Ionsaithe ar Gaza, 18 Márta – 15 Bealtaine 2025
| Cineál | amlíne events in a specific year or time period (en) | ||
|---|---|---|---|
| Cuid de | Cogadht Iosrael-Hamas agus timeline of the Gaza war (en) | ||
| Dáta na bliana | 18 Márta 2025 | ||
| Tír | Stát na Palaistíne | ||
Ar an 18 Márta 2025 chuir Iosrael deireadh leis an sos cogaidh a bhí i bhfeidhm ag an am. I gcaitheamh na hoíche ar an 17/18 Márta, bhí os cionn 400 Palaistíneach maraithe ag ionsaithe Iosrael ar Gaza, ón aer agus ar talamh, tar éis thréimhse réasúnta ciúin. Tháinig Iosrael ar an namhaid gan fhios. Mar sin bhí Iosrael ceannairí Hamas - agus a gclann - a mharú gan stró. Bhí sé ina imní go mbeadh sé ina chogadh dearg arís, rud a tharla.[1][2]
Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chuir Iosrael imshuí i bhfeidhm ar Gaza ar an 2 Márta nuair a theip ar chainteanna a bhí dírithe ar fad a chur le sos cogaidh agus Iosrael tar éis tús a chur le hionsaithe ar Gaza arís. Tharla géarú ar an ngéarchéim dhaonnúil in Gaza ó chuir Iosrael stad le seachadadh fóirithinte nuair a chlis ar an sos cogaidh i mí an Mhárta. Bhí smacht iomlán ag Iosrael ar chúnamh idirnáisiúnta, rud a bhí fíorthábhachtach do mhuintir Gaza. Chuir Iosrael bac iomlán ar chúnamh ar an 15 Márta go gairid sular bhriseadar an sos cogaidh a bhí i bhfeidhm. Fuair 2,326 duine bás ó briseadh an sos cogaidh go dtí an 7 Bealtaine.[3] Bhí plean ag Iosrael agus na Stáit Aontaithe ceannas a ghlacadh ar dháileadh cúnamh daonnúil agus comhlachtaí príobháideacha a chur ina bhun.
Dúirt an tAire Airgeadais Iosrael, Bezalel Smotrich go ndéanfar "scrios iomlán" ar Gaza sula bhfágfaidh muintir Gaza an stráice. "Scriosfar Gaza. Cuirfear na sibhialtaigh ar fad go dtí limistéar daonnachtúil ó dheas, áit a mbeidh siad saor ó Hamas agus ó sceimhlitheoireacht. Scriosfar an chuid eile den stráice. Ansin, fágfaidh na sibhialtaigh ina mílte agus rachaidh siad go dtí tíortha eile."[4]

Ocras mar arm cogaíochta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chuir na hIosraelaigh cosc ar sholáthairtí bia a thabhairt isteach san iamhchríoch i mí an Mhárta.[5]
- Thug an Clár Domhanda Bia le fios i mí Aibreáin go bhfuil na soláthairtí bia ídithe go mór.[6]
- I dtús mí na Bealtaine, dúirt Cumann na Croise Deirge go raibh cliste go hiomlán, nach mór, ar iarrachtaí cúnamh daonnúil a chur ar fáil don phobal ansin, i ndiaidh cúig mhí dhéag den chogaíocht.
