Hugo Chávez
Bhí Hugo Rafael Chávez Frias (28 Iúil 1954 – 5 Márta 2013) ina Uachtarán ar Veiniséala, oifigeach airm, pobalóir agus i bhfad amach ar an eite chlé.



Tús a shaoil
[cuir in eagar | athraigh foinse]An dara mac ag beirt mhúinteoir, agus bhí sé ina oifigeach airm óna óige.
Nuair a tharla éiri amach "Caracazo" sa bhliain 1989, bhí roinnt den MBR-200,[1] de chuid Chavez, páirteach in aghaidh na n-agóidí, cé go raibh Chávez é féin tinn leis an bhfiabhras dearg ag an am sin.
Bhí Chavez i mbun dhá coup d'état in 2002, mí Feabhra[2] agus mí na Samhna.[3] Nuair a theip ar éirí amach míleata in aghaidh rialtas na tíre, ina ndearna Chávez agus oifigigh eile iarracht an phríomhchathair a ghabháil, cuireadh chun príosúin é ar feadh dhá bhliain.
Bhunaigh sé "Gluaiseacht na Cúigiú Poblachta"[4] (MVR—Movimiento Quinta República), i 1997.

Uachtaránacht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Toghadh Chávez ina Uachtarán i 1998 mar gheall ar na geallúintí a thug sé go dtroidfeadh sé in aghaidh an bhochtanais agus na caimiléireachta. Ghnóthaigh sé 56% den vóta sa toghchán.
A éachtaí:
- Bhí feachtais oideachais agus sláinte ar bun aige chun 'Réabhlóid Bolivarach' a chur ar bun.
- Bhí iarrachtaí á ndéanamh aige chun comhghuallaíocht a bhunú idir tíortha Mheiriceá Laidineach agus neamhspleáchas a bhaint amach dóibh ó Stáit Aontaithe Mheiriceá. Rinne sé socrú le Cúba chun dochtúirí a fháil le dul i mbun seirbhísí leighis sna bruachbhailte bochta nuair a dhiúltaigh dochtúirí meánaicmeacha a thíre féin tacú lena scéimeanna, agus chuir sé ola saor ar fáil do réimeas Fidel Castro mar íocaíocht. Bhí Veiniséala i mbun cainteanna le tíortha eile sa chomharsanacht chun píblínte gáis a thógáil a chuirfeadh gás nádúrtha ar fáil ar fud Mheiriceá Theas.
Freasúra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí meánaicmí agus uasaicmí Veiniséala i gcoinne Chávez, agus chuir siad caimiléireacht toghcháin, sárú cearta daonna agus cos ar bolg ina leith.
Rinneadh iarracht Chavez a chur as oifig in éirí amach airm ar 11 Aibreán 2002. Ach tháinig slua ollmhór amach ar na sráideanna ag tacú leis agus cuireadh ar ais in oifig é.[5]
Cháin na Stáit Aontaithe ag an am an iarracht ar coup d'état.[6]
Bhuaigh Chávez reifreann i 2004 a d'fhág i gceannas na tíre é. I bhfad ró-ramhar, bhuail ailse é agus d'éag sé ar 5 Márta 2013, in aois 58 bliain dó.
Tháinig Nicolás Maduro, pobalóir agus deachtóir, i gcomharbacht ar Hugo Chávez in 2013.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Revolutionary Bolivarian Movement-200" (as en) (2026-01-16). Wikipedia.
- ↑ "February 1992 Venezuelan coup attempt" (as en) (2026-01-06). Wikipedia.
- ↑ "November 1992 Venezuelan coup attempt" (as en) (2026-01-08). Wikipedia.
- ↑ "Fifth Republic Movement" (as en) (2026-01-05). Wikipedia.
- ↑ Kerron Ó Luain (2026-01-09). "Coup 2002 i Veiniséala: an chéad mhóriarracht an Réabhlóid Bholavarach a threascairt" (ga-IE). An Páipéar. Dáta rochtana: 2026-01-10.
- ↑ Kerron Ó Luain (2026-01-09). "Coup 2002 i Veiniséala: an chéad mhóriarracht an Réabhlóid Bholavarach a threascairt" (ga-IE). An Páipéar. Dáta rochtana: 2026-01-10.