Imbhualadh aeir i Washington D.C., 2025
Ar an 29 Eanáir 2025, bhuail eitleán paisinéirí agus héileacaptar míleata faoina chéile san aer in aice leis an aerfort náisiúnta Ronald Reagan in Washington DC. Ba le PSA Airlines, fochomhlacht de chuid American Airlines, an t-eitleán,[1] scairdeitleán réigiúnach CRJ 701ER de chuid Bombardier. Sikorsky UH-60 a bhí sa héileacaptar, a dtugtar "Black Hawk" uirthi freisin.[2] [3]




Imeachtaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tháinig an t-eitleán ó Wichita, Kansas agus bhí sí i mbéal tuirlingt in Aerfort Náisiúnta Reagan i Washington D.C. nuair a tharla an tubaiste ag 8.47pm am áitiúil (1.47am am na hÉireann). Chuaigh an t-eitleán trí thine mar gheall ar an mbrúscán, agus thit de ráib isteach in Abhainn an Potomac. Maraíodh 67 duine in iomlán; bhí 64 duine ar an eitleán – ceathrar oibrithe criú ina measc – agus bhí triúr saighdiúirí sa héileacaptar. Bhí foireann oighearscátálaithe i measc na bpaisinéirí ar Eitilt AA 5342.
Cúpla nóiméad sula raibh sé sceidealta dul i dtír, tugadh cead d’Eitilt 5342 druidim le rúidbhealach 33 (athraíodh an rúidbhealach). Bhí an t-eitleán ag druidim leis an rúidbhealach, 120 méadar ón talamh (agus luas de thart ar 140msu), nuair a tharla an t-imbhualadh. Bhí luas an Black Hawk i bhfad níos airde ag an am. Tharla pléascadh agus bhí splanc solais sa spéir le feiceáil ar an CCTV..
Fuarthas an dá thaifeadán eitilte – na boscaí dubha, mar a thugtar orthu – ón eitleán. Bhí mionsonraí digiteacha faoi chonair na heitilte i gceann de na taifeadáin agus bhí a ndúirt na píolótaí i gcaitheamh na heitilte sa cheann eile.[4]
D’eisigh an dream a bhíonn ag plé leis an scátáil fhíorach sna Stáit Aontaithe ráiteas inar dheimhnigh siad go raibh roinnt ball dá bhfoireann ar an eitilt as Wichita idir lúthchleasaithe agus chóitseálaithe.[5]
Cúis
[cuir in eagar | athraigh foinse]Choinnigh an t-eitleán a chúrsa agus rianaigh an héileacaptar cúrsa contúirteach. De réir an New York Times, is rialtóir aerthráchta amháin a bhí ag tabhairt treoracha don eitleán agus don héileacaptar araon cé gur cheart beirt a bheith ann de réir nóis agus cleachtaidh. Agus ag 90 méadar ón talamh, is cosúil go raibh an héileacaptar ró-ard (30 méadar ró-ard) sa cheantar sin.
Bhí amhras caite ag Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump ar ghníomhartha phíolótaí an héileacaptair agus ar na treoracha a thug na rialtóirí aerthráchta san aerfort dóibh.[2] “Cén fáth nach ndeachaigh an héileacaptar suas nó anuas, nó casadh? Cén fáth nár inis an túr rialaithe don héileacaptar céard ba cheart dóibh a dhéanamh seachas fiafraí díobh an bhfaca siad an t-eitleán?” an cheist a bhí ag an Uachtarán Trump. Dúirt an tUachtarán Donald Trump “gur chóir go seachnófaí an timpiste” agus mar aguisín ar phostáil ar mheáin shóisialta, scríobh sé “NOT GOOD!!!”.[5]
Conspóid
[cuir in eagar | athraigh foinse]Siúd agus an fiosrúchán ach ina thús, chuir Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump an milleán faoin tubaiste ar rialacha maidir le hilchineálacht agus comhionannas san ionad oibre a thug an rialtas Biden, dar leis. Bean a bhí ina captaen san héileacaptar (in éineacht le sáirsint Ryan O’Hara agus Andrew Eaves). Níor tugadh aon eolas fúithi, rud a bhí an-neamhghnách agus an-aisteach. Ceathrar lá níos déanaí, ainmníodh an bhean, Captaen Rebecca Lobach, agus sise a bhí i mbun ag an am, is cosúil.[6] Mhaígh na meáin shóisialta gur leispiach a bhí inti.[7][8]
Is cosúil gurb é bhí ar intinn ag Trump nach raibh na dintiúir chuí ag daoine áirithe a bhfuil poist chinniúnacha acu agus gur de ghrá na hilchineálachta amháin a tugadh na poist sin dóibh.[4] Ní raibh aon cheilt ar an gciníochas agus ar an bhfuathchaint ina chuid ráiteas, a tharraing conspóid ollmhór.[9]
Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar an 13 Eanáir 1982, maraíodh 78 duine i dtimpiste eitleáin eile i Washington D.C., nuair a thit Air Florida Eitilt 90 (Boeing 737) san abhainn Potomac. Iomrall tromchúiseach breithiúnais a rinne na píolótaí (an chúis is mó a bhíonn le timpistí).
Ar an 31 Eanáir 2025, tharla tuairt eile i bPennsylvania; maraíodh seachtar.[10]
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ American Airlines Flight 5342
- ↑ 2.0 2.1 Nuacht RTÉ (2025-01-30). "Na scórtha maraithe i dtubaiste aeir in Washington" (as ga-IE).
- ↑ extrag.ie (2025-01-30). "Washington: Fuarthas corpáin i dtimpiste eitleáin 64 ar bord" (ga-IE). Dáta rochtana: 2025-01-31.
- ↑ 4.0 4.1 Nuacht RTÉ (2025-01-31). "Taifeadáin eitilte ón tubaiste aeir in Washington faighte" (as ga-IE).
- ↑ 5.0 5.1 "Meastar nár tháinig aon duine slán ón timpiste aeir in Washington" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-01-30). Dáta rochtana: 2025-02-01.
- ↑ New York Times (2025-02-05). "Conditions May Have Stymied Black Hawk Crew Before Fatal Crash". archive.is. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2025-02-05. Dáta rochtana: 2025-02-05.
- ↑ Michele Theil (2025-02-03). "JD Vance retracts DEI slur after final Washington crash pilot's name is released" (en-US). PinkNews | Latest lesbian, gay, bi and trans news | LGBTQ+ news. Dáta rochtana: 2025-02-05.
- ↑ "Was Blackhawk pilot Rebecca Lobach's name kept secret for a reason? Here's what we know". The Times of India (2025-02-04). Dáta rochtana: 2025-02-05.
- ↑ "'White nationalist agenda': Professor slams Trump's 'racist, sexist' DEI comments" (en). MSNBC.com. Dáta rochtana: 2025-01-31.
- ↑ "Med Jets Flight 056" (as en) (2025-02-01). Wikipedia.