James McNeill Whistler

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
James McNeill Whistler
Whistler Selbstporträt.jpg
Saol
Ainm iomlán James Abbot McNeill Whistler
Eolas breithe Lowell, Iúil 11, 1834
Náisiúntacht Stáit Aontaithe Mheiriceá
An Ríocht Aontaithe
Bás Chelsea, Iúil 17, 1903
Muintir
Athair George Washington Whistler
Máthair Anna McNeill Whistler
Céile/Céilí Beatrice Whistler (en) Aistrigh
Siblíní
Teaghlach
Oideachas
Alma mater Imperial Academy of Arts (en) Aistrigh
Teangacha An Béarla
Múinteoirí Marc-Charles-Gabriel Gleyre
Mic léinn May Wilson Preston
Gairm
Gairm péintéir, etcher (en) Aistrigh, maisitheoir, scríbhneoir, lithographer (en) Aistrigh agus déantóir priontaí
Saothar iomráiteach Nocturne: Blue and Gold – Old Battersea Bridge (en) Aistrigh
Nocturne in Black and Gold – The Falling Rocket (en) Aistrigh
Whistler's Mother (en) Aistrigh
Duais
Gluaiseacht Symbolism (en) Aistrigh
aestheticism (en) Aistrigh
Gluaiseacht ealaíne portrait painting (en) Aistrigh
péintéir
péintéireacht
portráid
lithography (en) Aistrigh
priontaíocht
Butterfly LCCN2006685421.jpg

Péintéir agus eitseálaí Meiriceánach ab ea James Abbott McNeill Whistler (10 Iúil 1834 – 17 Iúil 1903). Rugadh i Lowell, Massachusetts, é ach chaith sé an chuid ba mhó dá shaol mar dhuine fásta i Sasana. Ní raibh áit ina chuid saothar ealaíne don mhaoithneachas ná le tagairtí mórálta. Chleacht sé "ealaín ar son ealaíne", agus b'fhearr leis stíl dhíreach neamhornáideach. Tá sé sin le feiceáil ina shíniú, a bhí stílithe i bhfoirm fhéileacáin a raibh ga righin fada air in áit an eireabaill. Tá clú ar mhórshaothar leis, Arrangement in Gray and Black no. 1 (1871) nó, mar is fearr aithne air, Máthair Whistler. D'éag sé i Londain Shasana agus é 69 bliana d'aois.

A óige[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh James Whistler i Lowell, Massachusetts, agus tógadh é i Lowell, Stonington, Connecticut, Springfeld, Massachusetts, agus ansin Cathair Pheadair, sa Rúis. Innealtóir iarnróid ab ea a athair. Fostaíodh an t-athair ar feadh tamaill chun iarnród a thógáil sa Rúis. Blianta ina dhiaidh sin, agus James fásta, thug sé an leabhar gurb i gCathair Pheadair a saolaíodh é. Dúirt sé go raibh cead aige áit a bhreithe a roghnú agus nárbh é Lowell a rogha.[1] D'fhreastail sé ar Acadamh Míleata na Stát Aontaithe ag West Point, Nua-Eabhrac.

Arrangement in Gray and Black no. 1
Symphony in White no 1 ("An Cailín Bán"), 1862

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Lisa N. Peters, James McNeill Whistler, Smithmark, Nua-Eabhrac, 1996, lch. 4, ISBN 0-7651-9961-0