Jump to content

Ionsaí Mhanchain 2025

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtIonsaí Mhanchain 2025
Íomhá
(2015) Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 53° 31′ 12″ N, 2° 14′ 55″ O / 53.52°N,2.2486°W / 53.52; -2.2486
Cineálmass stabbing (en) Aistrigh
vehicle-ramming attack (en) Aistrigh
coireacht fuatha
ionsaí sceimhlitheoireachta Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid desceimhlitheoireacht sa Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana2 Deireadh Fómhair 2025 Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh84 Middleton Rd, Crumpsall, Manchester M8 4JX, United Kingdom Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna3 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe5 Cuir in eagar ar Wikidata

Bhí beirt Giúdach maraithe taobh amuigh de shionagóg i Manchain ar an 2 Deireadh Fómhair 2025.[1] Gortaíodh go dona triúr eile.[2]

Thosaigh an t-uafás ag Sionagóg Heaton Park i gceantar Crumpsall i dtuaisceart Mhanchain ag 9:31 ar maidin. Maraíodh an chéad duine nuair a thiomáin sceimhlitheoir gluaisteán isteach i ngrúpa daoine a bhí bailithe lasmuigh den tsionagóg. Sádh agus gur maraíodh garda slándála ina dhiaidh sin. Ag 9.38, ocht nóiméad níos déanaí, lámhach agus mharaigh na póilíní an té a bhí freagrach as an ionsaí.

An t-ionsaitheoir

Ainmnigh na póilíní an fear a bhí freagrach as an ionsaí mar Jihad Al-Shamie, fear 35 bliana d'aois, saoránach Briotanach de bhunadh na Siria. Níor tugadh isteach riamh é sa chlár Prevent na hAireachta Dlí is Cirt sa Bhreatain (is é sin clár a dhéanann iarracht na sceimhlitheoirí a aimsiú roimh ré). Gabhadh triúr eile i ndáil leis an ionsaí - beirt fhear sna tríochaidí agus bean sna seascaidí - ar amhras go raibh siad páirteach i gcoir sceimhlitheoireachta.

Na híobartaigh

B'iad na híobartaigh ná Adrian Daulby (53 bliana d'aois) agus Melvin Cravitz (66 bliana d'aos), beirt fhear as Crumpsall agus ball den phobal Giúdach. Maraíodh Melvin Cravitz taobh amuigh den Sionagóg. Bhí Adrian Daulby istigh sa Sionagóg agus scaoil na póilíní é (agus daoine eile a bhí istigh).

Comhthéacs

Tuairiscíodh os cionn 1,500 eachtra frith-Sheimíteach sa Bhreatain idir Eanáir agus Iúil 2025 - an dara huimhir is airde riamh a tuairiscíodh i gcéad sé mhí d'aon bhliain. Bhí Cogadh Iosrael-Gaza ar siúl ag an am agus d'fhógair na Náisiúin Aontaithe Cinedhíothú ar Phalaistínigh Gaza ar an 16 Meán Fómhair 2025.

An lá dár gcionn agus Keir Starmer ar cuairt

Freagra an rialtais

Bhí lorg an fhrith-Sheimíteachais ar an ionsaí. Dúirt Príomh-Aire na Breataine Keir Starmer gur chuir an t-ionsaí alltacht air, go háirithe ós Yom Kippur, Lá an Leorghnímh, an lá is beannaithe i bhféilire na nGiúdach.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. i mBéarla, Manchester synagogue attack
  2. Nuacht RTÉ (2025-10-02). "Beirt maraithe taobh amuigh de shionagóg i Manchain" (as ga).