Inis Cloithrinn
| Suíomh | ||||
|---|---|---|---|---|
| ||||
| Tíreolaíocht | ||||
| Achar dromchla | 0.577 km² | |||
| Suite i nó in aice le limistéar uisce | Loch Rí | |||
| Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Is oileán suite i Loch Rí ar an Sionainn é Inis Cloithrinn ,[1][2][3][4][5] aitheanta níos déanaí mar "Quaker Island".
Faightear ar an inis fothrach Mhainistir Naomh Diarmaid, bunaithe sa bhliain 560 ag Diarmaid the Just, atá anois ina séadchomhartha náisiúnta.[6]
An inis
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá Inis Cloithrinn 57.7 ha (143 acres) ar fad, suite i lár an locha, le Cnoc an Chrochaire, Contae Ros Comáin san iarthair, agus Baile Nua an Chaisil, Contae Longfoirt san oirthear.

Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]I miotaseolaíocht na nGael, iníon le Eochaid Feidlech, ardrí na hÉireann, agus deirfiúr le Maebh, ba ea Cloithre. Bhí a hathar i seilbh na hinse. D'éirigh sí ina banríon na gConnacht tar éis bás a hathar.
Chuaigh Maebh ar scor chuig Inis Cloithrinn tar éis dó mharaigh a fear chéile Ailill mac Máta a leannán Fergus mac Róich. Tugtar an t-ainm Grianán Maebha ar áit amháin ar an inis, agus Ionad Marbhtha Meidhbhe ar áit ina teannta. I leagan amháin den seanscéal, maraíodh í nuair a caitheadh cloch ó Chaisleán Oilfíd, ar thaobh Longfoirt an locha. I leagan eile, bhí cnapán cáise i gceist, teilgthe as crann tabhaill ag nia Chloithre darb ainm Forbaí.[7]

Le fíordhéanaí, bhí an inis i seilbh Chaecair éigin agus dá bharr an t-ainm "Quaker Island".
Tá an inis inniu i seilbh an stáit Éireannaigh.
Tagairtí annálacha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Foinsí: Annála na gCeithre Máistrí (ACM); Annála Tiarnaigh (AT); anaithnid (X)
- ACM 719.2: S. Sionach Innsi Clothrann d'écc an fichetmhadh lá do mí April.
- X 769 Cú Roí, the son of Alniadh, Abbot and Sage of Inchcleraun, and of Caill Fochladha (Loch Dairbhreach) in Meath died.
- ACM 780.6: Eochaidh mac Focartai, abb Fochladha, & Insi Clothrann, [d'ecc]
- X 1010 The men of an Mhumhain plundered Inis Cloithrinn and Inis Bó Finne
- ACM 1050.22: Inis Clothrand do orccain.[8]
- AT 1089.1: Coblach mor la Muirchertach h-Úa mBriain ríg Muman for Sinaind & for Loch Ri, co ro aírgset Inis Bo Finde & Inis Clothrann...
- ACM 1136.1: Aodh Ua Finn, epscop na Bréifne, do écc i n-Inis Clothrann.
- ACM 1141.7: Giolla na Naomh Ua Ferghaile, toiseach Muintire h-Anghaile fer ard-raith Ereann d'ég, iar c-cian-aois, & a adhnacal a n-Inis Clothrann.
- ACM 1150.10: Murchadh, mac Giolla na Naemh Uí Fherghail, tuir ordáin, & airechais Airthir Connacht, d'écc i n-Inis Clothrand.
- ACM 1160.3: Giolla na Naemh Ua Duinn fer léighinn Insi Clothrann, saoi senchusa, & dána, & degh-fher labhra, ro fhaidh-sein [sent] a spirat co a athardha etir coraidh aingel an 17 do December iarsan ochtmhadh bliadhain ar chaogad a aoise.
