James McHugh
| Beathaisnéis | |||||||||||||||||
|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
| Breith | Leitir Ceanainn, Éire | ||||||||||||||||
| Gníomhaíocht | |||||||||||||||||
| Gairm | imreoir peile Gaelaí | ||||||||||||||||
| Spórt | peil Ghaelach | ||||||||||||||||
| |||||||||||||||||
Gradam a fuarthas | |||||||||||||||||
Iarpheileadóir le Dún na nGall ba ea James McHugh (1964 – 10 Lúnasa 2026), ar dhuine de ghaiscígh Dhún na nGall a bhuaigh Craobh na hÉireann i 1992.[1][2]


CLG
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba as Cill Charthaigh McHugh agus bhí sé ar dhuine d'fhoireann an chumainn áitiúil a bhuaigh Craobh Chontae Dhún na nGall i 1985, i 1989 agus i 1993, chomh maith le ceithre chraobh Chomórtas Peile na Gaeltachta.[2]
D'imir McHugh do Dhún na nGall idir 1990 agus 1998. Sa líne thosaigh ar chlé a d'imir sé i gcluiche ceannais Chraobh na hÉireann i 1992, tráth a fuair Dún na nGall an ceann is fearr ar Bhaile Átha Cliath le ceithre chúilín. Scóráil James McHugh ceann de na hocht gcúilín déag a fuair na Conallaigh an lá sin. Chomh maith leis an ngaisce sin, bhí sé i measc Shárimreoirí na Bliana i 1992.
Bhuaigh McHugh gradam All-Star 1992 agus craobh Uladh buaite aige faoi dhó le Dún na nGall, i 1990 agus 1992.[2]
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Maraíodh McHugh in eachtra bóthair i gCo an Chabháin ar an 10 Lúnasa 2026. Bhuail a ghluaisteán veain a bhí ar bhóthar an N3 i nDroim Mallacht idir Achadh an Iúir agus baile an Chabháin. Gortaíodh go dona a bhean, Noreen is bhásaigh sí an lá dár gcionn.[3]
Deartháir dó is ea an t-iarpheileadóir Martin McHugh agus bhí a mhac Eoin ar phainéal Dhún na nGall sna 2020idí. (Bhí James agus Eoin ina gcaiptíní ar fhoireann CLG Chill Chartha nuair a bhuaigh siad Comórtas Peile na Gaeltachta – James i 1990 agus Eoin i 2024 – éacht nach ndearna athair agus mac cheana).[2] Bhí Eoin ina chaptaen ar fhoireann Chill Charthaigh a bhuaigh Comórtas Peile na Gaeltachta in 2024 i gCill na Martra. Maireann iníon leis, Emma.[1]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 "‘Cara dílis, comhluadar iontach, peileadóir den scoth agus duine fíor-uasal’ – ómós léirithe do James McHugh" (ga-IE). Tuairisc.ie (2026-08-11). Dáta rochtana: 2026-08-11.
- 1 2 3 4 Nuacht RTÉ (2026-08-11). "An t-iarpheileadóir James McHugh maraithe i dtimpiste bóthair" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2026-08-12). "Noreen McHugh tar éis bháis san ospidéal" (as ga-IE).