JAM Media
| Sonraí | |
|---|---|
| Cineál | stiúideo beochana |
Is comhlacht Éireannach é Jam Media,[1] ceann de na comhlachtaí beochana is mó cáil in Éirinn. Tá a cheannoifig suite i mBaile Átha Cliath agus stiúideo táirgeachta i mBéal Feirste.
Tá JAM Media aitheanta go forleathan as a gcuid clár teilifíse do leanaí agus do lucht féachana réamhscoile. Bhuaigh Jam roinnt gradam tábhachtacha, lena n-áirítear duaiseanna BAFTA, RTS, agus Kidscreen. Bhí a sraith "Roy" ar cheann de na cláracha ba rathúla dóibh, ag buachan gradaim idirnáisiúnta éagsúla.
Eagraíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bunaíodh JAM Media sa bhliain 2002. Bhunaigh triúr cairde an comhlacht - John Rice, Alan Shannon agus Mark Cumberton - a bhí ag obair mar beochantóirí ag an am. Osclaíodh oifig i mBéal Feirste in 2013; cruthaíodh 40 post nua le tacaíocht ó Invest NI agus Northern Ireland Screen.[2]
In 2025, d'fhostaigh JAM Media beagnach 180 duine.
Baineann JAM Media meascán de bheochan traidisiúnta, puipéadóireacht, beochan 2D agus CG. Léiríonn an clár "Becca's Bunch" an cur chuige seo, ag cónascadh formáidí éagsúla chun domhan uigeach a chruthú.
Eagraíonn Jam Media féile Animation Dingle, féile mhór bheochana in Éirinn.
Cláir
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá clú idirnáisiúnta bainte amach ag JAM Media le cláracha mar:
- Roy - Sraith a bhuaigh duais BAFTA, sraith teilifíse do leanaí a craoladh ar CBBC
- Becca's Bunch - Sraith réamhscoile a cheannaigh Nickelodeon
- Nova Jones - Sraith sci-fi agus ceoil a craoladh ar CBBC agus RTÉ, a bhaineann le réalta spáis
- Jessy and Nessy - Sraith réamhscoile a cruthaíodh do Amazon Studios
- Little Roy, Baby Jake, Tilly and Friends, agus go leor eile
Sa bhliain 2025 d'fhógair Jam go mbeidh an seó 'BeddyByes' ag teacht go Disney+ agus Disney Jr. Is cartún é 'BeddyByes' do pháistí óga. Díríonn an seó isteach ar dhá charachtar 'MeMo' agus 'BaBa'. I ngach eipeasóid, déanann na príomhcharachtair gnáthchúrsaí laethúla. Chruthaigh Jam Media 'BeddyByes' timpeall 2021. Bhí thart ar 110 duine ag obair ar an seó seo. In 2024, thosaigh siad ag obair le RTÉ Jr agus BBC. Sa bhliain 2025, bhí 52 eipeasóid ann, 11 nóiméad ar fad.[3]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "JAM Services – JAM Media" (en-US). www.jammedia.com. Dáta rochtana: 2025-10-15.
- ↑ Northernirelandscreen.co.uk (2017). "NI-Screen Value Report".
- ↑ ELeathanach 504, 6 Deireadh Fómhair 2025