- ACM 1167.3: Cionaeth Ua Cethernaigh, sagart Insi Clothrann [d'écc]
- ACM 1168.16: Dubh Chobhlaigh, inghen Uí Chuinn, ben Mic Carrgamhna, d'écc iar buaidh ongtha & aithrighe, & a h-adhnacal i n-Inis Clothrann.
- ACM 1170.5: Diarmaid Ua Braoin, comharba Commáin, & áird-shenóir Airthir Connacht, d'écc i n-Inis Clothrann iarsan cúicceadh bliadhain nochad a aoisi.
- ACM 1174.6: Ruaidhri Ua Cearbhaill tighearna Éile do mharbhadh ar lár Innsi Clothrann.
- ACM 1189.8: ... ar as ann ro bátar geill [[Conchobar Maenmaige Ua Conchobair|Conchobhair Maonmuighe] i n-Inis Clothrann for Loch Ribh an tan-sin.
- ACM 1193.10: Inis Clothrann do orgain la macaibh Oisdealb, & la macaibh Conchobhair Maonmaighe.
- ACM 1232.3: Tiopraitte Ua Braoin comhorba Commáin saoí cléircechta, sencusa, & breithemhnassa d'écc i n-Inis Clothrann i n-a ailithre.
- ACM 1244.1: Donnchadh mac Finghin mic Maoil Seachlainn mic Aodha mic Toirrdhealbaigh Uí Conchobhair epscop Oile Finn d'écc an 23. April i n-Inis Clothrand, & a adhncacal i Mainistir na Buille.
Foirgnimh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Dar leis na hAnnála (féach thuas), creachadh agus dódh an inis agus a cealla go minic idir na blianta 800 agus 1300. Faightear sé chill in oirdheisceart na hinse.
Teampall Diarmada
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bunaíodh Teampall Diarmada ag Naomh Diarmaid the Just, a bhí ina múinteoir Ciarán Chluain Mhic Nóis, sa bhliain 540. Bhí dian cloiche ag an gcoill tráth.[9]
Teampall Mór
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá Teampall Mór ceithre mhéadar ó thuaidh de Theampall Diarmada. Tá cuma níos nua-aimsearthachta uirthi ná mar atá ar na cealla eile.
Tá dhá chró chaola snáthaide ann ar an taobh thoir. Is amhlaidh gur tógadh níos dearanaí na fuinneoga ar an taobh theas, agus iad míchruthach. Tá fothrach altóra ann, déanta as spallaí, ach ní fheictear an leac.
Gar den chill, leath-chlúdaithe agus ina luí béal fúithi, tá cloch le crios crosfhite Ceilteach, agus inscríbhinn Gaeilge uirthi.[9]
Teampall Mhuire
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá Teampall Mhuire an chill is mó ar an inis.[9] Dar le nós áitiúil, gheobhaidh bean ar bith bás laistigh de bhliain amháin dá rachadh sí isteach ann.
Teampall Clogás
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá Teampall Clogas ina aonair ó thuaidh ar ar suíomh is airde ar an inis.[9] Tá an clogás féin cearnógach clogás agus ceangailte leis an teampall agus ní scoite mar ba ghnách. Tá an chill dronuilleogach, ar 10.6 m (35 ft) le 5.1 m (17 ft).
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Inchcleraun Island / Quaker Island - Longford -" (15ú Deireadh Fómhair 2004). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-08-08. Dáta rochtana: 22a Meitheamh 2016.
- ↑ "Islands".
- ↑ "Inchcleraun (quaker island), County Longford".
- ↑ "Lough Ree". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-01-12. Dáta rochtana: 2025-06-12.
- ↑ "Inchclearaun Island - Newtowncashel - Co. Longford".
- ↑ "National Monuments of County Longford in State Care". National Monument Service. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2023-04-02. Dáta rochtana: 2a Iúil 2020.
- ↑ Library, Longford. "Longford Library".
- ↑ eDIL s.v. [ ] plundered
- 1 2 3 4 "Inchclearaun Island - Newtowncashel - Co. Longford".
