James Caulfeild, 8ú Bíocunta Charlemont
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 12 Bealtaine 1880 Londain, England |
| Bás | 20 Lúnasa 1949 69 bliana d'aois |
| Member of the Senate of Northern Ireland (en) | |
| Deputy Lieutenant (en) | |
| Giúistís Síochána | |
| Ball de Theach na dTiarnaí | |
| luach anaithnid | |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | polaiteoir |
| Ball de pháirtí polaitíochta | Páirtí Aontachtach Uladh |
| Teangacha | Béarla |
| Eile | |
| Teideal uasal | Viscount Charlemont (en) |
| Céile | Evelyn Fanny Charlotte Hull (en) Hildegarde Slock-Cotell (en) |
| Athair | Marcus Piers Francis Caulfeild (en) |
Piara Éireannach ab ea James Edward Caulfeild, 8ú Bíocunta Charlemont, PC (TÉ), DL (12 Bealtaine 1880 – 20 Lúnasa 1949) a toghadh chuig Teach na dTiarnaí sa Bhreatain mar Phiara Ionadaíoch agus chuig Parlaimint Thuaisceart Éireann mar Sheanadóir. Bhí sé i dteach uachtarach Stormont ó 1925 go 1937 agus bhí sé ina Aire Oideachais ar feadh a bhlianta go léir ach amháin an chéad bhliain.
Tús a shaoil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh an Tiarna Charlemont i Londain do theaghlach Éireannach, mac leis an Onórach Marcus Caulfeild, CB, agus Gwyn Williams (gariníon le Sir Robert Williams, Bart.).
Fuair sé a chuid oideachais i gColáiste Winchester.
Gairmréim
[cuir in eagar | athraigh foinse]Fuair sé Bíocuntas Charlemont agus Barúntacht Caulfeild le hoidhreacht óna uncail, James, sa bhliain 1913.
Ba é an chéad Uachtarán agus comhbhunaitheoir Chumann na hÉireann um Chaidreamh Cultúrtha, Eacnamaíoch agus Sóisialta (The Irish Association for Cultural, Economic and Social Relations) é.[1]
Saol pearsanta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí an Tiarna Charlemont pósta faoi dhó. Phós sé ar dtús le Evelyn Fanny Charlotte Hull as Park Gate House, Surrey, iníon le hEdmund Charles Pendleton Hull as Ham Common, Surrey, ar an 26 Samhain 1914. Fuair siad colscaradh i mí Aibreáin 1940, go gairid sular maraíodh í i mí Dheireadh Fómhair 1940 i Londain le linn aer-ruathar le linn an Dara Cogadh Domhanda.[2]
Go gairid roimh bhás a chéad bhean chéile, phós sé Hildegarde Slock-Cottell, iníon le Rodolphe Slock-Cotell na Beilge, i mí Iúil 1940. Bhí cónaí ar an Tiarna Charlemont i Newcastle, Contae an Dúin.
Gan aon pháistí acu, aistríodh na teidil chuig a chol ceathrar nuair a fuair sé bás.[3]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ https://www.theirishassociation.org/ The Irish Association
- ↑ "Lady Charlemont Dies in Raid". The New York Times.
- ↑ "Viscount Charlemont". The New York Times.
- Básanna i 1949
- Daoine a rugadh i 1880
- Piaraí Ionadaíocha na hÉireann
- Airí Comh-Aireachta Thuaisceart Éireann (Parlaimint Thuaisceart Éireann)
- Baill de Ríchomhairle Thuaisceart Éireann
- Baill de Sheanad Thuaisceart Éireann 1925 -1929
- Baill de Sheanad Thuaisceart Éireann 1929 -1933
- Baill de Sheanad Thuaisceart Éireann 1933 -1937
- Baill Pháirtí Aontachtach Uladh de Sheanad Thuaisceart Éireann
- Bíocunta Charlemont
- Daoine as An Caisleán Nua, Contae an Dúin
- Daoine a fuair oideachas i gColáiste Winchester
- Baill Pháirtí Aontachtach Uladh