Jump to content

Ionsaithe Iosrael ar Gaza, Márta 2025

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtIonsaithe Iosrael ar Gaza, Márta 2025
Map
 31° 27′ N, 34° 24′ E / 31.45°N,34.4°E / 31.45; 34.4
Cineáloibríocht mhíleata
tuairgneáil
cinedhíothú Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deCogadht Iosrael-Hamas agus Gaza genocide (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse18 Márta 2025 - 
SuíomhStráice Gaza Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna2,876 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe7,957 Cuir in eagar ar Wikidata
Déantóir na coireAerfhórsa Iosrael Cuir in eagar ar Wikidata

Ar an 18 Márta 2025 i gcaitheamh na hoíche, bhí os cionn 400 Palaistíneach maraithe ag ionsaithe Iosrael ar Gaza, ón aer agus ar talamh, tar éis thréimhse réasúnta ciúin. Chuir Iosrael deireadh leis an sos cogaidh a bhí i bhfeidhm ag an am. Tháinig Iosrael ar an namhaid gan fhios; mar sin bhí Iosrael in ann ceannairí Hamas - agus a gclann - a mharú gan stró. Bhí sé ina imní go mbeadh sé ina chogadh dearg arís, rud a tharla.[1][2]

An "líne" sos cogaigh ar an 20 Eanáir 2025
Mhol Trump "Riviera an Mheánoirthir" i mí Feabhra 2025: I mí Márta, sheol an Teach Bán fiseán den saghas seo, gníomh gríosaithe.[3][4]
Trump agus Benjamin Netanyahu sa Teach Bán, Feabhra 2025

Ar an 15 Eanáir 2025, bhí margadh faoi shos cogaidh déanta ag Iosrael agus Hamas.[5][6][7]

Dúradh ag an am go raibh na hIosraelaigh ag tapú an tsléachta le súil na Palaistínigh a dhíbirt as Gaza go buan, go háirithe ó thug Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump le fios go mbeadh sé i bhfabhar a leithéid de bheart.[8] "Riviera an Mheánoirthir" – só-ionad idirnáisiúnta – a bhí ar intinn aige, a dúirt sé.[9][10]

Le linn an ama seo, buaileadh an Bruach Thiar go dona.

Ar an 6 Márta 2025, bhí díothú Ghaza geallta ag Uachtarán Mheiriceá "muna scaoiltear saor gan mhoill na gialla" á gcoinneáil ag Hamas. Chuir Donald Trump fainic freisin ar cheannairí Hamas teitheadh as Gaza, an foláireamh deiridh a gheobhaidh siad, a dúirt sé.[11]

Bhí tuairim is 50,000 duine maraithe ag na hIosraelaigh in Gaza idir D.F 2023-Márta 2025, gan trácht ar na coirp is dóichí atá faoi smionagar na bhfoirgneamh ar fad a leacaíodh ná ar an domhnaíocht daoine a gortaíodh. Bhí 59 giall fós á gcoimeád in Gaza ar an 17 Márta 2025 agus measadh go raibh 24 díobh fós beo.

Mharaigh Iosrael os cionn 400 Palaistíneach - 150 leanaí ar a laghad[12] ina measc - in Gaza sa chéad mhór-ionsaí ar an stráice ó cuireadh tús leis an sos cogaidh ar an 15-19 Eanáir 2025.

Dúirt údaráis sláinte Gaza gur maraíodh os cionn 400 duine sna hionsaithe.

Díreach roimh 2:30 a.m., am na háite, (1:30 a.m., in Éirinn) a cuireadh tús leis na “ionsaithe fairsinge” a d’ordaigh Príomh-Aire Iosrael, Benjamin Netanyahu.[2]

Scaoil scairdeitleáin na nIosraelach na saithí diúracán le cathair Gaza agus le hionaid eile ar fud Gaza, le Deir al-Balah ina lár; agus le Khan Younis agus Rafah sa deisceart, srl. Rinne tancanna, héileacaptair agus airtléire Iosrael ionsaithe sliogán ar champaí teifeach Bureij[13] agus Maghazi[14] agus áiteanna eile.

