Jump to content

Imscrúdú na Cúirte Bhreithiúnais Idirnáisiúnta maidir le forghabháil na hIosrael ar chríocha Palaistíneacha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtImscrúdú na Cúirte Bhreithiúnais Idirnáisiúnta maidir le forghabháil na hIosrael ar chríocha Palaistíneacha
Íomhá
Cineálcás dlí Cuir in eagar ar Wikidata
PríomhábharIsraeli–Palestinian conflict (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cúirtan Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta Cuir in eagar ar Wikidata
Croineolaíocht
International Court of Justice advisory opinion on the Israeli occupation of Palestinian territory (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Agóid i Londain sa bhliain 2023

Thosaigh Imscrúdú na Cúirte Bhreithiúnais Idirnáisiúnta maidir le forghabháil na hIosrael ar chríocha Palaistíneacha sa Háig ar 19 Feabhra 2024.[1] Baineann an cás le gníomhartha a rinne Iosrael roimh an ionsaí ar Gaza in 2023.[2][3]

Cúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta

Na héisteachtaí

[cuir in eagar | athraigh foinse]

D’iarr ionadaithe na Palaistíne ar bhreithiúna na Náisiún Aontaithe a dhearbhú go bhfuil forghabháil Iosrael ar a gcríoch mídhleathach.[2]

Dhiúltaigh Iosrael freastal ar na héisteachtaí. Níor sheol Iosrael ach aighneacht i scríbhinn chuig an Chúirt agus ní raibh aon dlíodóir de chuid Iosrael i láthair le linn na n-éisteachtaí poiblí.[4] Mhaígh an ráiteas scríofa cúig leathanach go bhfuil na ceisteanna a chuir Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe claonta.[2]

Seasamh na hÉireann

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Éire ar cheann de leathchéad tír a raibh aighneachtaí á gcur faoi bhráid na cúirte acu maidir le forghabháil na Iosraelach ar chríocha Palaistíneacha.

Thug Ard-Aighne na hÉireann, Rossa Fanning, thar ceann an Rialtais, le fios go bhfuil sárú tromchúiseach á dhéanamh ag stát Iosrael ar chearta Palaistíneach in Gaza, sa Bhruach Thiar agus in áiteanna eile sa Neasoirthear.[4] Dúirt sé go bhfuil oibleagáid ar stáit éagsúla comhoibriú le deireadh a chur leis an leatrom atá na hIosraelaigh a dhéanamh ar na Palaistínigh. Chuige sin, arsa sé, ba cheart do stáit athbhreithniú a dhéanamh ar na socruithe trádála atá acu le háitribh mhídhleathacha Iosraelacha sna críocha Palaistíneacha lena chinntiú nach bhfuil siad ag tacú de facto leis na háitribh sin.

Thug sé le tuiscint freisin gur léir go bhfuil na hIosraelaigh – idir an stát agus na lucht na n-áitreabh mídhleathach – go bhfuil siad ag forghabháil tuilleadh talaimh diaidh ar ndiaidh an t-am ar fad.[5][4]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Béarla: Legal consequences arising from the policies and practices of Israel in the occupied Palestinian territory including East Jerusalem by the International Court of Justice (ICJ) from a resolution adopted by the United Nations
  2. 2.0 2.1 2.2 extrag.ie (2024-02-19). "Palaistíne ag pléadáil i-ndeora-ar an gcúirt idirnáisiúnta" (ga-IE). Dáta rochtana: 2024-02-23.
  3. agallamh RnaG le Angus Lambkin, Oibrí Daonchairdis le NORCAP agus leis na Náisiún Aontaithe. (2024-02-22). "Tús Áite: Cruinniú sa Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta" (en). RTE Radio. Dáta rochtana: 2024-02-23.
  4. 4.0 4.1 4.2 Éisteachtaí na Cúirte ar Youtube (2024). "Third Hearing: ICJ on Israeli Policies in Occupied Palestinian Territories | United Nations" (as en). 
  5. Nuacht RTÉ (2024-02-22). ""Oibleagáid ar stáit comhoibriú ar son na bPalaistíneach"" (as ga-IE).