Inslitheoir toipeolaíoch

Is éard is inslitheoir toipeolaíoch ann ná ábhar a iompraíonn a thaobh istigh mar inslitheoir leictreach agus a iompraíonn a dhromchla mar sheoltóir leictreach, rud a chiallaíonn nach féidir le leictreoin gluaiseacht ach feadh dromchla an ábhair.
Is inslitheoir é inslitheoir toipeolaíoch ar an gcúis chéanna gur inslitheoir é gnáth inslitheoir: tá fuinneamhbhearna idir fiúsbhearnaí agus bandaí seolta an ábhair. Ach in inslitheoir toipeolaíoch, tá na bannaí seo, ar bhealach neamhfhoirmiúil, "casta", i gcomparáid le hinslitheoir fánach (gnáth).[1] Ní féidir an t-inslitheoir toipeolaíoch a chlaochlú go leanúnach ina inslitheoir fánach gan na bannaí a dhíchasadh, rud a dhúnann an bhearna banna agus a chruthaíonn staid seolta. Mar sin, mar gheall ar leanúnachas an bhunréimse, cuirtear iallach ar theorainn an inslitheora thoipeolaíoch le hinslitheoir fánach (lena n-áirítear folús, atá ina ghnáth inslitheoir ó thaobh toipeolaíoch de) tacú le staid seolta.[2]
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Band inversion mechanism in topological insulators: A guideline for materials design" (as en) (2012-06-01). Physical Review B 85 (23): 235401. doi:. ISSN 1098-0121. Bibcode: 2012PhRvB..85w5401Z.
- ↑ "Topological insulators and superconductors" (as en) (2011-10-14). Reviews of Modern Physics 83 (4): 1057–1110. doi:. ISSN 0034-6861. Bibcode: 2011RvMP...83.1057Q.
| Is síol faoin bhfisic é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |