Jagadguru Kripaluji Maharaj

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Jagadguru)
Infotaula de personaJagadguru Kripaluji Maharaj

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith5 Deireadh Fómhair 1922
Ceantar Pratapgarh, An India Cuir in eagar ar Wikidata
Bás15 Samhain 2013
91 bliana d'aois
Deilí Nua, An India Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn Hiondúchas
Gníomhaíocht
Gairmgúrú Cuir in eagar ar Wikidata
Mac/iníon léinnMukundananda
Gradam a fuarthas

Suíomh gréasáinjkp.org.in Cuir in eagar ar Wikidata
Facebook: Jagadguru.Kripaluji.Maharaj Youtube: UCBwhunHw3_4phRmBdka4Duw Cuir in eagar ar Wikidata
Slua mór ag éisteacht le hóraid spioradálta Jagadguru Shree Kripaluji Maharaj san India

Ba mháistir spioradálta Hiondúch é Jagadguru Shree Kripaluji Maharaj[1]. B'é an cúigiú duine i stair na hIndia a bhfuil an chéimíocht sin Jagadguru bainte amach aige. Is éard is ciall leis an téarma Sanscraite Jagadguru ná "ardmáistir spioradálta an domhain". Ag 85 bhliain d'aois[2], tá lucht leanúna aige ar fud an domhain. Tugann siad Shree Maharajji air lena gceanúlacht air a chur in iúl.[3] Cailleadh é ar an 15 Samhain 2013 tar éis díobháil inchinne.[4]

Óige Kripaluji Maharaj[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Jagadguru Kripaluji Maharaj i nDeireadh Fómhair 1922 é,[5] agus b'é an chéad ainm a bhí air ná Ram Kripalu. Nuair a tháinig Kripaluji Maharaj chun saoil, bhí oíche lánré ann, agus an fhéile úd Sharat Poornima (Féile na Lánré) á ceiliúradh. Teaghlach reiligiúnda Braithmíneach ab ea a mhuintir, agus cónaí orthu i Mangarh, sráidbhaile beag in aice le hAllahabad san India. Nuair a bhí sé ceithre bliana déag d'aois, cuireadh chuig coláiste Sanscraite é in Indore le teanga an tseanléinn Indiaigh a fhoghlaim agus le staidéar a dhéanamh ar an litríocht sa teanga. Creidtear nár thóg sé ach dhá bhliain air le deireadh a chur ar an gcúrsa léinn[6].

Ní raibh Kripaluji Maharaj ach sé bliana déag d'aois, nuair a thug sé cuairt ar Chitrakoot, Sharbhang, Mahoba agus Jhansi. Chaith sé dhá bhliain i ndlúthfhoraois na hIndia ag déanamh a mharana ar Dhia agus ar chúrsaí a chreidimh. I rith an ama seo, thuill sé an chéimíocht Sanscraite 'महाभाव' mar aitheantas ar an riocht spioradálta ina raibh sé.

An ardmháistreacht spioradálta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Varsani (Kashi) - Cathair Naofa an Hiondúchais

Sa bhliain 1955, d'eagraigh Jagadguru Jagadguru Kripaluji Maharaj Curtha i gcartlann 2007-08-19 ar an Wayback Machine comhdháil reiligiúnda i Chitrakoot san India. Tháinig ceannairí spioradálta mór le rá na hIndia le chéile ansin. Ar na toscairí, bhí Mahamahopadhyay Giridhar Sharma, uachtarán na scoláirí reiligiúnda i gKashi, Kashi Vidvat Parishat. Chuaigh saíocht reiligiúnda Jagadguru Shree Kripaluji Maharaj go mór i bhfeidhm air.[7].

Sa bhliain 1956, i rith comhdhála reiligiúnda eile i Varanasi[8], tháinig Shree Raj Narain, Shat Shastree ag éisteacht le léachtaí Kripaluji Maharaj. Thug sé cuireadh do Kripaluji Maharaj léachtanna a thabhairt do scoláirí reiligiúnda i gKashi. Mar sin, chuaigh Kripaluji ansin sa bhliain 1957[9].

