Jump to content

Idirnascaire Greenlink

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Sir Benfro sa Bhreatain Bheag

Cábla ramhar ardvoltachta 190 ciliméadar ar a fhad atá san Idirnascaire Greenlink a leagadh faoi mhuir den chuid is mó, agus faoi thalamh freisin, idir Sir Benfro sa Bhreatain Bheag agus an tOileán Mór i Loch Garman.[1] Osclaíodh go hoifigiúil an t-idirnascaire ar an 16 Aibreán 2025.[2]

Tá sreabhráta fuinnimh de 500 meigeavata san idirnascaire a mbeidh sé d'acmhainn aige soláthar a choinneáil le tuairim is 380,000 teach. Chomh maith le soláthar a cheannach isteach le haghaidh mhuintir na hÉireann, tá sé i gceist ag an Stát aon fharasbarr a dhíol thar tír amach le stáit eile.

Deich mbliana a ghlac sé an togra a chur i gcrích ó bhuncheapadh go dlaoi mhullaigh, idir 2015-2025.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Nuacht RTÉ (2025-04-16). "Idirnascaire aibhléise le soláthar a choinneáil le 380,000 teach" (as ga-IE).
  2. "Ireland’s newest electricity interconnector opens" (en). www.farmersjournal.ie. Dáta rochtana: 2025-04-26.