Imoibreoir modúlach beag

Is éard atá i gceist le himoibreoirí modúlacha beaga (IMBanna) ná áicme bheartaithe d'imoibreoirí eamhnacha núicléacha, atá níos lú ná imoibreoirí núicléacha traidisiúnta, ar féidir iad a thógáil in aon láthair amháin (amhail monarcha), agus ansin iad a sheoladh, a choimisiúnú agus a oibriú ar shuíomh ar leith. Tagraíonn an téarma IMB don mhéid, don acmhainn agus don tógáil modúlach amháin, ní don chineál imoibreora agus don phróiseas núicléach a chuirtear i bhfeidhm. Tá idir leaganacha de dhearaí reatha atá laghdaithe síos agus de dhearaí 'glúin IV' i gceist. Tá imoibreoirí teirmeacha-neodrón agus imoibreoirí neodrón araon molta, mar aon le samhlacha d'imoibreoirí gásfhuaraithe agus salainn- leáite.[1]
Dearadh IMBanna tráchtála chun aschur cumhachta leictreachais a sheachadadh chomh híseal le 5 MWt (leictreach) agus suas le 300 MWt in aghaidh an mhodúil. Féadfar IMBanna a dhearadh do théamh díshalannaithe nó saoráide amháin seachas leictreachas. Tomhaistear na IMBanna seo i meigeavatanna teirmeacha MWt. Braitheann go leor dearaí IBM ar chóras modúlach, rud a ligeann do chustaiméirí modúil a chur leis go simplí chun aschur leictreach atá ag teastáil a bhaint amach.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Berniolles (2019-11-29). “De-mystifying small modular reactors” (en-GB). Sustainability Times. Dáta rochtana: 2020-04-16.