Ionsaithe na Stát Aontaithe ar gháinneálaithe maíte drugaí
| ||||
| Cineál | buille diúracáin | |||
|---|---|---|---|---|
| Cuid de | United States military campaign against cartels (en) | |||
| Tréimhse | 2 Meán Fómhair 2025 - | |||
| Suíomh | Southern Caribbean (en) | |||
| Tír | Stáit Aontaithe Mheiriceá | |||
| Líon básanna | 87 | |||
| Meán cumarsáide | ||||
| Codanna | ||||
Thosaigh ionsaithe na Stát Aontaithe ar gháinneálaithe drugaí[1] - a mhaíodh - sa Mhuir Chairib ar an 1 nó an 2 Meán Fómhair 2025. Mhaígh an tUachtarán Donald Trump go raibh cogadh ar siúl idir na Stáit Aontaithe agus na cairtéil atá iompórtáil drugaí ann. Idir 1 Meán Fómhair - 4 Nollaig 2025, buaileadh 23 bád agus maraíodh 87 duine ar a laghad.


Conspóid
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tharraing na hionsaithe conspóid. Sa chéad ionsaí ar an 1 nó an 2 Meán Fómhair 2025, rinne Cabhlach Mheiriceá dhá ionsaí ar bhád amháin. Scaoil siad dhá dhiúracán ar an mbád ar dtús, a bhris as a chéile ina dhá chuid é, agus a mharaigh gach duine ar bord seachas beirt, a bhí fágtha, de réir cosúlachta, agus iad longbhriste sa raic. Ansin scaoil an Cabhlach dhá dhiúracán eile chun an bheirt údaí a mharú, agus d’éirigh leo.[2]
Bhí an tAimiréal Frank Bradley[3] i mbun ag an am. Ar an 3 Nollaig, thug sé fianaise do Chomhdháil na S-A faoi na hionsaithe. Bhí an bád ag iompar drugaí, de réir Washington.
Bhí easaontas sa Chabhlach. Ní raibh an an tAire Cosanta Pete Hegseth, sásta leis an Aimiréal Alvin Holsey {"commander of U.S. Southern Command" agus fear gorm). Ar an 11 Nollaig 2025, chuaigh Holsey ar scor.[4] Rinneadh é a scor go héigeantach, is cosúil.[5]
An dlí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is coir chogaidh é, agus sárú ar Choinbhinsiún na Ginéive, mairnéalaigh longbhriste a mharú.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ i mBearla, "2025 United States military strikes on alleged drug traffickers"
- ↑ Conradh na Gaeilge, Londain (6 Nollaig 2025). "Nuacht Mhall (Maigh Eo)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2025-12-14.
- ↑ "Frank M. Bradley" (as en) (2025-12-13). Wikipedia.
- ↑ "US admiral leading US troops in Latin America steps down" (en). Spokesman.com (2025-12-12). Dáta rochtana: 2025-12-14.
- ↑ nytimes.com (12 Nollaig 2025). "Alvin Holsey, Admiral Who Oversaw Boat Strikes Off Venezuela’s Coast, Retires".
