Jump to content

Ionstraim Eorpach Aonair

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtIonstraim Eorpach Aonair
Íomhá
Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 49° 37′ N, 6° 08′ E / 49.61°N,6.13°E / 49.61; 6.13
Cineálconarthaí an Aontais Eorpaigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana17 Feabhra 1986 Cuir in eagar ar Wikidata
Teacht i bhfeidhm1 Iúil 1987 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhLucsamburg Cuir in eagar ar Wikidata
TírLucsamburg Cuir in eagar ar Wikidata
Sínitheoir
TaisceRialtas na hIodáile Cuir in eagar ar Wikidata

Bhí an Ionstraim Eorpach Aonair (IEA) (1987)[1] ina chéad mhórleasú ar Chonradh na Róimhe (1957). Spreag an ionstraim an Comhphobal Eorpach chun margadh aonair a bhunú faoin 31d Nollaig 1992, agus chuidigh sí Comhoibriú Polaitíochta na hEorpa a chur ar bhonn dlí, mar réamhtheachtaí an Chomhbheartais Eachtrach agus Slándála (CBES) don Aontas Eorpach. Síníodh an conradh ag ballstáit an CE i Lucsamburg ar an 17ú Feabhra 1986 agus sa Háig ar an 28ú Feabhra 1986. Tháining sí i bhfeidhm ar an 1d Iúil 1987, faoi Choimisiún Delors.

Bhí sé mar phríomh-aidhm na hIEA ná margadh aonair a chur ar bun sa Chomhphobal Eorpach faoin mbliain 1992. Creideadh go dtugfadh sprioc eacnamaíoch don Chomhphobal trí bacainní ar trádáil agus infheistíocht trasteorainn a bhaint. Ar son na haidhme seo, rinne an IEA athchóiriú ar phróiseas reachtaíochta an Chomhphobail le tabhairt isteach nós imeachta comhair agus le cead a thabhairt do vótáil trí thromlach cáilithe i réimsí nua. Cuireadh i bhfeidhm chomh maith bearta chun an próiseas a ghiorrú.

Agus iad ag súil le Conradh Maastricht (1992), gheall sínitheoirí na hIEA:

to continue the work undertaken on the basis of the Treaties establishing the European Communities and to transform relations as a whole among their States into a European Union.[2]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Conarthaí comhdhlúite mar thoradh an IEA (1986) ar cvce.eu:

  1. ↑ "Téarma: an Ionstraim Eorpach Aonair". IATE.
  2. ↑ "Single European Act". EUR-Lex (29ú Meitheamh 1987). Dáta rochtana: 18ú Meán Fómhair 2020. Níl leagan Gaeilge den chonradh ar fáil