I Sacsaibh na séad i gcéin óm dhúchas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Chum Eoghan Rua Ó Súilleabháin an dán I Sacsaibh na séad i gcéin óm dhúchas agus Cogadh Saoirse Mheiriceá ar siúil.

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tugann an t-údar le fios gur preasáladh é agus go raibh se i Sasana nuair a chum sé an saothar. Deirt sé freisin go raibh sé "in arm 's in éide gléasta". Ach is iad na hoifigigh amháin a chaitheadh éide i gcabhlach na Breataine san ochtú céad déag. Mar sin, cheap Eoghan Caomhánach, scríobhaí a chóip an dán sa bhliain 1825, gur aistrigh Eoghan Rua ón gcabhlach go dtí an t-arm. Ceapann an scoláire Vincent Morley go bhfuil míniú níos simplí agus níos sochreidte ar fhianaise na haislinge - cé nach gcaitheadh gnáth-mhairnéalach éide, chaitheadh saighdiúirí an chabhlaigh, na muirshaighdiúirí, cótaí dearga mar a dhéanadh saighdiúirí an airm. Níorbh fhurasta na muirshaighdiúirí seo a earcú - bhí pá na mairnéalach níos fearr agus saol na saighdiúirí níos sócúlaí ar tír ná ar muir - agus mar sin bhí tábhacht ar leith leis an bpreasálacht i gcás shaighdiúirí an chabhlaigh. Bhíodh na díormáí preasála gníomhach i gcalafoirt na Mumhan agus tá iomrá an réice ar Eoghan Rua - ní deacair a shamhlú go bhféadfaí é a ghabháil i gcuideachta lucht ragairne agus a sheoladh amach thar cuan amach.

Dáta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is deacair dáta cruinn a lua leis an saothar toisc nach bhfuil tagairtí ann d'imeachtaí a bhí ar siúl ag an am. Sa leabhar Eoghan Ruadh Ó Súilleabháin, 1784, dúirt Risteard Ó Foghludha go bhfaca sé cóip den aisling i leabhar a scríobh Seán Ó Súilleabháin i Mala i gContae Chorcaí sa bhliain 1778. Tá deacrachtaí nach beag ag baint leis an dáta seo, áfach. Is léir go raibh Eoghan Rua in Éirinn i samhradh na bliana 1778, tráth a chum sé Tá an cruatan ar Sheoirse. Is léir freisin go raibh sé in Éirinn i Lúnasa na bliana 1781, nuair a chum sé barántas dá chomhfhile Muiris Ó Gríofa. Más rud é gur preasáladh Eoghan Rua i dtreo dheireadh na bliana 1778, ní móide go scaoilfí abhaile é chomh luath le 1781, dhá bhliain sular chríochnaigh an cogadh. Lena chois sin, chum sé amhrán i mBéarla (Rodney's Glory) a thacaíonn leis an tuairim go raibh se i láthair ag an gcath a troideadh idir cabhlaigh na Fraince agus na Breataine ag Îles des Saintes sna hIndiacha Thiar, an 12 Aibreán 1782; bua mór don Aimiréal George Rodney a bhí ann, a chinntigh go mbeadh an lámh in uachtar ag an mBreatain i Muir Chairib feasta. Mar sin, meastar go mb'fhéidir go raibh dul amú ar Ó Foghludha maidir le dáta na lámhscríbhinne, gur chaith an file téarma amháin mar mhuirshaighdiúir (ó 1781 go 1783) agus gur chum se an dán seo le linn na tréimhse sin.

Mothúcháin an fhile[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá easpa dóchais maidir le cúrsa an chogaidh le brath sa dán seo. Cheap an file go raibh na Briotanaigh "ró-thréan i mbarcaibh" - tuairim nár dheacair a thuiscint más amhlaidh gur cumadh an saothar i ndiaidh bua Rodney i gcath Les Saintes. Ach d'fhéadfaí éadóchas Uí Shúilleabháin a mhíniú ar bhealaigh eile. B'fhéidir go ndeachaigh an chumhacht mhíleata agus an saibhreas a chonaic sé i gcalafoirt Shasana i gcion air. B'fhéidir gurb é a dhrochchás féin a bhí ag cur isteach air. Baineann sé le hábhar freisin go raibh Eoghan Rua ag scríobh chuig cara: "Seán seasmhach saor de phriomhshliocht Eachaidh / is é do ghlacfaidh tú i gcion; / is tabhair dó féin tar aon dem charaid / mo bhé gan taisce cumhdaigh." B'fhéidir go mbeadh léiriú níos macánta ar thuairimí an fhile ar fáil in aiste phríobháideach na i saothar a cumadh don phobal i gcoitinne.

An chéad véarsa[cuir in eagar | athraigh foinse]

I Sacsaibh na séad i gcéin óm dhúchas / faoi bharra na gcraobh cois cé na stiúrbharc / is mé ag machnamh ar éag na bhflaith is na laoch / i bhfearainnaibh Chéin do turnadh / le Danair i spéirling chúncais / dá gcabhair cidh tréan mé i bhfionntar / ag fearadh mo dhéar go lachtmhar le léan / gan aiteas, gan réim, gan subhachas.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]