Ionstraim trasdula

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ionstraim réalteolaíochta chun aistear rinn spéire os cionn fadlíne an bhreathnóra a bhrath. Cheap an réalteolaí Danmhargach Ole Roemer (1644-1710) an chéad cheann i 1689. Go ginearálta, is teileascóp í atá feistithe ar ais chothrománach fhosaithe ionas gur féidir leis scuabadh trí phlána ceartingearach tríd an bhfadlíne. D'úsáidtí é le cloig a cheartú, trí am fosaithe áitiúil (meán lae, mar shampla) a thaifeadadh trí bhrath. Ós rud é go bhfuil an difríocht ama idir meán lae ag áit ar bith agus meán lae i nGreenwich cothrom le domhanfhad na háite sin, is féidir an ionstraim seo a úsáid chun domhanfhad áite a dhéanamh amach.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Ionstraim trasdula". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 377.