Jump to content

Inis Bó Finne, Contae na hIarmhí

WD Bosca Tíreolaíocht FhisiceachInis Bó Finne, Contae na hIarmhí
Íomhá
CineálOileán Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Limistéar riaracháinContae na hIarmhí, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 53° 32′ 17″ N, 7° 55′ 12″ O / 53.538°N,7.92°W / 53.538; -7.92
Suite i nó in aice le limistéar uisceAn tSionainn Cuir in eagar ar Wikidata
Tréithe
Achar0.266 km² Cuir in eagar ar Wikidata

Is oileán suite i Loch Rí ar an Sionainn is ea Inis Bó Finne.[1]

Is oileán 26.6 ha (66 acres) ar fad í Inis Bó Finne, suite ar chois oirthear de Loch Rí, leis An Teanga, Contae na hIarmhí an baile is cóngaraí.

Deirtear gur bhunaigh Naomh Ríoch mainistir Agaistíneach ar Inis Bó Finne sa bhliain 530.[2] Feictear uaireanta na lomaistriúcháin Laidine Īnsula Vaccae AlbaeĪnsula Vitulae Albae.[3]

San Topographical Dictionary of Ireland (1837) deirtear go raibh 27 acres (11 ha) talún arúil.[4] In "Griffith's Valuation" (lár-19ú haois) insítear go raibh i seilbh Susan Galbraith agus go raibh trí theaghlach ina gcónaí ann: Uí Scalaí, Uí Chonaill agus Uí Ifearnáin. Sa daonáireamh 1911, bhí triúr déag ann.[5]

I rith an gheimhridh 2009, thug Aerchór na hÉireann fodar eallaigh i héileacaptar chuig an inis don fheirmeoir dearanach ann, John Connell, agus an loch reoite.[6][7]. He was the last permanent resident of the island and died on 12 February 2018.[8]

Faightear ar an inis fothracha de dhá chill. Is den 12ú haois ceann amháin acu, suite in oirthuaisceart na hinse agus clós neamhrialta aici. Tá ann meánlann, croslann agus sacraistí. Taobh thuaidh den altóir, tá fuinneog Rómhánúil, agus os cionn fuinneoga eile, tá íomhá de cheann easpaig. Tá an chill eile níos lú, as an 12ú/13ú haois.[9]

Tagairtí annálacha

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí: Annála na gCeithre Máistrí (ACM), Annála Inis Faithlinn (AIF), Annála Tiarnaigh (AT), Annála Uladh (AU)

  • ACM 750.3: Fiangalach, mac Anmchadha, mic Maoile Curaich, abb Insi Bo Finne for Loch Ribh[, d'écc]
  • AU 755.5: ..., Fiangalach m. Anmchada filii Maele Curaich abb Innse Bo Finne for Loch Ri ... mortui sunt
  • AIF 922.2: Tomrair mc. Elgi, iarla do Gallaib ... luid for Loch Rí coro oirg a h-uile inse, ...
  • AIF 1016.1: Sloged mór la mc. m-Briain co Loch Rí coro ort[10] Inis Clothrand & Inis Bó Finne
  • ACM 1089.8: Cobhlach Fer Mumhan .i. im Muircheartach Ua Briain, do thiachtain for Sionainn, & for Loch Ribh co ro airccset[11] cealla an locha, .i. Inis Clothrann, Inis Bó Finne, Inis Aingginn [Hare Island] & Cluain Eamhain[12]
  • AT 1089.1: Coblach mor la Muirchertach h-Úa mBriain ríg Muman for Sinaind & for Loch Ri, co ro aírgset Inis Bo Finde & Inis Clothrann...
  1. "Inis Bó Finne". Dáta rochtana: 2022-11-24.
  2. "Inis Bó Finne, Contae na hIarmhí".
  3. "Inchboffin".
  4. Grenham, John. "Lewis' Topographical Dictionary".
  5. "National Archives: Census of Ireland 1911".
  6. "Secret Ireland: Lough Ree". Independent.ie.
  7. "Air Corps comes to Athlone to deliver fodder to Lough Ree islands". Westmeath Independent.
  8. "End of an era as last islander sies". Westmeath Independent.
  9. "Inchbofin, St Rioch". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-05-10. Dáta rochtana: 2025-06-12.
  10. cf. eDIL s.v. oirgid scriosadh
  11. cf. eDIL s.v. 2 aircthech creachadh
  12. "Annála na gCeithre Máistrí (cuid 19)".