Irish Astronomical Tract
Cuma
| Cineál | téacs agus adaptation (en) |
|---|---|
| Teanga | Nua-Ghaeilge Mhoch |
| Tréith | |
| Príomhábhar | réalteolaíocht |
Is lámhscríbhinn Éireannach é an Irish Astronomical Tract déanta sa chéad chuid den 14ú haois. Scríobhadh as Nua-Ghaeilge moch é, bunaithe ar aistriúchán Laidine de shaothar Araibis De Scientia Motus Orbis le Masha'allah ibn Atharī (c.740–815 AD). As 40 caibidil ar fad, tá 27 dóibh as De Scientia agus na cinn eile as saothair le húdair chlaisiceacha éagsúla.
Ní fios údar an dréachta nó áit a cumadh é, ach is féidir dáta a chur leis óir an tagairt ann do spéaclaí.
Lámhscríbhinní
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Acadamh Ríoga na hÉireann, Stowe, B II 1, ar fáil ar ISOS
- ARÉ 23 F 13
- Leabharlann Marsh, Z 2. 2. 1 (olim V. 3. 1. 38)
- British Library L 3. B. 32 (cóip de 'De Scientia Motus Orbis').
Eagráin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- J. J. O'Farrelly, Irish Cosmographical Tract: Transcription of the Irish Text with contractions retained [as Stowe B II 1]. Lámhscríbhinn neamhfhoilsithe, ARÉ MS 3A7, 852 (1893).
- —, Irish Cosmographical Tract. Athscríbhinn, le tagairtí dosna cóipeanna Marsh agus ARÉ #2. Lámhscríbhinn neamhfhoilsithe, ARÉ MS 3A10, 855 (1893).
- J. E. Gore, 'An Irish Astronomical Tract', in: 'Knowledge & Scientific News'; Feabhra, 1909.
- Maura Power, Caibidilí 8, 39 agus cuid de 9, agus blúire beag eile, Celtica 11 (Londain, The Celtic Association) 54–6; 90–92; 101–03.
- Tomás Ó Concheanainn, The Scribe of the Irish Astronomical Tract in the Royal Irish Academy, B II 1, Celtica 11 (1976) 158–67.
- John A. Williams, The Irish Astronomical Tract: a case study of scientific terminology in 14th century Irish, M.Phil. Thesis, University of Sydney, 2002. Ar fáil ar líne