- Dúirt na Náisiún Aontaithe go raibh "gasúir Ghaza ag fulaingt leis an ngorta". Bhí bia agus breosla agus bunábhar eile fíor-ghann agus na stórais á bhfolmhú go tréan.[7]
- Bhí sé curtha i leith Iosrael ag Hamas go raibh ocras á úsáid acu mar arm cogaíochta ag Iosrael. Mar shampla, dúirt an Taoiseach, Micheál Martin gur léir gur coir cogaidh é an bac a bhí curtha ag Iosrael ar sheachadadh fóirithinte go Gaza idir Márta-Bealtaine 2025.[4]
- Rinne Médecins San Frontières cáineadh ar Iosrael maidir le “tubaiste dhaonnúil d’aon ghnó” a chruthú agus chuir an carthanas iomardú ar Iosrael faoi chuidiú coinníollach ar easáitiú éigeantach na bPalaistíneach a chothú. “Tá muid inár bhfinnéithe, lom láithreach, ag cruthaíocht coinníollacha le deireadh a chur le saol na bPalaistíneach in Gaza,” a dhearbhaigh an charthúnacht leighis MSF. “Tá ifreann ar talamh cruthaithe in Gaza do na Palaistínigh.”[8]
- D'fhógair ceannaire gnóthaí daonnúla na Náisiún Aontaithe, Tom Fletcher, ar an 20 Bealtaine go bhféadfadh páistí go leor bás a fháil mura gcuirtear bia ar fáil dóibh láithreach.[9] In ainneoin cáineadh forleathan ón bpobal idirnáisiúnta, níor cheadaigh Ios rael ach cúpla leoraí cúnaimh isteach i nGaza, cé go bhfuil níos mó ná 2.3 milliún duine ocrach le beagnach trí mhí. Bhí rís, pasta agus a leithéidí sin le fáil uaireanta, ach ní raibh torthaí, glasraí ná feoil ite ag daoine le míonna.[10]
- Ar an 21 Bealtaine, dúirt Oxfam go raibh daoine i nGaza ag fáil bháis leis an ocras agus go raibh daoine tar éis bás a fháil leis an ocras cheana féin, daoine óga agus seandaoine ina measc. Bhí achainí déanta ag an bPápa Leon agus ag an dTaoiseach Micheál Martin ar Iosrael soláthairtí fóirithinte a scaoileadh isteach i nGaza.[11]

Imeachtaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Márta
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bealtaine
[cuir in eagar | athraigh foinse]I dtús mhí na Bealtaine, cheadaigh rialtas Iosrael pleananna chun na hionsaithe ar Gaza a leathnú, agus Gaza a chur faoi chois. Chuir Iosrael na mílte cúlfhórsa sa bhreis i mbun dualgais in Gaza chun an stráice ina iomláine a ghabháil.
- 3 Bealtaine: Rinne Iosrael ionsaí dróin ar long shibhialtach a bhí ag triall ar Ghaza
- 7 Bealtaine: D'ionsaigh an IDF margadh agus bialann i Sráid Wehda in Rimal. Maraíodh 33+.[12]
- 9 Bealtaine: Thug na Stáit Aontaithe le fios inniu gur córas éigin Meiriceánach a bheas i mbun fóirithint a sheachadadh go Gaza.[13]
- 9 Bealtaine: D'iarr an Pápa Leon ar Rialtas Iosrael agus ar Hamas teacht ar shocrú éigin ionas go bhféadfaí sos comhraic buan a chur i bhfeidhm.[14]
- 11 Bealtaine: Maraíodh ar a laghad 15 duine i scoil ina raibh daoine gan dídean tar éis teitheadh i Jabalia i dtuaisceart Ghaza.[15]
- 12 Bealtaine: Scaoil Hamas saor an Meiriceánach Edan Alexander, saighdiúir de chuid Arm Iosrael a bhí coinnithe ina ghiall acu, toradh ar chainteanna díreacha idir Hamas agus na Stáit Aontaithe,. Ní raibh bhaint ag Rialtas Iosrael leis an margadh agus shí imní in Iosrael. go raibh deighilt ag tarlú idir Iosrael agus Réimeas Trump.[16][15][17]
- 12 Bealtaine: Dúirt na Náisiún Aontaithe go gcaithfear "deireadh a chur láithreach leis an léigear atá ar Ghaza.[13]
- 13 Bealtaine: D'impigh ceannasaí gnóthaí daonnúla na Náisiún Aontaithe ar Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe beart a dhéanamh go beo chun "an cinedhíothú" i nGaza a chosc.[18]
- 13/14 Bealtaine: D'ionsaigh an IDF an European Hospital in Khan Yunis.[19] Maradíodh ceannare Hamas, b'fhéidir. Bhí 70+ Palaistíneach in iomlán maraithe in ionsaithe a rinne Iosrael ar fud Gaza. Dúirt lucht leighis gur maraíodh formhór na ndaoine seo, mná agus páistí ina measc, nuair a rinne arm Iosrael baráiste ionsaithe aeir ar thithe i gceantar Jabalia, i dtuaisceart Gaza. Ach mhaígh údaráis mhíleata Iosrael gur thug siad rabhadh do na daoine a bhí ina gcónaí i Jabalia agus sna ceantair máguaird imeacht as an áit sin tar éis do ghrúpa armtha Palaistíneach roicéad a scaoileadh le hIosrael.[18]15 Bealtaine: Bhí níos mó ná 80 duine maraithe in ionsaithe aeir agus buamáil airtléire Iosrael ar Gaza.[20]
- 16 Bealtaine: D'fhógair Arm Iosrael feachtas nua cogaíochta.[21]
=>
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Israel breaks ceasefire with surprise airstrike, killing more than 400 Palestinians" (en). AP News. Dáta rochtana: 2025-03-19.
