Ingeborg Bachmann
![]() (1962) ![]() | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 25 Meitheamh 1926 Klagenfurt, An Ostair ![]() |
Bás | 17 Deireadh Fómhair 1973 47 bliana d'aois an Róimh, An Iodáil ![]() |
Siocair bháis | Bás tionóisceach |
Áit adhlactha | Klagenfurt (Annabichl) Cemetery (en) ![]() ![]() |
Áit chónaithe | an Róimh |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Filíocht agus aiste |
Suíomh oibre | Vín ![]() |
Gairm | file, scríbhneoir aistí, drámadóir, leabhrógaí, fealsamh, iriseoir, scríbhneoir scripte, scríbhneoir, aistritheoir ![]() |
Tréimhse oibre | 1950 – |
Ball de | |
Faoi thionchar | |
Teangacha | An Ghearmáinis agus an Iodáilis |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Suíomh a chartlainne | |
Teaghlach | |
Páirtí | Max Frisch Paul Celan ![]() |
Gradam a fuarthas
| |
![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() ![]() |
Ba fhile, úrscéalaí, scríbhneoir gearrscéalta agus intleachtóir í Ingeborg Bachmann (25 Meitheamh 1926 san Ostair – 17 Deireadh Fómhair 1973 sa Róimh). Tá clú uirthi mar dhuine de na guthanna ba mhó i litríocht na hOstaire agus na Gearmáine sa 20ú haois. Bhí tionchar suntasach aici ar litríocht na Gearmáine tar éis an Dara Cogadh Domhanda.[1]
Bhí sí luaite le Gruppe 47,[2] cumann liteartha a bunaíodh i Vín i 1947.
Fuair sí bás i Roma in 1973, in aois 47 di, tar éis tine ina hárasán. Tá an bás sin timpeallaithe ag míthuiscintí agus conspóid: tuairiscíodh go raibh sí ag fulaingt ó dhúlagar agus andúil míochainí.

Grá
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Bachmann i ngrá ar feadh a saoil – bhí roinnt caidreamh pearsanta aici a d'fhág rian suntasach ar a cuid scríbhneoireachta, go háirithe a cuid filíochta agus próis. Bhí an rómánsúlacht go smior inti, i gcónaí ag lorg eachtraí grá. Ní raibh sí pósta riamh agus clann ar bith uirthi.
Ceann de na caidrimh is iomráití i saol Bachmann ba an gaol idir í agus an file Giúdach-Rómáinis Paul Celan (1920–1970), file mór eile de chuid na Gearmáine. Bhuail siad le chéile i 1948 i Vín. Cé gur chaith siad tréimhse ghearr le chéile, mhair a gcaidreamh ar feadh na mblianta.
Níor tháinig Celan chuige féin ó uafáis an chogaidh agus ó bhás a mhuintire, agus bádh sa Seine i 1970 é nuair a chaith sé é féin den droichead le teann éadóchais. Malina is ainm don úrscéal a scríobh Bachmann lena chaoineadh. Arsa sí: ‘Tá deireadh le mo shaol féin [chomh maith]. Bádh san abhainn é [Celan] le linn na hathlonnaíochta.’ (Is tagairt d’athlonnú agus do dhíothú na nGiúdach ach sa bhfocal Transport sa mbuntéacs).[3]
Caidrimh eile :
- Max Frisch, úrscéalaí agus drámadóir as an Eilvéis. Bhí a gcaidreamh fada agus casta, agus ar éigean a d'fhéadfadh críoch níos measa a bheith air.
- Eugenio Montale, file Iodálach mór le rá – is minic a luaitear suim intleachtúil eatarthu, cé nach bhfuil sé soiléir an raibh siad i gcaidreamh rómánsúil.
- Henry Kissinger, taidhleoir na S-A. Deir Ina Hartwig ina beathaisnéis Wer war Ingeborg Bachmann? Eine Biographie in Bruchstücken (2017)[1] go raibh caidreamh pearsanta idir Bachmann agus Kissinger. De réir Hartwig, bhuail an bheirt lena chéile i 1955 ag Scoil Samhraidh Harvard, áit a raibh Bachmann mar scoláire agus Kissinger mar léachtóir. Léiríonn Hartwig, tar éis di agallamh a chur ar Kissinger agus rochtain a fháil ar a gcomhfhreagras, go raibh an caidreamh, a mhair cúpla bliain, i bhfad níos mó ná cairdeas. Dúirt Kissinger léi go raibh sé an-tógtha le Bachmann; bhí sé pósta ag an am agus clann aige.
- Hans Werner Henze (1926–2012) – cumadóir ceoil Gearmánach sa Róimh. D’oibrigh siad ar roinnt tionscadal le chéile, lena n-áirítear libretti do cheoldrámaí, m.sh. Der Prinz von Homburg. Cé nach raibh an caidreamh rómánsúil, ba cheann de na caidrimh chruthaitheacha is torthúla le linn a saoil.
Gaeilge
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Ingeborg Bachmann Dánta Aistrithe ag Isobel Ní Riain in 2022,[4]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Max Frisch, Paul Celan, Henry Kissinger,
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 "Wer war Ingeborg Bachmann? - Ina Hartwig | S. Fischer Verlage" (de). www.fischerverlage.de. Dáta rochtana: 2025-05-10.
- ↑ "Gruppe 47" (as de) (2025-05-09). Wikipedia.
- ↑ Diarmuid Johnson (2018). "Ná Ligimis Maidí Na Staire Le Sruth ...". Comhar 78 (11): 23–25. ISSN 0010-2369.
- ↑ Isobel Ní Riain (2022-08-18). "Ingeborg Bachmann Dánta" (ga-IE). Coiscéim 2022, ISBN 6660012220304. Dáta rochtana: 2025-05-10.