Iriseoireacht spóirt

Is ionann iriseoireacht spóirt[1] agus ceird ina ndéantar tuairisciú, scríbhneoireacht, eagarthóireacht nó grianghrafadóireacht ar chúrsaí spóirt, ar mhaithe le craobhscaoileadh agus mar sin de.[2] Is tionscal ar fiú na céadta milliúin euro é tionscal an spóirt in Éirinn agus tá sé ag éirí níos gairmiúla. Mar an gcéanna, tá an chumarsáid spóirt ag éirí níos tábhachtaí.
Na meáin dhigiteacha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá athrú ó bhonn curtha ar an iriseoireacht spóirt ag na meáin dhigiteacha sa 21ú haois. Bhí titim ollmhór ar dhíolachán páipéir nuachta ar fud a domhain sna 2010idí agus 2020idí. Sna Stáit Aontaithe, cé go ndíoltar 3 mhilliún cóip i gcónaí, is uair chuile mhí a fhoilsítear Sports Illustrated ansiúd na laethanta seo – bhíodh sin á dhéanamh go seachtainiúil go dtáinig 2018. I mí Feabhra 2026, d’fhógair an Washington Post go raibh le deireadh a chur le rannóg spóirt an nuachtáin mar a bhí agus ag ligean le 300 dá chuid oibrithe.[3][4]
Tá muide ar ansa linn cúrsaí spóirt ag iompú nó iompaithe ina threo mar go mbíonn an scéal atá uainn againn ar an toirt, go minic i bhfoirm físe. Tá a gcuid suíomhanna féin anois ag chuile mhórfhoireann spóirt ar fud na cruinne. Cén fáth go bhfanfadh duine an uair an chloig féin ag fanacht le scéal faoin bhfoireann atá roghnaithe nó cén bhail atá ar an bhfear atá gortaithe nuair atá sin le fáil láithreach bonn lena chorrmhéar. Anuas air sin ní gá duit a bheith ag brath ar aon áisíneacht lena theacht ar a bhfuil le rá ag lúthchleasaithe móra na linne.[3]
Más iad Arsenal is ansa leat, cuir i gcás, ag brath ar d’aois, is chuig nuachtáin thraidisiúnta, na meáin chraolta nó chuig an idirlíon a théann tú ar thóir do chuid eolais. Anois tá ar do chumas dul díreach chuid leathanach Facebook an chumainn, áit a mbeidh an fhoireann foilsithe sula dtosóidh na cluichí a imreoidh siad agus agallamh le himreoir ina ndiaidh. Níl teacht ag aon iriseoir ar eolas den chineál sin.[5]
Athrú ollmhór eile tagtha ar an iriseoireacht spóirt sa 21ú haois agus go háirithe ar an gcraoltóireacht is ea an méadú as cuimse atá tagtha ar líon na bhfoinsí a bhíonn ina mbun – tá saolú na ceirde ar a dtugtar ‘anailísiú’ ar chuid den loinnir sin. Is é an comhthráchtaire a bhíonn suite le hais an té a bhfuil an cúram sin air fad agus atá an imirt ar siúl. Sula dtosaíonn sin, ag leath ama agus nuair a bhíonn an fheadóg dheireanach séidte a thagann obair an anailísí i gceist.[6] Inniu tá cuid mhaith den anailís i lámha iar-imreoirí, iarbhanisteoirí nó curtha i láthair ar bhealach a bhfuil níos mó siamsaíochta ag baint leis. Podchraolta mar shampla.[3]
Is nós freisin le himreoirí sacair go háirithe úsáid a bhaint as na meáin shóisialta le labhairt díreach leis an lucht leanta agus gan bacadh leis na meáin thraidisiúnta. Ar an gcuma sin, ní gá dóibh dul sa seans go gcuirfidh iriseoir an méid atá ráite acu as a riocht. Sa bhliain 2015 bhí Ronaldo ar an gcéad lúthchleasaí a raibh 100 milliún leantóir Facebook aige (mar aon le 31 milliún ar X / Twitter agus 10 milliún ar Instragram ag an am).[7]
An Ghaeilge
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Máistreacht san Iriseoireacht agus Cumarsáid Spóirt seolta ag Ollscoil na Gaillimhe in 2020.[8] Tá an clár dírithe ar chéimithe a bhfuil spéis acu gairm bheatha a bhaint amach san iriseoireacht spóirt, chomh maith leis an réimse ghinearálta a bhaineann le cumarsáid spóirt, mar shampla cruthú ábhar digiteach, anailís sonraí agus comhairliúchán straitéiseach.[9]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ i mBéarla, sports journalism
- ↑ Cúla4 (Iúil 2020). "iriseoireacht le Méabh Ní Thuathaláin ó @tuairiscnuacht". Twitter. Dáta rochtana: 2022-05-17.
- 1 2 3 Mártan Ó Ciardha (22 Feabhra 2026). "Caillfear cuid den spórt le meath an pháipéir nuachta" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-02-23.
- ↑ Is don nuachtán céanna sin a scríobh cuid dena hiriseoirí agus de na húdair ab fhearr i mbun pinn sna Stáit Aontaithe – ina measc John Feinstein.
- ↑ gaa.ie / CUAILLE (NOLLAIG 2022). "Buaic-Ghradam Cumarsáide Oireachtas na Gaeilge bronnta ar Mhártan Ó Ciardha".
- ↑ Mártan Ó Ciardha (8 Meán Fómhair 2024). "Éist le Ruby Walsh ag tabhairt a bharúil faoi rás capaill agus tuigfidh céard is anailís ann" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-02-23.
- ↑ Mártan Ó Ciardha (19 Aibreán 2015). "Tá col agam le daoine nach mbíonn in ann cnaipe a scaoileadh gan é a chur in iúl do chách…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-02-23.
- ↑ Pádraic Ó Ciardha (27 Feabhra 2020). "An Ghaeilge le bheith mar chuid de chéim iriseoireachta spóirt den chéad uair" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-02-23.
- ↑ Ollscoil na Gaillimhe (2020). "Clár Nua Máistreachta san Iriseoireacht agus Cumarsáid Spóirt seolta". www.universityofgalway.ie. Dáta rochtana: 2026-02-23.