Agus an chuid is mó de bhonneagar leighis Gaza nach mór scriosta ag na hIosrealaigh le beagnach ocht mí dhéag, tugadh coirp na marbh agus daoine a gortaíodh i ngluaisteáin chuig a bhfuil fanta d'ospidéil an limistéir a bhí ag feidhmiú ar éigean. Tugadh 85 corp chuig trí cinn de na hotharlanna sin, mar atá, Ospidéal Nasser in Khan Younis, Ospidéal Al-Aqsa Hospital i lár Gaza agus Ospidéal Al-Ahly i gCathair Gaza.[11]

Tháinig Iosrael aniar aduaidh ar an namhaid. I measc na marbh bhí ceannaire an rialtais in Gaza, Issam al-Da'alis,[15] chomh maith le ceathrar comhaltaí sinsearacha eile de Hamas ar a laghad. Maraíodh duine den cheathrar sin, a chlann agus a gharchlann ina dteach cónaithe i gCathair Gaza agus maraíodh sé dhuine dhéag ó theaghlach eile in Rafah.[11] Maraíodh ceannaire eile de chuid Hamas, Salah al-Bardaweel, ar an 22 Márta.[16]

Lean an slad ar aghaidh sna laethanta dár gcionn. Bhí conair soir-siar i lár Gaza faoina smacht ag na hIosraelaigh arís agus dhá leath déanta acu den iamhchríoch.[17]

Ar an 23 Márta, mhaígh an rialtas áitiúil i Rafah go raibh 50,000 duine faoi léigear ag saighdiúirí Iosrael i gceantar Tel Al-Sultan na cathrach, "iad sáinnithe i smionagar na cathrach, gan uisce, gan bia, gan aon chuidiú leighis."

Thug Rialtas Iosrael le fios "go leanfar de na hionsaithe nó go scaoilfidh Hamas saor na gialla Iosraelacha" faoi choinneáil in Gaza (58 giall a bhí i gceist ach mheas na hIosraelaigh go raibh 34 díobh marbh).[17]


=> D'éirigh an cogaíocht níos géire níos déanaí:

  • Dúirt Ard-Rúnaí na Náisiúin Aontaithe António Guterres gur údar alltachta a bhí sna hionsaithe agus d’iarr sé go léireofaí meas ar an sos cogaígh.[18]
  • Dúradh i ráiteas ó oifig Phríomh-Aire Iosrael go gcuirfí le neart a gcuid ionsaithe. Chuir an Rialtas i leith Hamas “gur dhiúltaigh siad arís is arís eile” gialla a scaoileadh saor agus glacadh le moltaí maidir le fad a chur leis an sos cogaidh.[2] Ní raibh sa mhóramas oíche ach a thús, a dúirt na hIosraelaigh, agus iad ag bagairt tuilleadh ionsaithe nó go scaoifeadh Hamas saor na gialla a bhí faoi choinneáil acu in Gaza.[19][8]
  • Dúirt grúpa a bhfuil ionadaíocht á déanamh acu ar mhuintir na ngiall go raibh tugtha suas ag rialtas Iosrael ar na gialla. “Tháinig an tuar faoin tairngreacht maidir leis an imní is mó a bhí ar na teaghlaigh, na daoine a fuadaíodh agus muintir Iosrael. Shocraigh rialtas Iosrael a hata a chaitheamh leis na gialla,” a dúirt Fóram na nGiall agus na dTeaghlach atá ar Iarraidh.
  • Mhaígh Hamas gur ionsaí a bhí ann ar “shibhialtaigh gan chosaint” agus gur chóir do lucht idirbheartaíochta an fhreagracht iomlán a chur ar Iosrael as an sos cogaidh “a shárú agus a chealú”. Dúirt Hamas gur léirigh na hionsaithe gur bréag a bhí i maíomh Iosrael go raibh fonn orthu go ndéanfaí an choimhlint a mhaolú. “Iarrtar ar an bpobal idirnáisiúnta gníomh a dhéanamh láithreach i dtaca le freagracht a leagan ar lucht na forghabhála agus a lucht tacaíochta as na coireanna seo in aghaidh na daonnachta,” a dúradh i ráiteas Hamas. Dúirt Hamas go raibh lánfhreagracht freisin ar Stáit Aontaithe Mheiriceá as an scrios ar mhuintir Gaza tiosc gur chuir Iosrael lucht an Tí Bháin ar an eolas faoi na hionsaithe roimhe ré.[2] Dúirt Hamas go raibh siad fós sásta dul i mbun idirbheartaíochta agus go rabhthas ag breathnú ar mholtaí Steve Witkoff, toscaire an Uachtaráin Trump.[20]
  • D'éiligh an cumann Dochtúirí gan Teorainneacha (MSF) ar Iosrael "deireadh láithreach" a chur le dí-shealbhú daoine agus a chinntiú go bhfuil cuidiú fóirithinte ar fáil.[21]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "Israel breaks ceasefire with surprise airstrike, killing more than 400 Palestinians" (en). AP News. Dáta rochtana: 2025-03-19.
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 "Os cionn 400 Palaistíneach maraithe ag aerionsaithe Iosrael ar Gaza, sos cogaidh scriosta" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-03-18). Dáta rochtana: 2025-03-18.
  3. Natan Odenheimer, Alan Yuhas (2025-02-26). "‘Fantasy’ AI Video, Shared by Trump, of Gaza as Luxury Resort Draws Scorn" (en-US). The New York Times. Dáta rochtana: 2025-03-19.
  4. Kyle Chayka (2025-03-05). "Donald Trump’s A.I. Propaganda" (en-US). The New Yorker. Dáta rochtana: 2025-03-19.
  5. "Sos cogaidh a chuirfeadh deireadh leis an gcoimhlint molta ag Hamas" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-02-07). Dáta rochtana: 2025-02-06.
  6. Máirtín Ó Duibhir (27 Eanáir 2025). "Ní fada go bhfeicfimid an bhfuil Iosrael dáiríre faoi shos cogaidh buan" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-02-06.
  7. "Margadh faoi shos cogaidh in Gaza déanta ag lucht idirbheartaíochta" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-01-15). Dáta rochtana: 2025-02-06.
  8. 8.0 8.1 Nuacht RTÉ (2025-03-18). "Na céadta maraithe ag Iosrael in Gaza" (as ga-IE). 
  9. "Cáineadh déanta ar phlean Trump ‘Riviera an Mheánoirthir’ a dhéanamh de Gaza" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-02-05). Dáta rochtana: 2025-02-05.
  10. Nuacht RTÉ (2025-02-05). "Trump ag moladh Palaistínigh a dhíbirt as Gaza" (as ga-IE). 
  11. 11.0 11.1 11.2 Nuacht RTÉ (2025-03-06). "'Díothú' muintir Gaza geallta ag Trump gan fuascailt na ngiall" (as ga-IE). 
  12. Agallamh le Peter Power, Executive Director UNICEF in Éirinn ar Claire Byne (2025-03-19). "The forgotten humanitarian crisis in Sudan" (en). RTE Radio. Dáta rochtana: 2025-03-19.
  13. almayadeen.net (18 Márta 2025). "Israeli artillery shelling east of Al-Bureij refugee camp and Deir al-Balah in the central Gaza Strip". Dáta rochtana: 19 Márta 2025.[nasc briste go buan]
  14. "Heavy shelling by helicopters on the Maghazi camp in the central Gaza Strip. Gaza" (en). Palestine and Israel news today on map - Jerusalem today - Israel News today - Palestine News today - israelpalestine.liveuamap.com. Dáta rochtana: 2025-03-18.
  15. "Issam al-Da'alis" (as en) (2025-03-18). Wikipedia. 
  16. Dov Lieber and Carrie Keller-Lynn. "Israel Is Killing Hamas Leaders in Quick Succession" (en-US). WSJ. Dáta rochtana: 2025-03-24.
  17. 17.0 17.1 Nuacht RTÉ (2025-03-20). "70 duine eile ar a laghad maraithe ag Iosrael in Gaza" (as ga-IE). 
  18. Jennifer Rankin, Oliver Holmes (2025-03-18). "World leaders express outrage at Israel’s renewed bombing of Gaza civilians" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2025-03-19.
  19. Jason Burke, Malak A. Tantesh (2025-03-18). "Netanyahu warns Israel’s renewed Gaza offensive ‘is only the beginning’" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2025-03-19.
  20. Nuacht RTÉ (2025-03-23). "Líon na ndaoine maraithe ag Iosrael i nGaza thar 50,00" (as ga-IE). 
  21. Nuacht RTÉ (2025-03-24). "21 maraithe ag Arm Iosrael thar oíche i nGaza" (as ga-IE). 
  22. Julian Borger (2024-04-01). "Why do arms continue to flow from US to Israel despite ceasefire resolution?" (en-GB). The Guardian. Dáta rochtana: 2024-04-03.