Inis Cealtra
| (ga) Inis Cealtra | ||||
| Cineál | Oileán | |||
|---|---|---|---|---|
| Logainm.ie | 7702 | |||
| Suíomh | ||||
| Limistéar riaracháin | Contae an Chláir, Éire | |||
| ||||
| Suite i nó in aice le limistéar uisce | Loch Deirgeirt | |||
San 7ú haois a bhunaigh bráithre mainistreach ar Inis Cealtra[1] i Loch Deirgeirt, agus ceann de láithreacha móra oidhreachta na tíre inniu.[2]





Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí fear ann ag tús an 7ú haois agus shocraigh sé maireachtáil ar an gcúlráid. Bhain Caimín faoi ar oileán gleoite Inis Cealtra i Loch Deirgeirt. Bhí saol síochánta aige agus rinne a lán daoine aithris air. Bhunaigh Caimín mainistir, ar tugadh “ceann de thearmainn na hÉireann” air, d’fhonn an teagasc sin, agus teacht na sluaite chuig an oileán, a éascú. D’éag Naomh Caimín thart faoin mbliain 658.
Ar an drochuair, rinne na Lochlannaigh (Danmhargaigh) ionsaí ar an oileán in 836 agus arís in 922. Maraíodh a lán manach sa chéad ionsaí.
Tógadh séipéal ar an oileán sa bhliain 908 a bhuíochas le Brian Bóramha, duine de na hArdríthe ab iomráití ar Éirinn, siocair gurbh ab a dheartháir ar Inis Cealtra.[3]
Moltar gur scríobhadh Saltar Chaimín ar Inis Cealtra, Lámhscríbhinn dhathmhaisithe Éireannach de chuid na 11ú haoise.
Inniu
[cuir in eagar | athraigh foinse]Séadchomhartha Náisiúnta is ea Inis Cealtra atá faoi úinéireacht an stáit agus faoi chúram Oifig na nOibreacha Poiblí. Baintear Inis Cealtra amach ar bhád.
Sa bhliain 2015 cheannaigh an t-údarás áitiúil an t-oileán 43 acra le plean forbartha a chur sa tsiúl le cur le líon na gcuairteoirí ach an áit a chaomhnú agus a bhainistiú. Tháinig méadú mór ar líon na gcuairteoirí chuig Loch Deirgeirt sna 2020idí le ghabháil isteach ar an 'oileán beannaithe', mar a thugtar ar an áit sa mbéarla. Níl cead campáil ar Inis Cealtra, agus cead fanacht thar oíche ach an oiread ag an gcéibh ar an mór-thír (sa gcarrchlós ag Cnoc an Phoirt).[4]
Tá reilig ar an oileán agus daoine fós á cur inti. I measc na mairbh tá an scríbhneoir mór le rá Edna O'Brien.[4]
Foirgnimh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá iarsmaí sé shéipéal ar an oileán sa lá atá inniu ann, lena n‑áirítear Séipéal Naomh Caimín, Séipéal Naomh Mícheál agus Séipéal Naomh Bríd, agus reilig.
Níl díon ar bith ar an gcloigtheach, atá 80 troigh ar airde. Meastar gurbh amhlaidh a bhí sé riamh anall agus nach ndeachaigh sé chun raice.
Tá ‘cloch mhargaíochta’ ar an oileán fosta. Bhaintí leas as chun margaí a dhéanamh, póstaí go háirithe. Chroitheadh daoine lámha lena chéile tríd an mbearna sa chloch agus bheadh an comhaontú ina cheangal dá bharr sin.[3]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ nó Inishcaltra nó Holy Island i mBéarla
- ↑ in aice le tuaisceart Chontae Thiobraid Árann (ó thoir), Contae na Gaillimhe (thiar thuaidh) agus Contae an Chláir (thiar theas)
- 1 2 "Láthair Mhainistreach Inis Cealtra | Oidhreacht Éireann" (ga). Láthair Mhainistreach Inis Cealtra | Oidhreacht Éireann. Dáta rochtana: 2026-06-16.
- 1 2 Nuacht RTÉ (2026-06-15). "Gan cead campáil feasta ar Inis Cealtra" (as ga-IE).
