Idirnascaire leictreachais
Cuma

Is éard atá i gceist le idirnascaire leictreachais[1] ná bonneagar ardvoltais (línte cumhachta, cáblaí agus stáisiúin) a nascann eangach leictreachais i réigiún nó tír amháin le heangach leictreachais i réigiúin nó dtíortha eile.[2]
Sna 2020idí, tá Éire ag obair chun nasc leictreachais a fhorbairt idir í féin agus an Fhrainc. Tugtar an tIdirnascaire Ceilteach ar an nasc sin.
Idirnascairí in Éirinn
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá cúpla buntáiste ag baint le idirnascairí in Éirinn:
- Ó táthar ag cur le foinsí fuinnimh an Stáit agus ó tá tuilleadh iomaíochta ann nuair a osclaíonn idirnascaire, is féidir le praghsanna mórdhíola leictreachais a bheith níos ísle.
- Tá idirnascairí go maith ó thaobh na slándála de; má chliseann foinse amháin, nó péire, féadfar dul i muinín na gcinn eile i gcónaí.
- Is ó fheirmeacha gaoithe agus ó ghás nádúrtha a ghintear an chuid is mó de sholáthar leictreachais an Stáit fós. Mar le hoibleagáidí dlíthiúla na hÉireann i leith athrú aeráide, níl an Stát freagrach go hoifigiúil as astaíochtaí carbóin ó leictreachas a cheannaítear isteach.[3]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Línte tarchuir srutha dhírigh ardvoltais
- Idirnascaire Ceilteach
- Idirnascaire Greenlink
- Srutha dhírigh ardvoltais (SDAV)[4]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ i mBéarla, electricity nterconnector nó DC tie
- ↑ climatejargonbuster.ie (2024). "Idirnascaire Leictreachais" (ga-IE). Treoir ar Bhéarlagair Aeráide. Dáta rochtana: 2025-04-16.
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-04-16). "Idirnascaire aibhléise le soláthar a choinneáil le 380,000 teach" (as ga-IE).
- ↑ i mBéarla, high-voltage direct current nó HVDC
![]() | Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |