Iarsmalann na gCaidreamh Briste
| Iarsmalann na gCaidreamh Briste | ||||
|---|---|---|---|---|
| Lipéad sa teanga dhúchais | (hr) Muzej Prekinutih Veza | |||
| Sonraí | ||||
| Cineál | Músaem | |||
| Foirgníocht | 2010 | |||
| Dáta na hoscailte oifigiúla | 2010 | |||
| Suíomh geografach | ||||
| Limistéar riaracháin | Ságrab, An Chróit | |||
| Suíomh | 2 Sv. Ćirila i Metoda | |||
| ||||
| Suíomh gréasáin oifigiúil | brokenships.com | |||



Iarsmalann thar a bheith neamhghnách i gcathair Shágraib sa Chróit is ea Iarsmalann na gCaidreamh Briste,[1] Bronnadh an gradam Kenneth Hudson uirthi in 2011 as a bheith ar an iarsmalann is nuálaí san Eoraip. Meallann sí os cionn 100,000 cuairteoir in aghaidh na bliana.[2]
Míníonn téacs ag an mbealach isteach don chuairteoir:
“Tugtar aitheantas inár gcuid sochaithe do bhainiseacha, do shochraidí, do shearmanais bhronnta céimeanna agus a leithéidí, ach diúltaítear dúinn searmanas a mharcálfadh go foirmeálta deireadh caidrimh.”
Caidreamh briste idir beirt ealaíontóirí ón gCróit, an scannánaí Olinka Vištica agus an dealbhóir Dražen Grubišić, a spreag an iarsmalann an chéad lá riamh – stuif acu nár theastaigh ó cheachtar acu a choinneáil ach nach raibh sé de chroí acu a chaitheamh amach ach oiread. Chuir siad smidiríní a gcaidrimh bhriste féin ar taispeáint. Inniu tugann a n-iarsmalann deis do dhaoine ón domhan ar fad a leithéidí de chuimhneacháin a bhronnadh ar an músaem le go gcuirfear ar taispeáint iad.[3][2]
Tá Músaeim na gCaidreamh Briste le fáil i Chiang Mai sa Téalainn chomh maith.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ I mBéarla, Museum of Broken Relationships, Zagreb, Croatia
- 1 2 Alex Hijmans (4 Aibreán 2026). "Smidiríní an ghrá in Iarsmalann na gCaidreamh Briste" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-04-09.
- ↑ Foilsíodh leabhar faoi.... (2017-11-08). "Museum of Broken Relationships" (en-US). Hachette Book Group. Dáta rochtana: 2026-04-09.
