Jump to content

Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaInstitiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne
Sonraí
GiorrúchánEIGE Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálgníomhaireacht dhíláraithe an Aontais Eorpaigh Cuir in eagar ar Wikidata
Réimse oibrecomhionannas inscne Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh20 Nollaig 2006
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
Stiúrthóir/bainisteoirVirginija Langbakk (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Líon fostaithe50 (2019) Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Uimhir teileafón+370-5-215-7400 Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáineige.europa.eu Cuir in eagar ar Wikidata

Facebook: eige.europa.eu X: eurogender Instagram: eu_genderequality LinkedIn: eige Youtube: UCCKTeRWB1q2c-WYv5WAp_Rg Cuir in eagar ar Wikidata

Is gníomhaireacht de chuid an Aontais Eorpaigh í an Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne[1] (IECI) (Béarla: European Institute for Gender Equality (EIGE)). Faoi réir Rialachán an AE 1922/2006,[2] bunaíodh an Institiúid ar an 20ú Nollaig 2006 chun comhionannas inscne a chur chun cinn. Tá sí suite i Vilnias, an Liotuáin, agus tá oifig bheag aici sa Bhruiséal chun a bheith in ann dul i gcomhairle le forais Eorpacha eile.

Is ceart bunúsach é comhionannas inscne faoi Chonradh Liospóin. Is príomh-bheartais den AE é, agus tá ról suntasach ag an IECI á chur chun cinn. Tá dealú inscne ann is amhlaidh i gcónaí, áfach, i saol príobháideach agus gairmiúil san AE.

Is lárionad eolais ar chomhionannas inscne san Eoraip é an IECI. Is é a mhisean ná an comhionannas is a fhorbairt do ghach saoránach na hEorpa.[3]

Déantar san institiúid mar a leanas:

  • déantar taighde, bailítear agus anailísítear sonraí chun dealú inscne a laghdú
  • déantar measúnú ar comhionannas inscne ó thaobh trasnachais de
  • forbraítear uirlisí chun staidreamh inscne agus bailiúchán sonraí a feabhsú
  • forbraítear uirlisí chun foréigean inscnebhunaithe agus leithcheal a chosc
  • cuirtear tacaíocht theicniúil ar fáil ar son príomhshruthú inscne do ghach beartas an AE agus na mballstát.

Bhí dhá mheasúnacht seachtracha ag an institiúid thar na blianta. Bhain an dara ceann an tátal gur éirigh leis an IECI go deimhin i féin a chur ar a boinn san AE mar lárionad eolais um chomhionannas inscne.[4]

Structúir eagraíochta

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is cuid de líonra gníomhaireachtaí dar teideal Ceartais agus Gnóthaí Baile (CGB) é an IECI. Déantar a chuid aidhmeanna agus tascanna a tharmligean ag an gComhairle agus ag Parlaimint. Ceaptar bord bainistíochta le trí bliana chun plean oibre agus buiséad a ghlacadh. Tá ann ar an mbord 18 ionadaí as ballstáit an AE chomh maith le hionadaí ón gCoimisiún. I dteannta sin, tugann Fóram na Saineolaithe tacaíocht leis an ngníomhaireacht.

Bíonn an Institiúid ag obair le forais, gníomhaireachtaí, ballstáit agus tíortha is iarrthóirí an AE. Lena cois sin, i measc geallsealbhóirí eile tá comhpháirtithe sóisialta, eagraíochtaí sibhialta agus comhdheiseanna, an saol acadúil, ionaid taighde agus na meáin.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]