Intergaelic
| URL | http://www.intergaelic.com/ |
|---|---|
| Cineál | bogearraí ríomhaistriúcháin agus suíomh gréasáin |
| Teanga | an Ghaeilge, Gaeilge na hAlban agus Gaeilge Mhanann |
| Cruthaitheoir | Caoimhín Ó Scanaill |
| Cur i seirbhís | Meitheamh 2015 |
Is comhéadan ar líne é Intergaelic (IG) ar fhoclóirí agus inneall aistriúcháin a chuireann Gaeilge na hÉireann ar théacsanna atá i nGaeilge na hAlban agus i nGaeilge Mhanann araon. Is é Michal Boleslav Měchura a chruthaigh an suíomh agus is é an tOllamh Caoimhín Ó Scanaill a chruthaigh an t-inneall aistriúcháin agus na foclóirí.[1][2] Cruthaíodh é chun cabhrú le cainteoirí Ghaeilge na hÉireann meabhair a bhaint as téacsanna i nGaeilge na hAlban.[1][3][4]
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]D'eascair an tionscadal as obair a rinne Ó Scanaill chun a Chaighdeánaitheoir Gaeilge a chruthú, córas chun téacsanna réamh-Chaighdeánacha a chur faoi chló nua.[5][6] Bhí leagan luath críochnaithe faoin mbliain 2006, ceann de na córais aistriúcháin is luaithe dá raibh ann don Ghaeilge. Córas riailbhunaithe a bhí ann.[7] Inneall meaisínaistriúcháin hibrideach is ea an leagan atá taobh thiar d'Intergaelic sa mhéid is go bhfuil idir rialacha agus staidreamh araon i gceist leis.[3]
Is "de bharr na bhféidearthachtaí a bhaineann le táirgí foinse oscailte" a tháinig IG chun cinn. Chruthaigh Michal Boleslav Měchura an suíomh an chéad lá bunaithe ar Fhoclóir Gàidhlig–Gaeilge Uí Scanaill agus ar an inneall aistriúcháin a chuir an tOllamh ar fáil go poiblí.[1]
Bhain Ó Scanaill leas as ailt a foilsíodh i Manainnis san iris stíl mhaireachtála NÓS taobh le haistriúcháin, chun feabhas a chur ar an inneall aistriúcháin.[8]
Feidhmeanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rud nach ionann agus innill aistriúcháin eile, cuireann Intergaelic an t-aistriúchán in iúl mar leideanna díreach in aice le gach focal nó frása sa bhuntéacs.[1]
Tá comhéadan ríomhchlárúcháin ar siúl ag Ó Scanaill a thugann freagraí mar phéirí frásaí sa dá theanga.[9]
Gàidhlig–Gaeilge
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ó seoladh é an chéad lá riamh sa bhliain 2015, tá IG in ann téacsanna i nGaeilge na hAlban a ghlacadh agus Gaeilge na hÉireann a chur orthu.[1] Ní dhéanann an t-inneall aistriúcháin ar mhalairt slí toisc go mbíonn sé i bhfad níos fusa mar gheall ar chúrsaí teicniúla aistriúchán uathoibríodh a dhéanamh ón teanga níos lú go dtí an teanga níos mó.[5]
Manainnis–Gaeilge
[cuir in eagar | athraigh foinse]D'fhógair Ó Scanaill sa bhliain 2015 go raibh obair idir lámha aige ar fheidhmeanna a dhéanfadh amhlaidh don Mhanainnis,[5][6] a bhfuil a córas litrithe féin aici atá doiléir do léitheoirí na dteangacha Gaelacha eile.[10]
Go gairid i ndiaidh dó a Fhoclóir Manainnis–Gaeilge a fhoilsiú sa bhliain 2016, cuireadh feidhm le hIntergaelic í aistriú go Gaeilge na hÉireann.[2][11][12]
