Jump to content

James Henthorn Todd

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJames Henthorn Todd

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith23 Aibreán 1805
Ráth Fearnáin Cuir in eagar ar Wikidata
Bás28 Meitheamh 1869
64 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmstaraí, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Teaghlach
SiblínRobert Bentley Todd (en) Aistrigh
Duine muintearthaJohn Hart (en) Aistrigh (deartháir céile)
John Hart Jnr (en) Aistrigh (nia) Cuir in eagar ar Wikidata

Project Gutenberg: 55672

Scoláire bíobalta, oideachasóir agus staraí Éireannach ab ea James Henthorn Todd (23 Aibreán 1805 – 28 Meitheamh 1869). Tugtar suntas dó as a chuid iarrachtaí easaontais reiligiúnacha a chur ar bhonn réasúnach stairiúil, as ucht a thacaíocht d' fhoirm liobrálach Protastúnachais, agus as a chuid iarrachtaí mar oideachasóir, leabharlannaí agus scoláire i stair na hÉireann.

Ba mhac é le Charles Hawkes Todd, ollamh le máinliacht, agus Eliza Bentley, agus ba é an duine ba shine de chúigear déag clainne é. Bhí an lia cáiliúil Robert Bentley Todd, an tUrramach William Gowan Todd, agus an lia Armstrong Todd i measc a dheartháireacha níos óige. Fuair a athair bás bliain tar éis dó BA a fháil ó Choláiste na Tríonóide sa bhliain 1825, rud a laghdaigh a dheiseanna ratha. Mar sin féin, d’éirigh leis fanacht sa choláiste trí thréimhseachán eaglaise a theagasc agus a chur in eagar.

Saol gairmiúil

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Teach an Leasrí i gColáiste na Tríonóide

Ar bhás a athar in 1826 theagasc Todd mic léinn i gColáiste na Tríonóide agus chuir sé eagar ar an Christian Examiner, iris a raibh sé mar aidhm aici conspóid a chur idir an eaglais bhunaithe agus an eaglais chaitliceach ar bhonn níos léannta. Ón am sin go dtí 1850, nuair a rinneadh Comhalta Sinsearach de, bhí sé i measc na dteagascóirí ba mhó tóir orthu i gColáiste na Tríonóide . [1]

Oirníodh ina shagart é agus bhain sé MA amach sa bhliain 1832. [2] Thosaigh sé ag foilsiú i ndáiríre, lena n-áirítear páipéir ar John Wycliffe, stair na heaglaise, agus ceisteanna reiligiúnacha a linne. Bhí sé ina Léachtóir Donnellan i 1838 agus 1839, ag foilsiú saothair a bhain leis an Ainchríost inar chuir sé i gcoinne thuairimí na ndaoine ab fhoircní dá chomhchreidmhigh a chuir an téarma seo i bhfeidhm ar an gCaitliceachas Rómhánach agus ar an bPápa. Sa bhliain 1840 bhain sé céim Dochtúireachta sa Diagaireacht amach.

Ardeaglais Naomh Pádraig, Baile Átha Cliath

Sa bhliain 1837, bhí sé insealbhaithe ina Chisteoir ag Ardeaglais Naomh Pádraig i mBaile Átha Cliath, agus ceapadh ina <i>praecentor</i> (oifigeach liotúirgeach) é sa bhliain 1864. Rinneadh cur síos ar a stíl seanmóireachta mar rud simplí agus soiléir, agus a sheanmóirí suimiúil. Bhí sé i measc bhunaitheoirí Choláiste Cholm Cille sa bhliain 1843, scoil a chuir an Ghaeilge chun cinn dóibh siúd a raibh sé beartaithe acu oird a ghlacadh, chomh maith le prionsabail Eaglais na hÉireann a chur chun cinn.

Sa bhliain 1840, chomhbhunaigh Todd agus na scoláirí Gaelacha Seán Ó Donnabháin agus Eoghan Ó ComhraíCumann Seandálaíochta na hÉireann; agus ar feadh tamaill, bhí sé ina rúnaí oinigh air. Toghadh é ina bhall d’ Acadamh Ríoga na hÉireann, agus rinne sé a dhícheall chun trascríbhinní agus cuntais chruinne ar lámhscríbhinní Éireannacha a fháil ó leabharlanna eachtracha. Bhí sé ina rúnaí oinigh ó 1847 go 1855, agus ina uachtarán ó 1856 go 1861. Sa bhliain 1860, bronnadh céim ad eundem air in Oxford .

Sa bhliain 1849, rinneadh Ollamh Ríoga na hEabhraise de Todd i gColáiste na Tríonóide, agus ina Chomhalta Sinsearach an bhliain dár gcionn (1850). Sa bhliain 1852, ceapadh é ina Leabharlannaí, agus ag obair taobh le Seán Ó Donnabháin agus Eoghan Ó Comhraí , rangaigh sé agus d'eagraigh sé bailiúchán na lámhscríbhinn. Nuair a fuair a oifig airgead, chaith sé é ar lámhscríbhinní agus leabhair neamhchoitianta a fháil, agus tá creidiúint mhór tuillte aige as rangú ard na leabharlainne mar cheann de phríomhleabharlanna na hEorpa.

In éineacht le Charles Graves, chuir sé togra faoi bhráid rialtas na Breataine a spreag bunú an Brehon Law Commission(Coimisiún Dlí an Fféineachais) i mí na Nollag 1852. Chuaigh Edwin Wyndham-Quin, a d'iompaigh ar an gCaitliceachas Rómhánach, agus an t-ealaíontóir Sir George Petrie i gcomhar le Todd agus Graves ar bhord an Choimisiúin, a raibh Ó Donnabháin agus Ó Comhraí araon fostaithe ann. [3]

Bhí meas forleathan ar a shaothar agus luadh é. I measc a chairde agus a lucht aitheantais bhí an dlíodóir agus file Sir Samuel Ferguson, Teachta Parlaiminte Coimeádach, a chomh-staraí William Reeves, agus muintir Stokes (athair an lia William, mac Whitley a bheadh ina dhlíodóir agus ina Cheiltíoch sa todhchaí, agus iníon Margaret, a bheadh ina seandálaí sa todhchaí).

Fuair James Henthorn Todd bás ina theach i Ráth Fearnáin ar an 28 Meitheamh 1869 agus cuireadh é i reilig Ardeaglais Naomh Pádraig.

Leabharliosta páirteach

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Simms (Autumn 1969). "James Henthorn Todd". Hermathena 109 (5). JSTOR 23039923.
  2. De Breffny (1983). "Ireland: A Cultural Encyclopedia". London: Thames and Hudson.
  3. McDonough. The Brehon Law Commission”. Dáta rochtana: 15 November 2022.