- ↑ "Os cionn 400 Palaistíneach maraithe ag aerionsaithe Iosrael ar Gaza, sos cogaidh scriosta" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-03-18). Dáta rochtana: 2025-03-18.
- ↑ Domhnall Mac Concharraige (2025-05-09). "“Uafás is ea é an rud atá ag tarlú do mhuintir Gaza” – an Dr Mike Ryan" (ga-IE). An Páipéar - Eagrán #28. Dáta rochtana: 2025-05-16.
- 1 2 Nuacht RTÉ (2025-05-06). ""Déanfar scrios iomlán ar Gaza"" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTE (2025-05-22). "Gan ach 'díol dreoilín' á ligean isteach in Gaza ag Iosrael" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-05-02). ""Ionsaí Dróin déanta ar long shibhialtach in uiscí idirnáisiúnta"" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-05-12). "Cogadh beag beann ar ghiall a ligean as géibheann – Netanyahu" (as ga-IE).
- ↑ Conradh na Gaeilge, Londain (17 Bealtaine 2025). "Nuacht Mhall (Dún na nGall)" (en-CA). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2025-05-17.
- ↑ "UN says no aid yet distributed in Gaza as international pressure on Israel mounts" (en-GB). www.bbc.com (2025-05-21). Dáta rochtana: 2025-05-25.
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-05-23). "'Córas sláinte Gaza ar tí titim as a chéile'" (as ga).
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-05-21). "Níl aon chúnamh faighte ag Palaistínigh fós, a deir carthanachtaí" (as ga-IE).
- 1 2 "2025 Wehda Street airstrikes" (as en) (2025-05-12). Wikipedia.
- 1 2 Nuacht RTÉ (2025-05-09). ""Ní bheidh baint ag Iosrael le seachadadh fóirithinte go Gaza"" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-05-11). "'Cuirtear deireadh le cogaíocht i Gaza'-An Pápa Leo" (as ga-IE).
- 1 2 Nuacht RTÉ (2025-05-12). "Giall - saighdiúir as Meiriceá - ligthe saor ag Hamas" (as ga-IE).
- ↑ Dúirt Einav Zangauker, a raibh a mac Matan i measc na ngiall a bhí fós ina mbeatha, go raibh an Príomhaire Netanyahu ag cur a shaol féin sa bpolaitíocht chun tosaigh ar réiteach a fháil ar an gcogadh.
- ↑ RnaG (2025-05-13). "Mícheál Ó hUanacháin : Tráchtaire ar chúrsaí an Mheán Oirthir." (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2025-05-16.
- 1 2 "70 Palaistíneach eile ar a laghad maraithe in ionsaithe Iosrael" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-05-14). Dáta rochtana: 2025-05-16.
- ↑ "2025 Gaza European Hospital strikes" (as en) (2025-05-23). Wikipedia.
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-05-15). "Ar a laghad 82 maraithe in ionsaí aeir is déanaí ar Gaza" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-05-19). "Iosrael le leoraithe bia páistí a cheadú isteach go Gaza" (as ga-IE).