Jump to content

Ionsaí sceimhlitheoireachta Pahalgam, 2025

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtIonsaí sceimhlitheoireachta Pahalgam, 2025
Íomhá
(2012) Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 34° 00′ 13″ N, 75° 20′ 01″ E / 34.0036°N,75.3336°E / 34.0036; 75.3336
Cineálionsaí sceimhlitheoireachta
oll-lámhach Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid desceimhlitheoireacht san India agus insurgency in Jammu and Kashmir (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana22 Aibreán 2025 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhBaisaran Valley, An India (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata, Pahalgam tehsil, An India (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran India Cuir in eagar ar Wikidata
Is cúis le2025 India–Pakistan War (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna26 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe17 Cuir in eagar ar Wikidata
Déantóir na coireThe Resistance Front (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Tharla ionsaí sceimhlitheoireachta i Pahalgam sa Chaismír (India) ar an 22 Aibreán 2025. I gceantar turasóireachta sa Chaismír sna Himiléithe a tharla an t-ionsaí, an ceann ba mheasa ar shibhialtaigh le scór bliain.[1] Maraíodh 26 san eachtra, turasóirí an chuid is mó (24 as India, agus fear amháin as Neipeal agus fear eile as Dubai[2]), an t-ionsaí ba mharfaí ar shibhialtaigh san India ó lámhachadh Mumbai i 2008.

Chuaigh grúpa dar teideal "Kashmir Resistance," chun na meán sóisialta ag maíomh gurb iad a bhí freagrach as ionsaí Pahalgam, á rá go raibh na scórtha míle as ' an gcoigríoch' á lonnú sa réigiún in iarracht comhdhéanamh déimeagrafach na háite a athrú.[1]

Thug an t-ionsaí chun deiridh tréimhse réasúnta síochánta sa Chaismír roimh 2025. Bhí borradh faoin turasóireachta ann le roinnt blianta nuair a tháinig laghdú ar an gcorraíl fhrith-Indiach.

Gleann Betaab, Pahalgam

Iarracht taidhleoireachta

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí an náisiúnaí Hiondúch agus pobalóir, Narendra Modi, mar Phríomh-aire na hIndia ag an am. Chuir sé an milleán ar an bPacastáin as an ionsaí lámhaigh i Pahalgam. Rinne sé líomhaintí go raibh an Phacastáin taobh thiar den ionsaí agus go dtacaíonn sí le foréigean míleata sa Chaismír. Bhí na líomhaintí seo séanta ag an bPacastáin.

Chuir an India bearta i bhfeidhm in aghaidh na Pacastáine :

  • Chuir Rialtas na hIndia an Indus Waters Treaty (1960)[3] ar fionraí. B'ionann é agus cogadh a fhógairt a dúirt Rialtas na Pacastáine.[4]
  • Chuir Rialtas na hIndia seirbhísí víosaí do shaoránaigh de chuid na Pacastáine ar fionraí. Bhí ar Phacastánaigh an India a fhágáil roimh dhul in éag a gcuid víosaí ar an 27-29 Aibreán.[1][5][6]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 1.2 Nuacht RTÉ (2025-04-24). "É ordaithe do Phacastánaigh an India a fhágáil roimh 29 Aibreán" (as ga-IE). 
  2. Niraj Udhwani. While he was originally from Jaipur, India, he was working in Dubai, United Arab Emirates. He was in India with his wife for a holiday in Pahalgam after attending a wedding in Shimla.
  3. "Indus Waters Treaty" (as en) (2025-04-25). Wikipedia. 
  4. "Pahalgam attack: Will India suspending Indus Waters Treaty affect Pakistan?" (en-GB). www.bbc.com (2025-04-25). Dáta rochtana: 2025-04-25.
  5. "India and Pakistan ramp up tit-for-tat spat as tensions mount over Kashmir attack" (en). AP News (2025-04-24). Dáta rochtana: 2025-04-25.
  6. Taidhleoirí as an bPacastáin an t-aon eisceacht leis an ordú seo, ach bhí a líon siúd laghdaithe