Tháinig scoláirí reiligiúnda na cathrach naofa ar fad le chéile in araicis an teagaisc a thabharfadh Kripaluji Maharaj dóibh, timpeall is dhá chéad míle duine ar fad. Ba mhó an t-ábhar iontais dóibh an tuiscint a bhí ag Jagadguru Shree [1] don chreideamh Hiondúch agus do na scríbhinní naofa. Bhí dianstaidéar déanta aige ar na Véidí, ar na hÚpainiséadaí, ar na hUipvéidí, ar na Veideangaí, ar na Dairsean-Seastraí, ar na Puranaí, ar na hIteahaí, rud ab annamh do dhuine nach raibh ach cúig bliana déag is fiche d'aois. Labhair Kripalu Maharaj ar feadh seacht lá. I ndiaidh na n-óráidí, bhronn na scoláirí céimíocht an Jagadguru[10] air. Roimhe sin, níor tugadh an chéimíocht seo ach do chúigear máistir le cúig mhíle bliain anuas, mar atá, Adi Sankaracharya (509-477 RC), Nimbarkacharya (roimh 600 RC), Madhavacharya (sa tríú haois déag) agus Ramanujacharya (1017-1137 i ndiaidh bhreith Chríost).

Fhealsúnacht Jagadguru Shree Kripaluji Maharaj[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'foilsigh Jagadguru Shree Kripaluji Maharaj an bun-fealsúnacht hinduach.

Ghlacann Jagadguru Shree Kripaluji Maharaj Shat Sandarbh Jeev Goswami agus dar leis, is í an leabhair Bhagavatam an uile-údarás hinduach.

Go háirithe, rinne sé réiteach idir na difriochta atá ann i fealsúnachtaí na 'Jagadguru' eile. In urraim an éacht sin, thug na scholairí naoifeacha an teidil Sanscrait निखिलदर्शनसमन्वयआचार्य (Nikhildarshansamanvayacharya) dó. Rud a chialiann gur bhunaigh sé fíor-teagasc na scrioptúirí.

Mhuineann sé gurbh é priomh-aidhm an anam uile-ghrá Dia a bhaint amach trí dúthracht íon, neamhleithleach a dhéanamh do Dhia agus meabhrú domhaina a dhéanamh (bhakti) air.[11] Is é sin bhun-fealsúnacht an tsaoil.[12] Chomh maith le sin, chuireann Jagadguru Kripaluji Maharaj béim mór ar umhaleacht.[13]

Jagadguru Shree Kripaluji Maharaj in Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

In Iúil 2007, trasnaigh na dosaein iarratasóir-spioradálta an tAigéan go Sasana ar feadh seachtain chun ciall naofa a bhaint ó Jagadguru Kripaluji Maharaj. Bhain siad ar fad an iomad buntáistí uaidh.

Oibreacha sosialta Kripaluji Maharaj[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhunaigh an Jagadguru trí ospidéal in India[14]. Tá siad suite i Mangarh, áit breithe an Jagadguru, Vrindavan agus Barsana.

Ashram Kripaluji Maharaj[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chun a theagaisc a chur in iúl, bhunaigh Jagadguru Shree Kripaluji Maharaj cùig phríomhinstitiúid spioradálta (thugtar ashram orthu i Sanscrait). Is iad Jagadguru Kripalu Parishat, Barsana Dham; Bhakti Dham; Jagadguru Dham; Rangeeli Mahal agus Shyama Shyam Dham[15]

Litríocht Kripaluji Maharaj[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is údar é Jagadguru Shree Kripaluji Maharaj[16] freisin. Chum sé gearrchuid leabhair chun cabhrú le daoine an fealsúnacht naofa a thuisceant i dtearma simplí. Mhol máistirí spioradálta mór le rá eile na hIndia a chuid oibreacha litríochta mar uile-údarás spioradálta na Hiondúchas.[17][18] De bharr sin, thugadh aitheantas specialta dá chuid litríocht bearla-aistrithe ón World Religious Parliment, Deilí Nua. Ina theannta sin, tá na millte amhrán cráifeach scéimhiúil cumaithe aige chun cabhrú le meabhrú domhaina,[19] a lucht leanúna. Tá a chuid litríocht ar fad scriobhta in Hindi:

  • Prem Ras Siddhant- Kripaluji Maharaj[20]
  • Prem Ras Madira - Kripaluji Maharaj[21]
  • Bhakti Shatak[Bhakti Shatak - Kripaluji Maharaj]
  • Braj Ras Madhuri.
  • Radha Govinda Geet [2]
  • Yugal Shatak.
  • Yugal Ras.
  • Shree Krishn Dwadashi.

Leathanacha eile[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]