Jump to content

Institiúid an Aontais Eorpaigh um Staidéar Slándála

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaInstitiúid an Aontais Eorpaigh um Staidéar Slándála
Sonraí
GiorrúchánEUISS agus ISS Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálcommon foreign and security policy agency of the European Union (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh20 Iúil 2001
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
Stiúrthóir/bainisteoirAntonio Missiroli Cuir in eagar ar Wikidata
Líon fostaithe40 (2019) Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Uimhir teileafón+33-1-56-89-19-30 Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáiniss.europa.eu Cuir in eagar ar Wikidata

Facebook: EUInstituteforSecStudies X: EU_ISS Bluesky: euiss.bsky.social LinkedIn: european-union-institute-for-security-studies Youtube: UCaz14Df3amaiczstJFEW81Q Youtube: euinstituteforsecuritystud9263 Cuir in eagar ar Wikidata

Is meitheal mhachnaimh í Institiúid an Aontais Eorpaigh um Staidéar Slándála[1] (IAESS) (Béarla: European Union Institute for Security Studies (EUISS)).

Lonnaithe i bPáras, is gníomhaireacht neamhspleách an Aontais Eorpaigh í IAESS. Cuireann sí ar fáil anailís ar ábhair slándála agus cosainte, agus cuidíonn sí beartas AE a dhéanamh, ag obair le saineolaithe agus cinnteoirí araon.[2]

Bunaíodh an institiúid ar dtús ar an 13ú Samhain 1989[3] mar Institiúid Aontas Iarthar na hEorpa um Staidéar Slándála.

Ceapadh ar an 20ú Iúil 2001 í mar ghníomhaireacht an AE, agus tháinig sí ar an bhfód ar an 1d Eanáir 2002.[4] Tar éis athbhreithnithe ar an institiúid, rinneadh cinneadh nua sa bhliain 2014 chun leasuithe agus athchóirithe a chomhdlúthú.[5]

  • Anailísiú ar slándáil domhanda.
  • Cur ar an eolas ar beartas slándála.
  • Nascadh saineolaithe agus cinnteoirí.

Gníomhaíochtaí agus taighde

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is í an sraith Chaillot Papers an príomhfhoilsiúcháin de chuid IAESS, i dteannta le Achoimrí beartais agus Tráchtaireachtaí.  

Déanann IAESS taighde ar ábhair maidir le Comhbheartas Eachtrach agus Slándála (CBES / CFSP) agus áireamh Comhbheartas Slándála agus Cosanta (CBSC/CSDP), san áireamh cibearshlándáil, cosc géarchéime, bainistíocht géarchéime, rialachas domhanda, slándáil eacnamaíochta agus idirnáisiúnta, ionramháil agus baint d'eolas eachtrannach.[6] Ó thaobh an domhain de, seo a leanas na réigiúin ar a ndíríonn an institiúid a cuid airde:[7] an Afraic, an Áise, An Meánoirthear, an Rúis, Meiriceá Laidineach agus na Balcáin.

Maoirseacht agus maoiniú

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Faigheann IAESS a chuid maoine ó bhallstáit an AE, de réir foirmle chionroinnt costas bunaithe ar OTN.

Tá an institiúid faoi riail an Choiste Polaitiúla agus Slándála (CPS). Tá Bord an chun maoirseacht a dhéanamh ar agus clár oibre na hinstitiúide a fhaomhadh. Mar bhaill ar an mBord tá ionadaithe ó bhallstáit an AE.[8] I mí Mheán Fómhair, ceapadh Steven Everts ina Stiúrthóir ar an institiúid.[9]

Córas Eorpach um Anailís Straitéiseach agus Beartais

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 2011, roinneadh IAESS an an gCoimisiún Eorpach chun tuairiscí deiridh ar an gCóras Eorpach um Anailís Straitéiseach agus Beartais (CEASB / ESPAS) a ullmhú agus a fhoilsiú.[10]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]