Iabairiú
| Jabiru mycteria | |
|---|---|
| Sonraí | |
| Réise sciathán | 245 cm |
| Meánlíon in ál | 3.2 |
| Stádas caomhnaithe | |
| Speiceas is lú imní | |
| UICN | 22697710 |
| Tacsanomaíocht | |
| Aicme | Aves |
| Ord | Ciconiiformes |
| Fine | Ciconiidae |
| Treibh | Leptoptilini |
| Géineas | Jabiru |
| Speiceas | Jabiru mycteria (Lichtenstein, 1819) |
| Ainmníocht | |
| An chéad ainm Laidine a bhí air | Ciconia mycteria |
| Léarscáil de raon an tacsóin | |
Storc mór is ea an iabairiú (Laidin: Jabiru mycteria),[1] a fhaightear i Críocha Mheiriceá ó Mheicsiceo go dtí an Airgintín, ach amháin siar ó na hAindéis. Bíonn sé ag fánaíocht thart sna Stáit Aontaithe uaireanta, go hiondúil in Texas, ach tuairiscítear é a bheith chomh fada ó thuaidh le Mississippi. Thar aon áir eile bíonn se ar fáil i réigiún Phantanal na Brasaíle agus i réigiún Oirthear Chaco i bParagua. Is é an t-aon bhall den ghéineas Jabiru. Tagann an t-ainm ón teanga Tupi-Guaraní agus ciallaíonn sé "muineál ata".
Tacsanomaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rinne Hinrich Lichtinstéin cur síos ar an iabairiú i 1819. Baineadh úsáid as an ainm jabiru freisin le haghaidh dhá éan eile de ghéineas ar leith: storc píbdhubhl (Ephippiorhynchus asiaticus ), ar a dtugtar "jabiru" go coitianta san Astráil ; agus uaireanta freisin do storc Seineagálach (Ephippiorhynchus senegalensis ) na hAfraice Fho-Shahárach . Go háirithe, creidtear go léiríonn iairiglif Éigipteach G29 Ghardiner, an E. senegalensis, agus uaireanta tugtar "jabiru" air i liostaí na n-iairiglifí mar "jabiru" Creidtear gurb iad an Ephippiorhynchus na col ceathracha beo is gaire don iabairiú, rud a thugann le fios gur de bhunadh an tSean-Domhain don speiceas.[2]
D’fhéadfadh gur in iabairiú i ndáiríre, an géineas stiorca iontaise atá beartaithe Prociconia ón Phléisticéineach Déanach. Fuarthas speiceas iontaise d'iabairiú i bhFoirmiú an Phléicéinigh Luaith sa bhFoirmíocht Codore in aice le Urumaco, Veiniséala.[3]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““Jabiru mycteria” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-05-22.
- ↑ Hancock & Kushan, Storks, Ibises and Spoonbills of the World.
- ↑ Walsh (2008). "The first Cenozoic fossil bird from Venezuela". Paläontologische Zeitschrift 82 (2): 105–112. doi:.