Iomann na hEorpa

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de cançóIomann na hEorpa

Closán

Cineálamhrán náisiúnta
symbols of the European Union (en) Aistrigh
Teangaluach ar iarraidh
Liriceoirluach ar iarraidh
CumadóirLudwig van Beethoven
Souncloud: basil-bucolic/anthem-of-europe-est-europa-nunc-unita-latin-version Musicbrainz: be4bf7f3-bfb8-46b6-a1d0-ce301d558956 Cuir in eagar ar Wikidata

Is é Iomann na hEorpa iomann an Aontais Eorpaigh agus iomann Chomhairle na hEorpa.

Is ionann a cheol agus gluaiseacht deiridh 9ú siansa Beethoven. Níl aon téacs oifigiúil ag an iomann, toisc nárbh fhéidir aontú a fháil faoi cén teanga ina mbeadh na focail. Dá bhrí sin, molann EEU/Aontas Esperanto na hEorpa go gcanfaí na focail thíos sa teanga neodrach Eorpach Esperanto, ionas nach dtabharfaí buntáiste nó míbhuntáiste do shaoránach ar bith, ach go mbeadh daoine ó gach cearn den Eoraip in ann canadh le chéile. Seo an téacs a scríobh iaruachtarán EEU, an tIodálach agus tacaí tréan na hEorpa Cónaidhme, Umberto Broccatelli. Tá aistriúcháin ar na focail ar fáil in 37 teanga, ina measc 23 teanga oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Seo na focail in Esperanto[1], maille le haistriúchán go Gaeilge le Seán Ó Riain:

Kantu kune amikaro,
ni la ĝojon festas nur!
nek rivero nek montaro
plu landlimoj estas nun.

Ho Eŭropo, hejmo nia,
tro daŭradis la divid'!
Nun brilegu belo via,
ĉiu estas via id'.

Via flago kunfratigas
homojn post milita temp',
via leĝo nun kunigas
civitanojn en konsent'.

De l' Malnova Kontinento,
ĵus ekstaris la popol',
gvidas ĝin tre nova sento
kaj kuniga forta vol'.

Sub la ŝildo de la juro,
ni vivados en konkord',
tio estas nia ĵuro:
unu land' kaj unu sort'!

Jen ekzemplo por la mondo,
jen direkto, jen la voj':
tuthomara granda rondo,
en la paco, en la ĝoj' !

Aistriúchán go Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní lena chanadh, ach chun brí na bhfocal thuas a thabhairt.

Don Eoraip

Canaimis le chéile, a chairde,
Móraimis an t-áthas,
Ní habhainn ná sléibhte,
Níl aon teorainn feasta.

Ó, a Eoraip, baile dúinne,
Rófhada a mhair an roinnt,
Anois lonraíodh d’áilleachtsa
Do shliochtsa is ea sinn uile.

Tugann do bhratach le chéile,
Mar bhráithre, daoine iarchogaidh,
Anois aontaíonn do dhlíthe
Saoránaigh le lánchead.

Ar fud shean-mhór-roinn na hEorpa,
Tá an pobal ar cois anois,
Mothú nua á dtreorú uile
Is tréantoil chun athaontú.

Faoi sciath an dlí
Mairfimidne i gcomhaontas,
Sin an ní a mhionnaímidne
Tír amháin, cinniúint amháin.

Sin ár sampla don domhan uile,
Sin an treo is sin an tslí,
An cine daonna uile feasta
Beo i síocháin is in áthas.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

I 1972 ghlac Comhairle na hEorpa le ceol Beethoven mar iomann, agus i 1985 ghlac cinn stáit agus rialtais an Chomhphobail Eorpaigh (CE) leis mar iomann dóibh siúd freisin. Nuair a claochlaíodh an CE go hAE, deineadh iomann an AE de. Níl i gceist go gcuirfí Iomann na hEorpa in áit na n-iomann náisiúnta éagsúla, ach tá faoi comhluachanna na dtíortha Eorpacha a chur in iúl, go háirithe síocháin, saoirse, dlúthpháirtíocht agus prionsabal na haontachta san éagsúlacht. D'úsáid Beethoven focail Friedrich Schiller óna Óid don Áthas, ach níl aon bhaint acusan le hIomann na hEorpa.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]