Iarmhairt Ouzo

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
An iarmhairt ouzo le linn ullmhúcháin apsainte

Is í an iarmhairt ouzoeibleacht bhainniúil ola-in-uisce a cruthaítear nuair a cuirtear uisce isteach in ouzo nó i licéarbiotáille eile de bhlas ainíse, nós pastis rakı, arak, sambuca nó apsainte. Ní mór ach meascadh íostach le haghaidh a leithéid eibleachtaí seo a chruthú, agus tá siad go han-cobhsaí.[1]

Próiseas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tarlaíonn an iarmhairt ouzo nuair a thuaslagtar bláthola láidir-hidreafóbach, nós tras-anatóil (en), i dtuaslagóir is somheasctha le huisce, nós eatánóil, agus a íslítear tiúchan an eatánóil trí mhéideanna beaga uisce a chur leis.

Go hiondúil, ní cobhsaí iad na heibleachtaí ola-in-uisce, amhlaidh is an-neamhghnách í an eibleacht seo. I dtromlach na tuaslagán, comhtháthaíonn na braoin ola go dtí go bhfuil an ola agus an uisce scartha go léir óna chéile. Le haghaidh cosc a chur air seo, ní mór gníomhaí dromchlach a chur isteach sa tuaslagán nó go mbítear dá chorrach go féiltiúil. Áfach, i meascadh uisce-agus-ouzo, ar choinníoll gur méid mhór uisce atá ann seo, tarlaíonn an comhtháthú seo go drámata níos fadálaí.

Feidhmeanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá ag na heibleachtaí a lán feidhmeanna tráchtála – mar shampla, i dtáirgí bia ullmhaithe, i nglantaigh, agus i dtáirgí corp-aire. Tá súil ag na heolaithe gurbh fhéidir an iarmhairt ouzo a úsáid chun níos mó táirgí a chruthú; táirgí nach féidir a dhéanamh go tráchtála go dtí seo mar nach féidir dóigh shaor go leor a fháil a chuirfeadh cosc ar na heibleachtaí a scairt óna chéile. Toisc go bhfuil an eibleacht tugtha ag an iarmhairt ouzo chomh cobhsaí, níorbh fhadhb é seo a thuilleadh dá gheofaí caoi leis an eibleacht áirithe seo a úsáid sa mhonarú tráchtála.[2]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Wayback Machine" (2009-03-18). Dáta rochtana: 2018-07-20.
  2. Fran�ois Ganachaud, Joseph L. Katz (2005-02-11). "Nanoparticles and Nanocapsules Created Using the Ouzo Effect: Spontaneous Emulsification as an Alternative to Ultrasonic and High-Shear Devices" (in en). ChemPhysChem 6 (2): 209–216. doi:10.1002/cphc.200400527. ISSN 1439-4235.