Jump to content

Ionsaithe na Stát Aontaithe ar gháinneálaithe maíte drugaí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtIonsaithe na Stát Aontaithe ar gháinneálaithe maíte drugaí
Map
 14° N, 67° O / 14°N,67°W / 14; -67
Cineálbuille diúracáin Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deUnited States military campaign against cartels (en) Aistrigh, United States military buildup in the Caribbean during Operation Southern Spear (en) Aistrigh agus Dara téarma Donald Trump Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse2 Meán Fómhair 2025 - 
SuíomhSouthern Caribbean (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
TírStáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna87 Cuir in eagar ar Wikidata
Meán cumarsáide
Codanna

Thosaigh ionsaithe na Stát Aontaithe ar gháinneálaithe drugaí[1] - a mhaíodh - sa Mhuir Chairib ar an 1 nó an 2 Meán Fómhair 2025. Mhaígh an tUachtarán Donald Trump go raibh cogadh ar siúl idir na Stáit Aontaithe agus na cairtéil atá iompórtáil drugaí ann. Idir 1 Meán Fómhair - 4 Nollaig 2025, buaileadh 23 bád agus maraíodh 87 duine ar a laghad.

1/2 Meán Fómhair: buaileadh bád 2 nó 3 uair nach raibh ró-fhad ó Veiniséala
léargas ginearálta

Tharraing na hionsaithe conspóid. Sa chéad ionsaí ar an 1 nó an 2 Meán Fómhair 2025, rinne Cabhlach Mheiriceá dhá ionsaí ar bhád amháin. Scaoil siad dhá dhiúracán ar an mbád ar dtús, a bhris as a chéile ina dhá chuid é, agus a mharaigh gach duine ar bord seachas beirt, a bhí fágtha, de réir cosúlachta, agus iad longbhriste sa raic. Ansin scaoil an Cabhlach dhá dhiúracán eile chun an bheirt údaí a mharú, agus d’éirigh leo.[2]

Bhí an tAimiréal Frank Bradley[3] i mbun ag an am. Ar an 3 Nollaig, thug sé fianaise do Chomhdháil na S-A faoi na hionsaithe. Bhí an bád ag iompar drugaí, de réir Washington.

Bhí easaontas sa Chabhlach. Ní raibh an an tAire Cosanta Pete Hegseth, sásta leis an Aimiréal Alvin Holsey {"commander of U.S. Southern Command" agus fear gorm). Ar an 11 Nollaig 2025, chuaigh Holsey ar scor.[4] Rinneadh é a scor go héigeantach, is cosúil.[5]

Is coir chogaidh é, agus sárú ar Choinbhinsiún na Ginéive, mairnéalaigh longbhriste a mharú.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. i mBearla, "2025 United States military strikes on alleged drug traffickers"
  2. Conradh na Gaeilge, Londain (6 Nollaig 2025). "Nuacht Mhall (Maigh Eo)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2025-12-14.
  3. "Frank M. Bradley" (as en) (2025-12-13). Wikipedia. 
  4. "US admiral leading US troops in Latin America steps down" (en). Spokesman.com (2025-12-12). Dáta rochtana: 2025-12-14.
  5. nytimes.com (12 Nollaig 2025). "Alvin Holsey, Admiral Who Oversaw Boat Strikes Off Venezuela’s Coast, Retires".