Is Fada Liom Oíche Fhír-fhliuch (Dán)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Saothar CeoilIs Fada Liom Oíche Fhír-fhliuch
Foirm cheoildán Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga an tsaothair nó an ainman Ghaeilge

Chum an file Aogán Ó Rathaille (1675? – 1729) an dán seo. B'é Ó Rathaille a chuir tús leis an ngné liteartha i bhfilíocht na Gaeilge ar a dtugtar aisling. Rugadh Ó Rathaille i Screathan an Mhil, Sliabh Luachra, Contae Chiarraí. Bhí a shinsir ina n-ollúna ag Clann Mhic Cárthaigh Mhóir.

Fuair sé teagasc sa Laidin agus sa Bhéarla agus chuir sé aithne ar stair agus litríocht na Gaeilge. Ceann de na dánta ba cháiliúla dár chum sé ab ea Gile na Gile. Thart faoin mbliain 1714 a scríobhadh an aisling Bharócach seo, san am céanna agus a chuaigh an rí Gearmánach Seoirse I (1660-1727) de rítheaghlach Hannover i seilbh choróin na Breataine. Gné thábhachtach den chineál filíochta a chumadh Aogán is ea an gaol a shamhlaigh sé, mar fhile teaghlaigh, a bheith aige féin le Clann Mhic Chárthaigh Mhóir. B'é an Cárthach Mór príomhghéag an teaghlaigh ríoga agus cé go raibh na Cárthaigh i réim i gCúige Mumhan anallód, bhí an cine 'tráite tréithlag' faoin am seo. Tugann a shaothar léargas ar mheath na nGael sa seachtú haois déag nuair a bhí uasalaicme na hÉireann á gcur as seilbh agus á ndíbirt thar sáile ag fórsaí na Breataine. In ainneoin na hoiliúna a bhí air, b'éigean d'Aogán dul ag obair mar spailpín ar fud chúige Mumhan. Tá an file adhlactha i Mainistir Mhucrois, Eastát Mhucrois, Páirc Náisiúnta Chill Airne, Cill Airne, Co Chiarraí.

Is liric chráite bhuartha í seo seo ó fhile a bhí go maith lá den tsaol ach a raibh air, de dheasca a dhéalúis, maireachtáil i mbothan bocht os cionn na farraige láimh le Tonn Tóime i gCorca Dhuibhne. Meastar anois go bhfuil an méid atá idir Thrá Lí siar go Dún Chaoin i gCorca Dhuibhne anois, ach bhí tráth ann nuair do háirítí a bhfuil de thalamh ó Dhún Chaoin go Dairbhre, ar an dá thaibh de Bhá an Daingin, san dúiche sin. Istigh in aice le ceann na Bá, tá dhá fhearsaid ag gobadh amach san fharraige - ar aghaidh a chéile - an Ínse ar an dtaobh thuaidh agus Ros Beithe ar an dtaobh theas; agus is ar an dtoinn a éiríonn as an bhfarraige aniar agus a bhriseann ar an dá fhearsaid sin a tugtar Tonn Tóime. Loch na dTrí gCaol a tugtaí go minic ar a bhfuil de Bhá an Daingin laistigh soir ón dá fhearsaid sin, mar is ann a théann an Leamhain, an Mhaing agus an Chárthaigh i bhfarraige. Adeirtí san tseanchas go gcaoineadh Tonn Tóime, atá san áit sin, cás na hÉireann anallód, dála mar dheineadh Tonn Chlíona i gCuan Dor theas, Tonn Ruairí ar chósta an Dúin, agus Tonn Tuaidhe ar chósta Aontroma. Léargas ar a chrá is ar a anbhuain féin, oíche nárbh fhéidir dó néall a chodladh de dheasca na mbúireanna bhí ag Tonn Tóime thíos faoi san bhfarraige, a thugann an file dhúinn sa dán seo. Oíche anróch dhoininne atá ann, agus nuair nach féidir leis codladh, ritheann a aigne chun machnaimh- machnamh ar a dhéalús anois, murab ionann agus na hacmhainní a bhí aige féin agus ag a mhuintir lá dá raibh.

Is Fada Liom Oíche Fhír-fhliuch[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is fada liom oíche fhír-fhliuch gan suan, gan srann,
gan ceathra, gan maoin, caoirigh ná buaibh na mbeann;
anfa ar toinn taoibh liom do bhuair mo cheann,
is nár chleachtas im naíon, fíogaigh ná ruacain abhann.
Dá maireadh an rí díonmhar ó bhruach na Leamhan
is an gasra do bhí ag roinn leis lér thrua mo chall
i gceannas na gcríoch gcaoin gcluthair gcuanach gcam,
go dealbh í dtír Dhuibhneach níor bhuan mo chlann.
An Carrathach groí fíochmhar lér fuadh an mheang
is Carrathach Laoi i ndaoirse gan fuascladh fann;
Carrathach, rí Chinn Toirc, in uaigh 's a chlann,
is is atuirse trím chroí gan a dtuairisc ann.
Do shearg mo chroí im chlíteach, do bhuair mo leann,
na seabhaic nár fríth cinnte, ag ar dhual an eang
ó Chaiseal go Toinn Chlíona 's go Tuamhain thall,
a mbailte 's a dtír díth-chreachta ag sluaghe Gall.
A thonnsa thíos is airde géim go hard,
meabhair mo chinnse cloíte ód bhéiceach tá;
cabhair dá dtíodh arís go hÉirinn bháin,
do ghlam nach binn do dhingfinn féin id bhráid.

Gluais[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Duibhneacha Corca Dhuibhne
  • ceathra eallach
  • maoin saibhreas
  • buaibh na mbeann buaibh a bhfuil adharca orthu
  • anfa stoirm ghaothach
  • ar toinn ar an bhfarraige
  • do bhuar mo cheann do chrá is do chuir trína chéile mé
  • nár chleachtas im naíon nár thaithíos nuair a bhíos im leanbh
  • fíogaigh iolra ar fíogach dogfish
  • ruacain abhainn coclkes nó b'fhéidir mussels
  • an rí díonmhar Donnchadh, Iarla Chlainne Cárthaigh is Barún Dhairbhre
  • an gasra do bhí ag roinn leis an dream a bhí páirteach leis
  • lér thrua mo chall a ghlacfadh trua dhom im riachtanas
  • clúthair cluthar fothainiúil
  • cuanach a bhfuil mórán calafort ann
  • an Cárrthaigh groí Mac Cárthaigh Mór breá, láidir, croíúil'
  • lér fua an mheang gurbh fhuath leis an cam agus an feall
  • Carrathach Laoi Iarla Chlainne Cárthaigh, ar a dtugtaí Barún na Blarnan
  • Carrathach, rí Chinn Toirc na Cárthaigh ar a dtugtaí Mac Donnchadha Ceann Toirc
  • is atuirse trím chroí is ábhar bróin marbhaigh dom
  • do shearg do chrap
  • mo leann mo lionn my humour
  • na seabhaic na laochra
  • nár frith cinnte ná bíodh sprionlaithe
  • ag ar dhual gurbh é a gceart
  • an eang an talamh
  • dá dtíodh an Modh Foshuiteach
  • go hÉirinn bháin go hÉirinn uasal álainn
  • do dhingfinn féin id bhráid do chuirfinn siar síos id scórnaigh é


Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]