Jump to content

Ionsaithe ar Gaza, Bealtaine 2025

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtIonsaithe ar Gaza, Bealtaine 2025
Lipéad sa teanga dhúchais(he) מבצע מרכבות גדעון Cuir in eagar ar Wikidata
Cineáloibríocht mhíleata Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deCogadht Iosrael-Hamas Cuir in eagar ar Wikidata

Cuireadh tús le "Oibríocht Carbaid na nGidéónach" i nGaza (Eabhrais : מבצע מרכבות גדעון)[1][2] ar an 16 Bealtaine 2025.

I dtús mhí na Bealtaine, cheadaigh rialtas Iosrael pleananna chun na hionsaithe ar Gaza a leathnú, agus Gaza a chur faoi chois. Chuir Iosrael na mílte cúlfhórsa sa bhreis i mbun dualgais in Gaza chun an stráice ina iomláine a ghabháil.

easáitiú éigeantach an phobail i nGaza sa bhliain 2025
  • 16 Bealtaine: D'fhógair Arm Iosrael feachtas nua cogaíochta.[3]
  • 17 Bealtaine: Thug na teileavótóirí sa tríú cuid de thíortha na hEorpa an scór is airde d’iarracht Iosrael i gComórtas na hEoraifíse, beag beann ar an sléacht in Gaza. Mhaígh craoltóirí náisiúnta áirithe gur earcaigh’ Iosrael teileavótóirí do Yuval Raphael.[4]
  • 18 Bealtaine: Chuir Iosrael fainic ar an bpobal ar fad i gCathair Khan Younis i ndeisceart Gaza "teitheadh i dtreo an chósta" sula dtugtar faoi "ionsaí ar scála nár facthas cheana riamh."[3]
  • 19 Bealtaine: I dteachtaireacht físe ar na meáin shóisialta, dúirt Príomh-aire Iosrael, Benjamin Netanyahu, go bhfuil Iosrael chun smacht a fháil ar Gaza ar fad.[5] Bhí na hIosraelaigh mionnaithe gach cearn de Gaza a chur faoina smacht.[6]
  • 20 Bealtaine: Mar gheall ar an ngéarchéim ag dul in olcas, cháin Príomh-aire na Ríochta Aontaithe, Keir Starmer (in éineacht le Emmanuel Macron agus Mark Carney), Iosrael agus é ag labhairt os comhair na parlaiminte. Bíodh sin mar atá, sheachain sé úsáid a bhaint as na focail ‘glanadh eitneach’ nó ‘cinedhíothú’, agus níor gheall sé ach oiread go stopfadh sé ag díol arm le hIosrael.[7]
  • 21 Bealtaine: Scaoil saighdiúirí Iosrael urchair gar do ghrúpa taidhleoirí as an Aontas Eorpach agus iad ar cuairt ar an mBruach Thiar. Bhí beirt as Éirinn ina measc.[8]
  • 23 Bealtaine: Bhí fógra tugtha ag na hIosraelaigh do Phalaistínigh i gceithre chomharsanacht déag i dtuaisceart Gaza imeacht as gan mhoill.[9]
  • 23 Bealtaine: Dar leis an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, bhí córas sláinte Gaza ar tí titim as a chéile agus fórsaí míleata Iosrael ag déanamh slada ann i gcónaí gan iamh ná foras. Ní raibh ach naoi gcinn déag de 36 ospidéal Gaza ag feidhmiú D'iarr Ceannaire na hEagraíochta Domhanda Sláinte, Tedros Ghebreyesus, ar na hIosraelaigh trócaire a dhéanamh ar na Palaistínigh agus deireadh a chur leis an bhforbhrúidiúlacht,[10]
  • Mhol na Stáit Aontaithe plean sos cogaidh, den chéad uair ón sos cogaidh ar theip air i mí an Mhárta. Dúirt Hamas nach ngeallann an beart sos cogaidh buan ná go leor soláthar cúnaimh.
  • Sa Ríocht Aontaithe scríobh 828 saineolaí dlí litir chuig an  bPríomh-Aire Keir Starmer ag lua go bhfuil cinedhíothú ag tarlú agus ag cur brú ar an rialtas úsáid a bhaint as gach acmhainn atá ar fáil chun stop a chur leis. [11]
  • In Éirinn, cáineadh an rialtas as an easpa gníomh dleathúil i gcoinne Iosrael. Chuaigh bean as Gaillimh, Sophie Ní Choimín ar stailc ocrais le brú a chur orthu an Bille Críoch Faoi Fhorghabháil a hachtú.[11]
  • I rith na seachtaine fuarthas ceadú sa Dáil cosc a chur ar iompórtáil ón Iosrael, ach baineann sé seo le táirgí amháin agus níl seirbhisí san áireamh, cé gurb iadsan a dhéanann an chuid is mó d’iomportáil ó Iosrael go hÉirinn.[11]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "מבצע מרכבות גדעון" (as he) (2025-06-03). ויקיפדיה. 
  2. "Tharraing an t-ainm seo conspóid ar he.wikipedia.org שיחה:מבצע מרכבות גדעון" (as he) (2025-05-29). ויקיפדיה. 
  3. 3.0 3.1 Nuacht RTÉ (2025-05-19). "Iosrael le leoraithe bia páistí a cheadú isteach go Gaza" (as ga-IE). 
  4. Alex Hijmans (21 Bealtaine 2025). "‘Douze points’ d’Iosrael – céard sa diabhal ba chúis leis?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-05-22.
  5. Conradh na Gaeilge, Londain (24 Bealtaine 2025). "Nuacht Mhall (Gaillimh)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2025-05-25.
  6. "Netanyahu says Israel will 'take control of all' of the Gaza Strip" (en) (2025-05-19). Dáta rochtana: 2025-05-25.
  7. "UK, France and Canada threaten action against Israel over Gaza" (en-GB). www.bbc.com (2025-05-20). Dáta rochtana: 2025-05-25.
  8. Nuacht RTÉ (2025-05-21). "Níl aon chúnamh faighte ag Palaistínigh fós, a deir carthanachtaí" (as ga-IE). 
  9. Nuacht RTE (2025-05-22). "Gan ach 'díol dreoilín' á ligean isteach in Gaza ag Iosrael" (as ga-IE). 
  10. Nuacht RTÉ (2025-05-23). "'Córas sláinte Gaza ar tí titim as a chéile'" (as ga). 
  11. 11.0 11.1 11.2 Conradh na Gaeilge, Londain (31 Bealtaine 2025). "Nuacht Mhall (Tiobraid Árann)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2025-06-01.