Ionsaí ar scoil i Minab san Iaráin, 2026
| ||||
| Cineál | aerionsaí eirleach coir chogaidh | |||
|---|---|---|---|---|
| Cuid de | Cogadh na Stát Aontaithe agus Iosrael in aghaidh na hIaráine | |||
| Dáta na bliana | 28 Feabhra 2026 | |||
| Suíomh | Shajareh Tayyebeh School, An Iaráin (en) | |||
| Tír | an Iaráin | |||
| Líon básanna | 156 | |||
| Líon gortaithe | 95 | |||
| Déantóir na coire | Stáit Aontaithe Mheiriceá Fórsaí Armtha na Stát Aontaithe | |||
| Meán cumarsáide | ||||
Ar an 28 Feabhra 2026, buaileadh an scoil Shajareh Tayyebeh (An Crann Maith) in Minab i gCúige Hormozgan san Iaráin le linn Cogaidh na hIaráine 2026. Maígh na meáin san Iaráin gur maraíodh timpeall 168-180 duine, páistí cuid mhór díobh.[1] Bhí 170 cailín, 7 go 12, sa bhunscoil ag an am.
Buaileadh ospidéal in aice leis an scoil chomh maith.
Bhí an scoil mar bhunáit den Cór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí go dtí 2013.





Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar an 28 Feabhra 2026, rinne na Stáit Aontaithe agus Iosrael na mílte ionsaí ón aer ar áiteanna fud fad na hIaráine. Bhí go leor de na buamaí á ndíriú ar dheisceart na hIaráine, an ball is boige den tír ós é is gaire do loingeas aerárthach Mheiriceá a bhí suite i Murascaill na Peirse.[2] Mhaígh na hIosraelaigh gur dírithe ar ionaid mhíleata a bhí na buamaí. Ach ba mhór an damáiste comhthaobhach.
Freagracht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chuir Uachtarán Mheiriceá Donald Trump an milleán ar na hIaránaigh iad féin. Ach bhí físeán eisithe a thaispeáin gur diúracán Tomahawk de chuid Mheiriceá a bhuail an bhunscoil. Níor tháinig an fhianaise sin le háitiú Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá Trump gurbh í an Iaráin féin a rinne an t-ionsaí ar an scoil.[3]
Bhí an t-ionsaí buamála cáinte ag Príomh-Aire na hIodáile Giorgia Meloni. Dúirt sí gur chóir "pé dream" a bhí freagrach as a thabhairt chun cuntais.[4]
Coicís níos déanaí, d'admhaigh na Meiriceánaigh gurbh iad a bhí freagrach as bunscoil Minab a shéideadh.[5] Dúirt siad gur faisnéis a bhí as dáta ba shiocair leis an iomrall.
Níl raibh aon rud ráite ag Trump ina leith ó shin. Ina leaba sin, go deimhin, mhaígh sé i ráiteas confach díbheirgeach ar a mheán sóisialta féin go raibh "ceannairí na hIaráine díothaithe ... gur bhithiúnaigh mhallaithe iad ... agus gur mhór an onóir dó féin iad a mharú díreach mar a bhí daoine gan urchóid maraithe acusan le leathchéad bliain". Ní raibh an sprioc nuashonraithe, mar chuir Pete Hegseth, an tAire Cosanta, an ruaig ar fhostaithe sa Pheinteagán a bhí ag seiceáil fíricí, is cosúil. Bhí sé soiléir ó íomhánna satailíte gur scoil a bhí ann (clós súgartha agus mar sin de).[6]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "2026 Minab school attack" (as en) (2026-03-12). Wikipedia.
- ↑ Nuacht RTÉ (2026-03-02). "'131 cathair san Iaráin ionsaithe ag fórsaí Mheiriceá, Iosrael'" (as ga).
- ↑ "Stad ar bith ar ionsaithe drón agus diúracán" (ga-IE). Tuairisc.ie (2026-03-09). Dáta rochtana: 2026-03-13.
- ↑ "Tehran, Béiriút buamáilte go trom arís aréir" (as ga) (2026-03-11).
- ↑ Nuacht RTÉ (2026-03-13). "Bonneagar na hIaráine á leacú tuilleadh ag Iosrael, Meiriceá" (as ga-IE).
- ↑ "USA/Iran: New investigation demands accountability for deadly US strike on school that killed over 100 children" (en-gb). Amnesty International UK (2026-03-16). Dáta rochtana: 2026-03-16.
