Iascach Intíre Éireann

Is gníomhaireacht stáit é Iascach Intíre Éireann (IIÉ),[1] freagrach as bainistíocht iascaigh d'iasc fionnuisce agus iasc cósta lastigh de 12 muirmhíle amach ón gcósta. Tá gníomhaireacht eile ann, Bord Iascaigh Mhara, freagrach as iascach lasmuigh den teorainn úd.
Sa bhliain 2024, ba é ráiteas misin an IIÉ ná:
- "We are the environmental agency responsible for protecting, managing and conserving Ireland's inland fisheries and sea angling resources."
Stair na reachtanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chuir The Fisheries (Ireland) Act 1842 Boird Chaomhnóirí réigiúnacha i bhfeidhm, le haghaidh rialú agus caomhnú iascach. Sa bhliain 1951, bunaíodh Iontaobhas Iascaigh Intíre Ioncorportha d'iascaigh phoiblí. Leis an Acht Iascaigh 1980, bunaíodh An Príomh-Bhord Iascaigh in ionad na mBord agus an Iontaobhais.
Sa deireadh, bunaíodh Iascach Intíre Éireann ag an Acht um Iascach Intíre 2010 in ionad an Phríomh-Bhoird. Tharla an t-athchóiriú go pointe áirithe chun airgead a shábháil tar éis an ghéarchoir chun donais eacnamaíoch sa bhliain 2008, ach fosta mar athrú ó dhúshaothrú eacnamaíoch go caomhnú an dúlra.
Eachtraí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Maraíodh os cionn 1,000 iasc nuair a truaillíodh fad ciliméadair den Abhainn Bhéal Átha na nEach i gCo an Chabháin ar an 12/13 Iúil 2025.[2] Bhí breac buí, an garmachán, an pincín agus an róiste i measc na n-iasc a maraíodh. Chuir IIÉ an dlí ar dhuine a bhí bainteach leis an slad ar éisc i[3]
Struchtúr
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá sé cheantar abhantraí ann, agus oifig IIÉ ag gach ceann acu:
- Oirthear (Baile Átha Cliath)
- Oirdheisceart (Cluain Meala)
- Iardheisceart (Maigh Chromtha)
- An tSionainn (Luimneach)
- Iarthair (Gaillimh agus Béal an Átha)
- Iarthuaisceart (Béal Átha Seanaidh).
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ I mBéarla, Inland Fisheries Ireland IFI
- ↑ "IFI statement re fish kill at Ballinagh River, Cavan | Inland Fisheries Ireland" (en). www.fisheriesireland.ie (2025-07-14). Dáta rochtana: 2025-09-29.
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-09-29). "'Iascach Intíre Éireann leis an dlí a chur ar thruaillitheoirí'" (as ga-IE).
Earráid leis an lua: <ref> tag with name "InlandFisheriesTrust1951" defined in <references> is not used in prior text.
Earráid leis an lua: <ref> tag with name "FisheriesAct1980" defined in <references> is not used in prior text.
Earráid leis an lua: <ref> tag with name "FisheriesAct2010" defined in <references> is not used in prior text.
Earráid leis an lua: <ref> tag with name "InlandFisheriesBill2009" defined in <references> is not used in prior text.
Earráid leis an lua: <ref> tag with name "iie_whoweare" defined in <references> is not used in prior text.
<ref> tag with name "iie_structure" defined in <references> is not used in prior text.