Tionchar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Dúirt Ó Scanaill go raibh súil aige margadh nua a oscailt do scríbhneoirí Gàidhlig i measc phobal na Gaeilge trí aistriúcháin nó eagráin anótáilte a éascú.[6][10] Léirigh sé freisin go bhféadfaí aistriúchán uathoibríodh measartha GD→EN agus GV→EN a chur i gcrích sula raibh an inniúlacht sin ag innill eile ach é a chur i slabhra le hinneall GA→EN.[13][14] Go gairid dá éis sin tháinig feidhm aistriúcháin do Ghaeilge na hAlban ar fáil ó sholáthraí eile freisin.[12]
Baineadh feidhm as an inneall aistriúchán chun ailt NÓS i nGaeilge Mhanainn a chur in oiriúint mar ábhar foghlamtha do lucht labhartha Ghaeilge na hÉireann. Tá siad ar fáil ar mhicreashuíomh gréasáin de chuid Uí Scanaill.[8] B'amhlaidh an modh oibre freisin a lig dó an bailiúchán béaloidis Skeealaght in oiriúint do lucht labhartha Ghaeilge na hÉireann.[2]
Bhain Eoin P. Ó Murchú feidhm as Intergaelic mar uirlis réamh-aistriúcháin le luas a chur faoi aistriú an úrscéil fhicsean eolaíochta Tinte na Farraige Duibhe ó Ghaeilge na hAlban. Chonacthas don aistritheoir go raibh "caighdeán an aistriúcháin ríomhchuidithe inchurtha leis an aistriúchán ó bhonn agus go raibh sé 31% níos tapúla". Bhí air "cúram ar leith" a ghlacadh leis an eagarthóireacht dá éis: "Bhí abairtí áirithe a chruthaigh IG nach raibh orm aon athrú a dhéanamh orthu agus cinn eile a raibh athscríobh ó bhonn ag teastáil." B'é sin an t-aistriúchán ab fhaide riamh a rinneadh idir an dá Ghaeilge go bhfios dó.[3][4]
Bhain Ó Scanaill feidhm as an inneall aistriúcháin agus a Fhrásleabhar Manainnise á réiteach aige.[15][16]
Glacadh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tugtar suntas d'Intergaelic i gcomhthéacs an chomhoibrithe idir lucht cainte na dteangacha Gaelach agus i gcomhthéacs na teicneolaíochta teanga.[17][18] I bhforbhreathnú ar mheaisínaistriúchán na Gaeilge, deir Lane gur "éirigh go maith" leis an inneall aistriúcháin mar gheall ar an gcosúlacht idir na teangacha.[7]
Shíl aistritheoir amháin gur "aistriúchán measartha garbh ó Ghaeilge na hAlban go Gaeilge a chuireann sé ar fáil",[4] ach gur chuir sé luas faoin bpróiseas aistriúcháin.[3] Mhol sé IG a úsáid mar uirlis léitheoireachta seachas mar inneall aistriúcháin ann féin.[19]
Maítear, cé nach bhfuil sé "go hiomlán gan smál" go bhfuil sé "is fearr i bhfad" ná inneall aistriúchán mór le rá eile toisc go bhfuil Intergaelic dírithe go sonrach ar na teangacha Gaelacha.[20][11][2]
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Suíomh oifigiúil: intergaelic.com
- Sonraí an chomhéadain ríomhchlárúcháin: github.com/kscanne/caighdean/blob/master/API.md
- Suíomh Mhichal Měchura: lexiconista.com
- Altanna Manainnise ó Nos.ie
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 3 4 5 Maitiú Ó Coimín (2015-06-03). "‘InterGaelic’ – inneall aistriúcháin ó Ghaeilge na hAlban go Gaeilge na hÉireann ar fáil ar líne". Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-01-26.
- 1 2 3 4 Maitiú Ó Coimín (2016-07-27). "Béaloideas na Manainnise ar fáil anois i nGaeilge". Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-01-29.
- 1 2 3 4 Eoin P. Ó Murchú (Samhain 2020). "Tinte na Farraige Duibhe § Nóta ón Aistritheoir". Comhar 80 (11).
- 1 2 3 Eoin P. Ó Murchú (2020-11-30). "Idir dhá Ghaeilge – ag aistriú sci-fi go dtí Gaeilge na hÉireann". Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-01-30.
- 1 2 3 Maitiú Ó Coimín (2015-04-01). "Foclóir Gáidhlig-Gaeilge foilsithe ag an Ollamh Kevin Scannell ar líne". Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-01-26.
- 1 2 3 Tomaí Ó Conghaile (2015-05-13). "An PanGhael thú? Bain triail as seo!". NÓS. Dáta rochtana: 2026-01-29.
- 1 2 Caoilfhionn Lane (2019). "Staid Reatha an Mheaisínaistriúcháin Gaeilge". Léann Teanga: An Reiviú: lgh 41–53. doi:.
- 1 2 "Ábhar ó NÓS curtha le suíomh d'fhoghlaimeoirí Gaelg". NÓS (2018-11-20). Dáta rochtana: 2026-01-29.
- ↑ "API". GitHub.
- 1 2 Maitiú Ó Coimín (2016-02-04). "Foclóir Manainnis-Gaeilge foilsithe ar líne ag an Ollamh Kevin Scannell". Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-01-29.
- 1 2 Maitiú Ó Coimín (2016-02-19). "Gáidhlig ar Google Translate agus Manainnis ar InterGaelic". Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-01-26.
- 1 2 Maitiú Ó Coimín (2016-12-21). "#AnGhaeltachtDhigiteach – súil siar ar an ‘nGaeltacht’ ar líne in 2016". Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-01-29.
- ↑ Kevin Scannell (2015-12-02). "Indigenous Tweets: Ríomhaistriúchán Gàidhlig → Béarla". Indigenous Tweets. Dáta rochtana: 2026-02-15.
- ↑ Kevin Scannell (2016-02-12). "Indigenous Tweets: Manx-to-English machine translation". Indigenous Tweets. Dáta rochtana: 2026-02-15.
- ↑ "Frásleabhar Manainnise-Gaeilge foilsithe ag Kevin Scannell". NÓS (2021-01-05). Dáta rochtana: 2026-01-30.[nasc briste go buan]
- ↑ Kevin Scannell (3 Eanáir 2021). "Díonbhrollach". Frásleabhar: lch iii.
- ↑ Maitiú Ó Coimín (2018-04-09). "Mór an feall nach mbíonn níos mó comhoibriú idir Gaeil Éireann is Mhanann". NÓS. Dáta rochtana: 2026-01-29.
- ↑ Ellen Corbett ⁊ Mykalin Jones (2025). "Taking the ‘-Deoir’ out of ‘Taighdeoir’: ag Cruthú Chuardaitheoir Fotheaghráin agus Moirféimí don Ghaeilge". Léann Teanga: An Reiviú: lgh 1–14.
- ↑ Eoin P. Ó Murchú (2020-09-14). "Inneall aistriúcháin ad hoc a úsáid mar chéim réamhaistriúcháin agus úrscéal á aistriú ó Ghaeilge na hAlban go Gaeilge". Scríbhinní Fánacha. Dáta rochtana: 2026-02-15.
- ↑ Maitiú Ó Coimín (2015-12-26). "1,000,000 giolc, InterGaelic agus sloinnte Gael – súil siar ar an ‘Gaeltacht Dhigiteach’ i 2015". Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-01-26.
- Leathanaigh le naisc seachtrach briste from Aibreán 2026
- Láithreáin gréasáin na Gaeilge
- Láithreáin gréasáin
- Aistriúcháin idircheilteacha
- Aistriúchán uathoibríoch
- Foclóirí Gaeilge
- Foclóirí Ghaeilge na hAlban
- Foclóirí Ghaeilge Mhanann
- Foclóirí idircheilteacha
- Foclóirí
- An Ghaeilge
- Gaeilge na hAlban
- Gaeilge Mhanann
- Foghlaim na Gaeilge
- Foghlaim Ghaeilge na hAlban
- Foghlaim Ghaeilge Mhanann
- Bunachair shonraí foclóireachta
- Bunaithe sa bhliain 2015
- Bunaithe sna 2010í
- Foclóirí idirghaelacha
- Próiseáil teanga nádúrtha