Imbhualadh sa Mhuir Thuaidh, 2025
| |||||
| Cineál | ship collision (en) | ||||
|---|---|---|---|---|---|
| Dáta na bliana | 10 Márta 2025 (09:48. Meánam Greenwich) | ||||
| Suíomh | an Mhuir Thuaidh | ||||
| Tír | an Ríocht Aontaithe | ||||
| Earra a úsáidtear | IMO 9322554 (IMO ship number (en) | ||||
| Earra a úsáidtear | Stena Immaculate (IMO ship number (en) | ||||
| Is cúis le | dóiteán environmental disaster (en) | ||||
| Imscrúduithe ag | Marine Accident Investigation Branch | ||||
Ar an 10 Márta 2025, polladh tancaer breosla nuair a bhuail lastlong fúithi amach ó inbhear Humber, thart ar 16 km amach ó chósta Yorkshire Thoir.. Phléasc an tancaer - an MV Stena Immaculate - ar an bpointe agus chuaigh an lastlong - an Solong - le thine chomh maith.[1]



Imeachtaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí an Stena faoi bhratach Stáit Aontaithe Mheiriceá, ach bhí úinéir an tancaeir, Stena Bulk, sa tSualainn. Bhí sí ar cheann de 10 tancaer ola a bhí ar léas ag Rialtas Mheiriceá le breosla a sheoladh chuig fórsaí armtha na tíre i gcéin.
De réir lucht anailíse mara ar an suíomh Marine Traffic bhí an Stena Immaculate (183 méadar faid) ar ancaire amach ó Immingham, in oirthuaisceart Shasana, nuair a bhuail an Solong (140 méadar faid agus de chuid na Poirtingéile) í. Ar a bealach go Rotterdam a bhí an long lastais.[2]
Bhí 220,000 bairille de bhreosla scairdeitleán ar an tancaer agus sceith cuid di san fharraige. Bhí an lastlong ag imeacht le sruth ó tharla an tubaiste. Bhí púir dhubh dheataigh le feiceáil san aer amach ón gcósta.
Cuireadh fios ar héileacaptar tarrthála an Gharda Cósta as Humberside, chomh maith le báid tarrthála as Skegness, Bridlington, Maplethorpe agus Cleethorpes, agus aerárthach sciathán dobhogtha Gharda Cósta an Rítheaghlaigh, agus árthaigh a bhí i ngaobhar a raibh áiseanna comhrac dóiteáin ar bord acu.[1] Tugadh 36 duine slán ach ar an drochuair fuair mairnéalach amháin ar an Solong bás.
Iarmhairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Neamhinniúlacht ba chúis leis an eachtra. Bhí an Captaen, fear 59 bliain d'aois gafa ag na póilíní i Sasana an lá dár gcionn. Faoi dhúnorgain de bhíthin mórfhaillí a gabhadh an fear.[3] I limistéar ina mbíonn trácht mhór farraige anonn is anall go dtí an Ísiltír agus an Ghearmáin a tharla an tubaiste. Bhí brat ceo ann ag an am agus ní raibh an léargas ró-mhaith, ach ba bheag an leithscéal é.
Cuireadh beartais frith-thruailliú i bhfeidhm de bharr na timpiste. Bhí an domhnaíocht éan mara, iasc, mamach, plandaí agus eile i mbaol ón truailliú – ogastúin agus deilfeanna ina measc.[4]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 "30 duine tugtha i dtír tar éis timpiste sa Mhuir Thuaidh" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-03-10). Dáta rochtana: 2025-03-11.
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-03-10). "Criú tancaer ola ina mbeatha tar éis taisme le long lastais" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-03-11). "Fear gafa faoi thubaiste sa Mhuir Thuaidh" (as ga-IE).
- ↑ Le Monde (2025-03-11). "UK makes manslaughter arrest of cargo ship's captain after North Sea crash" (en). Dáta rochtana: 2025-03-11.
