireannach)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJames Shannon
Gníomhaíocht
Gairmrapálaí Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraHip hap malartach


X: JamesCeol Instagram: jamesshannonmusic Youtube: UC74VyScwkQb36_1r5ZDbBVg Youtube: jameshannonmusic TikTok: jamesshannonmusic Bandcamp: imle Spotify: 4CAdBGQU7D0LznDX2TWftX Apple Music: 131272798 Amazon Music: B000VC0TEO Deezer: 5439198 Cuir in eagar ar Wikidata

Is ceoltóir Éireannach a chasann hip-hop ailtéarnach é James Shannon. Is as Baile an Chairpintéaraigh i mBaile Átha Cliath 15 do James Shannon, fear óg a bhíonn ag rapáil as Gaeilge leis féin agus leis an mbanna IMLÉ freisin. Ag fás aníos dó, bhíodh dúil mhór aige sa cheol agus é á sheinm go minic aige. Nuair a bhí sé an-óg sheinn sé go leor ceol traidisiúnta agus nuair a thosaigh sé leis an ngiotár ag 10 mbliana d’aois, dúisíodh suim ann ceol a chumadh é féin. Bhí suim mhór aige i gceol hip-hop i dtólamh agus nuair a chonaic sé go raibh daoine ag dul dó in Éirinn spreagadh é chun tosú ag scríobh in aois a 14 bliain dó.[1]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]